Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Driseachán Driseán
/d′r′išəxān/
ainm-fhocal, fireann
cuid de phutógaí caorach nó gabhar. Bíonn sé siar ó'n gcaolán indiaidh na méadaile móire agus na stéigeachaí. Rud an-fhada é, agus bíonn sé cornuighthe ar a chéile nó go mbeirtear ar chloigeann air. Bíonn ruainne beag de'n bheatha nach mbíonn leaighte thríd an gcaolán fanta sa driseachán. Nuair a baintear as na caoirigh, líontar an driseachán le min-choirce agus rudaí de'n tsórt sin, agus a róstadh annsin ar an teine. Solamar maith é. Tugtar driseachán nó drisín air. Deirtear nach bhfuil fás bliana ar bith is fuide ná driseachán na caorach, ach an dris choille.

Féach freisin

dris