—
cuid de phutógaí caorach nó gabhar. Bíonn sé siar ón gcaolán i ndiaidh na méadaile móire agus na stéigeachaí. Rud an-fhada é agus bíonn sé cornaithe ar a chéile nó go mbeirtear ar chloigeann air. Bíonn ruainne beag den bheatha nach mbíonn leáite thríd an gcaolán fanta sa driseachán. Nuair a baintear as na caoirigh, líontar an driseachán le min choirce agus rudaí den tsórt sin, agus a róstadh ansin ar an tine. Solamar maith é. Tugtar driseachán nó drisín air. Deirtear nach bhfuil fás bliana ar bith is faide ná driseachán na caorach ach an dris choille.