Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drisiúr
ainm-fhocal, fireann
ainmneach iolraidh agus geineamhnach uathaidh = drisiúir
cabhail adhmaid agus seilpeanna air le h-aghaidh gréithí agus soithigh.
+
Is breagh an drisiúr é sin.
Leag ar bharr an drisiúir é
TUILLEADH (2) ▼
Leag isteach in íochtar an drisiúir é = an chuid íochtair (a mbíonn doirse air) de'n drisiúr
Is breagh an ball ar dhrisiúr é = soitheach breagh nó éadálach
·
Ba deas an ball ar dhrisiúr é = duine deas, slachtar, sciúrtha ligthe; duine a bheadh an-ghléasta, an-déanta suas, ach nach mbeadh aon-mhaith ann, ach in a údar suntais

Drisiúr in iontrálacha eile (24)

 
Bhuail daol eicínt é, a's dheamhan soitheach a d'fhága sé ar an drisiúr, nach ndearna sé ceatréabacha dhi. Fhobair nar féadadh é 'cheannsú chor a' bith. An t-ól a d'eirigh sa stuaic aige, is dóigh.
 
Thosuigh mé a' sméarthacht sa drisiúr, gur airigh mé bealthuidheacht bheag fheola ann, a d'fhan d'fhuighleach a' dinnéir, a's d'ith mé suas as cúl mo ghlaice í.
 
beo 1
Ní mór dhuit a bheith beo, bíodhgamhail thairis sin. Leig tú an cut ar a' drisiúr, nó gur dhóirt sé an bainne.
 
airde 1
Féacha 'bhfuil thuas in áirde ar bharr a' drisiúir.
 
D'ól sé a raibh de bhainne in íochtar a drisiúir, gan aireachtáil
 
faon-
D'fhága diabhal eicínt agaibh — croisim aríst sib! — an drisiúr fíonn-oscluithe agus chuaigh na cuit isteach ann gur dhóirt siad an bainne. Slán a mháithreach! Is mór an scrios é, bainne a chur amú mar sin
 
Chaith sí amach na sean-ghréithí ar fad, agus cheannuigh sí fuireann nua. Tá drisiúr ornáilte anois aice. Deir siad go scuabann gach scuab nua glan
 
Caith amach ag na cuit an drioball de scadán sin. Tá sé ag déanamh fíniú san drisiúr le dhá lá. Níorbh fhuláir do dhuine goile Mh. Mh. a d'ith an mhuic chaillte a bheith aige, le drannadh leis sin
+
Tá'n tae istigh in íochtar an drisiúir = sa gcuid thíos de'n drisiúr.
TUILLEADH (1) ▼
Tá'n casúr istigh faoi íochtar an drisiúir = thíos faoi chláracha tónach an drisiúir
 
farc
Is breá an drisiúr é sin fós agus an aois atá aige. Dheamhan a bhfuil ag breathnú farcha dhe. Bhí buaineadas san adhmad sin. Fadó a gheobhthá an ball ar fónamh
 
Níl aon-fharcán dhá bhfuil ar na slata mara atá ag gob an Bh. nach bhfuil leithead íochtar an drisiúir sin ionta.
 
Ní ghabhfaidh sé chun foighde go maidin uaidh fhéin. Gabh anonn agus tabhair dhó an t-iongás sin thuas ar an drisiúr, agus b'fhéidir go gcuirfeadh sin foighid ann (páiste cantalach)
 
dairt
Deir tú leis a chaith curraintín istigh annseo indiu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timcheall ar an scéal. "Leag mé bosca bealadh a bhí le 'chur ar an gcarr indiu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor-meacan de'n teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dubhairt B. nachar chorruigh sí féin é. Agus níor goideadh é mar 'sé sin an fáth ní raibh aon-duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é." Tá aimhreas aige orainn, ach ní abróchadh sé in a dheidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é ins an oíche ambáireach. Leagfaidh mé ins an áit chéadna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt.
 
Is daoitheamhail an duine é. D'iarr mé ceap air an lá faoi dheireadh, le tosach a chur ar mo bhróig, agus dubhairt sé nach raibh aon-cheap aige, aindeoin go raibh mé ag breathnú air istigh faoi'n drisiúr le mo dhá shúil, an puínte céadna. Faitíos go leasóchadh sé tada fúm: sin é an fáth nach dtiubharfadh sé dhom é. Thairgfeadh sé do dhuine é an uair nach dteastóchadh sé chor ar bith uaidh
 
dealg
An uair a bhainfeá amach [dealg] ba cheart duit é a chaitheamh siar taobh cúl do chinn in aghaidh na tubaiste. Dá mbadh indán agus go mbadh tairnge a bheadh ann 'séard a bhí agad a dhéanamh leis é a chur isteach i bhfata fuar agus é a leagan ar an drisiúr. Dhéanfá an cleas céadna leis dá mbadh i gcrúib bó a bheadh sé
 
dearc
Leigfidh tú de do chuid dearcadh ar an drisiúr nó cuirfidh mise ó dhearcadh thú. Nach bhfuil a fhios agad dhá mbeadh sé ann go bhfuightheá é, agus gurb shin é a bhfuil faoi. Cá bhfuigheadh muid tae agus an saoghal atá ann
 
deil 1
Ara dheamhan blas ón deil amach nach bhfuil duine eicínt dhá bhfuil annsin indon a dhéanta. Breathnuigh ar na cuinneógaí agus ar na drisiúir atá aca
 
Ní fhaca mé aon-dilleoirín go h-iomdha (fuaim iom-aoí) ach an grabairín beag sin ag M. Ph. Sh. Sháruigh sé a mháthair an oíche faoi dheire. Dheamhan maith a bheadh aige ann go dtugadh sí cead dó a raibh de shoithigh ar an drisiúr a thógáil anuas, agus a gcur síos ins an gciseán, mar dhóigh dhe go mbadh ceannuidhe gréithí é. Tháinig M. isteach agus nuair a chonnaic sé an drisiúr feidheartha, agus na soithigh ins an gciseán, rug sé in a ghabhail air agus bhí sé ag leigean an treabhsairín síos leis nuair a d'iarr sé cara agus coimirce orm féin. Shábháil mé é, ach deirimse leat gur fada aríst go dtosuighidh sé ar an gceird siúd — in a cheannuidhe gréithí.
 
ding
Brughadh agus ding ort mar chut. Tá a bhfuil ar an drisiúr leagtha agad. Ní thú is measa ach an ceann a d'fhága an muigín ar forbhás. Nacharbh fhurasta 'aithinte gur briste a bheadh sé
 
drad
An bhfeiceann tú an ghloine mhór sin thuas ar íochtar an drisiúir. 'Sí a leath-cheann sin a bhí aige, agus chuir sé go drad dom í trí h-uaire. Nach beag an dochar dhom a bheith súgach féin?
 
droim
Cuir druim na cathaoireach le doras an drisiúir sin, ó tá an builtín briste. Mara gcuiridh beidh sé in a bhéal in áirde ag cuit ar feadh na h-oíche
 
Níl aon-mhéid ann — bráicín beag ceann-tuighe, ach tá sé an-díonmhar, an-teoluidhe. Chuirfeadh sé lóchrann ar do chroidhe breathnú isteach air: brat nua tuighe sheagail air, agus í curtha go slachtar; eidheann ar na ballaí; "flowers" agus crainnte beaga spíonán agus ubhla is 'chuile áit taobh amuigh, drisiúr breagh ornáilte le feiceál isteach ann, agus sean-fhear agus péire spéacláirí air ag léigheamh páipéar nuaidheacht' i gcathaoir thuighe ag an dorus. "B'fhearr liom seachtain dá gcaithinn frób ná i dtír na h-óige le mo shaoghal" mar adeir an t-amhrán
 
dúid
Is maith a chuaidh muid as nach raibh muid ar fad sáithte aige. Rug sé ar an scian agus chuir sé go file dúda 'san mbord í. Tharraing sé aríst í agus chuir sé go file dúda igclár an drisiúir í. Bhí mo chroidhe in mo bhéal. Shíl mé gurb é an chéad rud eile a dhéanfadh sé a cur go feirc ionam féin, mar ba mé ba ghoire dhó