Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drisiúr
ainmfhocal, fireann
ainmneach iolra agus ginideach uatha: drisiúir
cabhail adhmaid agus seilpeanna air le haghaidh gréithe agus soithigh.
+
Is breá an drisiúr é sin
Leag ar bharr an drisiúir é
TUILLEADH (2) ▼
Leag isteach in íochtar an drisiúir é — an chuid íochtair (a mbíonn doirse air) den drisiúr
Is breá an ball ar dhrisiúr é — soitheach breá nó éadálach
·
Ba deas an ball ar dhrisiúr é — duine deas, slachtmhar, sciúrtha ligthe; duine a bheadh an-ghléasta, an-déanta suas, ach nach mbeadh aon mhaith ann, ach ina údar suntais

drisiúr in iontrálacha eile (24)

 
Bhuail daol eicínt é agus dheamhan soitheach a d'fhága sé ar an drisiúr nach ndearna sé círéabacha dhi. Fhóbair nár féadadh é a cheansú chor ar bith. An t-ól a d'éirigh sa stuaic aige is dóigh.
 
Thosaigh mé ag sméarthacht sa drisiúr gur airigh mé bealaíocht bheag fheola ann a d'fhan d'fhuílleach an dinnéir, agus d'ith mé suas as cúl mo ghlaice í.
 
beo 1
Ní mór dhuit a bheith beo bíogúil thairis sin. Lig tú an cat ar an drisiúr nó gur dhóirt sé an bainne.
 
airde 1
Féacha a bhfuil thuas in airde ar bharr an drisiúir.
 
D'ól sé a raibh de bhainne in íochtar an drisiúir gan aireachtáil
 
faon-
D'fhága diabhal eicínt agaibh — crosaim aríst sibh! — an drisiúr fionnosclaithe agus chuaigh na cait isteach ann gur dhóirt siad an bainne. Slán a mháithreach! Is mór an scrios é, bainne a chur amú mar sin
 
Chaith sí amach na seanghréithe ar fad agus cheannaigh sí foireann nua. Tá drisiúr ordnáilte anois aici. Deir siad go scuabann gach scuab nua glan
 
Caith amach ag na cait an drioball de scadán sin. Tá sé ag déanamh fíniú sa drisiúr le dhá lá. Níorbh fholáir do dhuine goile Mh. Mh. a d'ith an mhuic chaillte a bheith aige le drannadh leis sin
+
Tá an tae istigh in íochtar an drisiúir — sa gcuid thíos den drisiúr
TUILLEADH (1) ▼
Tá an casúr istigh faoi íochtar an drisiúir — thíos faoi chláracha tónach an drisiúir
 
farc
Is breá an drisiúr é sin fós agus an aois atá aige. Dheamhan a bhfuil ag breathnú farctha dhe. Bhí buanadas san adhmad sin. Fadó a gheofá an ball ar fónamh
 
Níl aon fharcán dhá bhfuil ar na slata mara atá ag gob an Bh. nach bhfuil leithead íochtar an drisiúir sin iontu.
 
Ní ghabhfaidh sé chun foighde go maidin uaidh fhéin. Gabh anonn agus tabhair dhó an t-ioncás sin thuas ar an drisiúr agus b'fhéidir go gcuirfeadh sin foighid ann (páiste cantalach)
 
dairt
Deir tú leis a chaith coraintín istigh anseo inniu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timpeall ar an scéal. 'Leag mé bosca bealadh a bhí le a chur ar an gcarr inniu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor meacan den teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dúirt B. nár chorraigh sí féin é. Agus níor goideadh é, mar 'sé sin an fáth, ní raibh aon duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é.' Tá amhras aige orainn, ach ní abródh sé ina dhiaidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é san oíche amárach. Leagfaidh mé san áit chéanna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt
 
Is daoithiúil an duine é. D'iarr mé ceap air an lá faoi dheireadh, le tosach a chur ar mo bhróig, agus dúirt sé nach raibh aon cheap aige, ainneoin go raibh mé ag breathnú air istigh faoin drisiúr le mo dhá shúil an pointe céanna. Faitíos go leasódh sé tada fúm: sin é an fáth nach dtabharfadh sé dhom é. Thairgfeadh sé do dhuine é nuair nach dteastódh sé chor ar bith uaidh
 
dealg
Nuair a bhainfeá amach dealg ba cheart duit é a chaitheamh siar taobh cúl do chinn in aghaidh na tubaiste. Dá mba i ndán is go mba tairne a bheadh ann, séard a bhí agat a dhéanamh leis é a chur isteach i bhfata fuar agus é a leagan ar an drisiúr. Dhéanfá an cleas céanna leis dá mba i gcrúib bó a bheadh sé
 
dearc
Ligfidh tú de do chuid dearcadh ar an drisiúr nó cuirfidh mise ó dhearcadh thú. Nach bhfuil a fhios agat dhá mbeadh sé ann go bhfaightheá é, agus gurb in é a bhfuil faoi. Cá bhfaigheadh muid tae agus an saol atá ann
 
deil 1
Ara dheamhan blas ón deil amach nach bhfuil duine eicínt dhá bhfuil ansin in ann a dhéanta. Breathnaigh ar na cuinneogaí agus ar na drisiúir atá acu
 
Ní fhaca mé aon dilleoirín go hiomaí ach an grabairín beag sin ag M. Ph. Sh. Sháraigh sé a mháthair an oíche faoi dheireadh. Dheamhan maith a bheadh aige ann go dtugadh sí cead dó a raibh de shoithigh ar an drisiúr a thógáil anuas, agus a gcur síos sa gciseán, mar dhóigh dhe go mba ceannaí gréithe é. Tháinig M. isteach agus nuair a chonaic sé an drisiúr feidheartha, agus na soithigh sa gciseán, rug sé ina ghabháil air agus bhí sé ag ligean an treabhsairín síos leis nuair a d'iarr sé cara agus coimirce orm féin. Shábháil mé é, ach deirimse leat gur fada aríst go dtosaí sé ar an gceird siúd — ina cheannaí gréithe
 
ding
Brú agus ding ort mar chat. Tá a bhfuil ar an drisiúr leagtha agat. Ní thú is measa ach an ceann a d'fhága an muigín ar forbhás. Nárbh fhurasta a aithinte gur briste a bheadh sé
 
drad
An bhfeiceann tú an ghloine mhór sin thuas ar íochtar an drisiúir. 'Sí a leathcheann sin a bhí aige, agus chuir sé go drad dom í trí huaire. Nach beag an dochar dhom a bheith súgach féin?
 
droim
Cuir droim na cathaoireach le doras an drisiúir sin ó tá an boiltín briste. Mura gcuire, beidh sé ina bhéal in airde ag cait ar feadh na hoíche
 
Níl aon mhéid ann — bráicín beag ceann tuí, ach tá sé an-díonmhar, an-teolaí. Chuirfeadh sé lóchrann ar do chroí breathnú isteach air: brat nua tuí sheagail air agus í curtha go slachtmhar; eidheann ar na ballaí; flowers agus crainnte beaga spíonán agus úlla i chuile áit taobh amuigh; drisiúr breá ordnáilte le feiceáil isteach ann, agus seanfhear agus péire spéacláirí air ag léamh páipéar nuaíochta i gcathaoir thuí ag an doras. "B'fhearr liom seachtain dá gcaithinn frób ná i dtír na hóige le mo shaol," mar adeir an t-amhrán
 
dúid
Is maith a chuaigh muid as nach raibh muid ar fad sáite aige. Rug sé ar an scian agus chuir sé go file dúda sa mbord í. Tharraing sé aríst í agus chuir sé go file dúda i gclár an drisiúir í. Bhí mo chroí in mo bhéal. Shíl mé gurb é an chéad rud eile a dhéanfadh sé a cur go feirc ionam féin, mar ba mé ba ghaire dhó