Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droch-chríoch
droch-bhail, mí-rath.
+
Droch-chríoch ort! (eascainidhe: bíonn sí an-choitchiannta in áiteachaí faoi Chonamara siar, ach níl mórán gangaide fanta innte) = léanscrios ort!; scread-mhaidne ort (uait)!
Droch-chríoch ort, le caoi a bheith ort, nach ndéanfadh su(a)imneas in áit eicínt!
TUILLEADH (8) ▼
Droch-chríoch air, marab é a chaithfeadh an bhail a chur air fhéin! (le ól).
Droch-chríoch orrab (bréagáin ag páiste, a's é 'deanamh torainn leo; a's a' bodhrú a raibh istigh) agad, nach n-éisteann leo(b) uair eicínt, a's suaimneas a thabhairt do na daoine.
Droch-chríoch air fhéin, a's ar a chuid asal, nach gceangluigheann, nó nach gceannsuigheann iad, fharras iad a bheith ag imtheacht faoi'n scuir mar sin 'chuile lá 'sa mbliadhain.
Droch-chríoch ar a shean-'bhicycle' aige! Dheamhan ceo, le go dtiubhrad sé chuig an siopa thú le cruadhóig, a's diabhal aithne air 'na dheidh sin, nach fiú ór é.
Droch-chríoch orra(b) fhéin a's ar a gcuid dlighe, mara deas a' chaoi ar aos óg é, nach bhféadfa siad cois a bhualadh ar phort aon-oidhche Domhnaigh 'sa mbliadhain, maran leo(b) póilíos a bheith ar a dtí.
Ara droch-chríoch orra(b) mar mhná. Ná déan a samhailt chor 'bith liom. Ní beag dhóib a bhfuil thar bharr a gcéille aca(b) cheana, a's gan an cleas céadna a dheanamh liomsa = shoraidh dhaob (díob) mar mhná.
Droch-chríoch uirre mar scillingín ghágach, marach leisce a dhul dhá caitheamh suas, ní thiocfainn ina coinne chor ar bith ('sé a raibh sé a fhaghail scilling 'dole').
Droch-chríoch air aghad. Breagh nar lom tú in am é, fharras a bheith dhá choinneál a' seideachan annsin in do ghlaic! (cíonán nar tugadh in am).

droch-chríoch in iontrálacha eile (4)

 
Droch-chríoch ort a chloigis bhradaigh, maran tú 'chuir an bhail ort fhéin!
 
Droch-chríoch air, le bealach a dhul! Caithfe sé a dhul an bealach contráilte igcomhnuidhe! = dá mbeadh aon-bhealach ní ba dainnséaraighe ann, is air a thiocfad sé.
 
Droch-chríoch ar a dhichillín suarach! Is postamhail a laibhreochadh sé ins an áit a mbeadh fir!
 
Gabhfaidh droch-chríoch air sin, cuimnigh go bhfuil mise dhá rádh leat. Ní hé a mhalrait a thuilleas sé