drochdhuine
—
+–
Níl ann ach droch-dhuine = duine a mbeadh donacht nó mí-mhaith ann; duine fealltach
Ná teirigh thusa ag déanamh droch-dhuine dhíot féin ingeáll ar bheagán = dá mbeadh airgead dhá chruinniú, cuirim i gcás le h-aghaidh rud eicínt, agus nach mbeadh aon-fhonn ar dhuine scaradh le tada, ach go leagfaí air go raibh sé míonósach nó gortach nó tuatach nó in aghaidh lucht an airgid dhá n-eitíodh sé iad
TUILLEADH (2) ▼
Níorbh fhiú dhó a dhul ag déanamh droch-dhuine dhó (dhe) féin, scáth ar h-iarradh air. Agus ar aon-chor, bheadh a chuid agus a bhuíochas aige faoi dheireadh thiar thall
Níor cheart dó droch-dhuine a dhéanamh dhó (dhe) féin scáth a raibh air a chailleadh leis
Féach freisin
→
duine
drochdhuine in iontrálacha eile (2)
+
Seachain an drochdhuine, agus ní baol duit an deádhuine (sean-fhocal)
TUILLEADH (1) ▼
Is fiú an anachain a sheachaint, adeir siad. Má leigeann tú thart an drochdhuine, ní baol duit an deádhuine