Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drugallach
aidiacht as drugall
leisce a bheith ort; leisceamhail, díomhaoineach; neamh-spleodrach, tugtharach do loiceadh agus rl.
+
Is diabhlaí drugallach an duine é faoi dhul amach 'san oíche. Meastú an scáth atá air roimhe thaidhbhsí
Beidh mise cho drugallach céadna leis-sean agus atá sé liomsa. An té a chuirfeas caint ormsa, beidh mé lághach soineanta leis, agus an té nach gcuirfidh bíodh aige
TUILLEADH (2) ▼
Níor cheart duit a bheith cho drugallach sin faoi ghiotamáil bheag oibre a dhéanamh, do leithide de rúisc de bhuachaill óg
"Má bhíonn tú cho drugallach ag dul do do phósadh agus atá tú ag dul ar do chleamhnas" adeirim féin leis, "beidh tú d'fhuireasbhaidh mná. Ní fhanfadh bean ar bith leat ar chúntar de'n tsórt sin".

Féach freisin