Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drogallach
aidiacht as drogall
leisce a bheith ort; leisciúil, díomhaoineach; neamhspleodrach, tucarach do loiceadh srl.
+
Is diabhlaí drogallach an duine é faoi dhul amach san oíche. Meas tú an scáth atá air roimhe thaibhsí
Beidh mise chomh drogallach céanna leisean agus atá sé liomsa. An té a chuirfeas caint ormsa, beidh mé lách soineanta leis, agus an té nach gcuirfidh, bíodh aige
TUILLEADH (2) ▼
Níor cheart duit a bheith chomh drogallach sin faoi ghiotamáil bheag oibre a dhéanamh, do leithide de rúisc de bhuachaill óg
'Má bhíonn tú chomh drogallach ag dul do do phósadh agus atá tú ag dul ar do chleamhnas,' adeirim féin leis, 'beidh tú d'uireasa mná. Ní fhanfadh bean ar bith leat ar chuntar den tsórt sin'

Féach freisin

drogallach in iontrálacha eile (2)

 
buille
Deir tú leis nár chorraigh go raibh sé ar bhuille an chloig, agus sách drogallach a bhí sé ag gabháil amach an uair sin fhéin.
 
Ní bheadh foighid ná fuireach ort go dtéiteá ar páí. Is maith drogallach anois thú. Fuair tú do sháith di is cosúil. Múinfidh sin thú. Múineann an saol daoine. 'Sé atá i riocht