Droichidín
—
droichead beag; réidh-droichead, nó droichead caol stroighin nó a leithide nach mbeadh air ach feire beag thar shruthán nó abhainn nach mbeadh mór.
Droichidín in iontrálacha eile (4)
→
feire
Tá droichidín na carra indáil le réidh. Bhí tuile san abhainn an lá faoi dheireadh agus ar éigin Dé a shrian mé treasna chor ar bith é. Ar mo ghlúine a chuaigh mé. Ní thrustfainn breith ar an bhfeire siúd. Tá sé ar bogadh, agus dhá dteagadh sé leat, chuirfí san abhainn thú = ráille beag ar dhroichead; tá droichidíní den tsórt seo — ceanna beaga caola — ar na haibhneachaí, in áiteachaí
+
Droichidín an Chláir (tuairim agus míle taobh thoir de'n Spidéal)
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an chontabhairt a dhul an droichidín beag anois. Tá an ráille uiliog imighthe dhó (dhe)
Leagadh é ar an droichidín dromannach atá thuas ag tigh T. B. Tá a fhios agad an droichidín siúd. Is maith a chuaidh sé nachar buaileadh faoi shlat an droichid é. Dhá mbuailtí, ní bheadh sé cho saor aige, ná baoghal air (Droichead dromannach = droichead a mbeadh alt nó áirdín in a lár)