Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droichidín
droichead beag; rédhroichead, nó droichead caol stroighin nó a leithide nach mbeadh air ach feire beag thar shruthán nó abhainn nach mbeadh mór.

droichidín in iontrálacha eile (4)

 
feire
Tá droichidín na cora i ndáil le réidh. Bhí tuile san abhainn an lá faoi dheireadh agus ar éigean Dé a shrian mé trasna chor ar bith é. Ar mo ghlúine a chuaigh mé. Ní thrustfainn breith ar an bhfeire siúd. Tá sé ar bogadh, agus dhá dteagadh sé leat, chuirfí san abhainn thú — ráille beag ar dhroichead; tá droichidíní den tsórt seo — ceanna beaga caola — ar na haibhneachaí in áiteachaí
+
Droichidín an Chláir (tuairim is míle taobh thoir den Spidéal)
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an chontúirt a dhul an droichidín beag anois. Tá an ráille uileag imithe dhó (dhe)
 
Leagadh é ar an droichidín dromannach atá thuas ag tigh T. B. Tá a fhios agat an droichidín siúd. Is maith a chuaigh sé nár buaileadh faoi shlat an droichid é. Dhá mbuailtí, ní bheadh sé chomh saor aige, ná baol air (droichead dromannach: droichead a mbeadh alt nó airdín ina lár)