Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dromacán, Drománach
/druməkān/
ainm-fhocal
tuiseal geineamhnach uathaidh, agus ainmneach iolraidh: dromacáin, drománaigh
chuala mé drománach dhá thabhairt air i gCois Fhairrge, ach is beag eolas atá ar threabhadh ann. Dromacán (c lom) a chuala mé igcomhnaí ar an Achréidh. Dromachán (c séimhighthe) atá is an mBéal Beo (Ó Máille) air l. 181. Tá dromach, dromaide, dromán, dromachán i bhFoclóir Uí Dhuinnín
gléas a bhíos ar dhruim capaill agus í faoi chéachta. Bíonn na h-ughaimeannaí (ughmachaí) ceangailte dhó agus iad i bhfastódh is na cuingeannaí freisin.
·
Bhí mé ag cur an dromacáin ar an gcapall nuair a thainig sé
Ba chosamhail le ughaim dromacáin an slabhra a bhí in a láimh aige

Féach freisin

Dromacán in iontrálacha eile (2)

 
Deir tusa gur talmhaidhe thú. Fóill ort anois. Céard iad dristiúirí … ughaim … béim … hannlaí … dromacán … An bhfuil a fhios ugad céard í céachta chor ar bith. Dheamhan pioc atá a fhios ugad faoi thalmhaidheacht!
 
Ní raibh ughaim ná dromacán ná diallaid uirre ach í druimnochttha mar a bhí sí an lá ar rugadh í. Ag fear Achréidh ar imigh a chapall uaidh annseo thoir lá aonaigh a chuala mé é. Sé'n dromacán an gléas a bhíos uirre leis an gcéachta. Marab é muise, diabhal a fhios agamsa céard é féin. Céard é mar sin?