Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drománach
ainm-fhocal, fireann
iolraidh agus geineamhnach uathaidh — drománaigh.
Fuaim — u ar o agus ní a
deirtear strománach freisin go minic agus cialluigheann sé an rud céadna
fear a mbeadh dromán maith teann air; plíoma láidir d'fhear a mbeadh géaga móra aige, go h-áirid guailní agus slinneáin urradhanta; cuaille d'fhear, a bheadh buille mí-stuama.
+
Is áibhéil an drománach fir é. Tá ceart aige siúd a bheith láidir. Mara bhfuil tá sé fhéin agus a chosamhlacht in aghaidh a chéile
Is drománach cumasach d'fhear é, ach dheamhan agus móide a bhfuil aon-mhaith ann in a dheidh sin. B'fhéidir gur maith gasta a thiubharfadh staicín bheag bhídeach, nach mbeadh meas ar bith air, talamh dhó. Ní mar síltear a bhítear a mhic ó
TUILLEADH (5) ▼
Ní bheadh aon-mhaith dhuit a dhul a (do?) chor-charaidheacht leis. Chinnfeadh ort a leagan go lá Philip an Chleite. Tá sé in aon-drománach amháin agad, agus a dhruim siar as i gcomhnaí. Ní fhéadfá feanc a bhaint as
Nach ar an drománach de cheannaidhe sin atá áit an mhála. Breathnuigh air! Ní bhfuigheadh sé sin mórán craitheadh mála dhá chéad a fháisceadh thiar air féin
Is mór an dícéille atá ort a bheith ag comártas (comórtas) leis an drománach sin. Ní comártas ar bith dhuit é agus é ionann agus do dhá aois. Má ghortuigheann tú thú féin, ná h-abair aríst nachar cuireadh aithne ort.
Is furasta aithinte air gur mac le S. L. é. Tá sé in aon-drománach amháin ar nós an athar. Is maith atá a chuid ag dul dó bail ó Dhia air
Fan glan ar an drománach siúd má tá do leas ar Dhia. Ní mórán scrubaill a bheadh aige siúd thú a dhonú, nó aonduine eile a chuirfeas aon-araoid air

Féach freisin