Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drománach
ainmfhocal, fireann
iolra agus ginideach uatha: drománaigh
fuaim: u ar o agus ní a
deirtear strománach freisin go minic agus ciallaíonn sé an rud céanna
fear a mbeadh dromán maith teann air; plíoma láidir d'fhear a mbeadh géaga móra aige, go háirid guailní agus slinneáin urrúnta; cuaille d'fhear a bheadh buille místuama.
+
Is áibhéil an drománach fir é. Tá ceart aige siúd a bheith láidir. Mura bhfuil, tá sé fhéin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile
Is drománach cumasach d'fhear é, ach dheamhan is móide a bhfuil aon mhaith ann ina dhiaidh sin. B'fhéidir gur maith gasta a thabharfadh staicín bheag bhídeach, nach mbeadh meas ar bith air, talamh dhó. Ní mar síltear a bhítear a mhic ó
TUILLEADH (5) ▼
Ní bheadh aon mhaith dhuit a dhul a (do?) chorchoraíocht leis. Chinnfeadh ort a leagan go Lá Philip an Chleite. Tá sé in aon drománach amháin agat agus a dhroim siar as i gcónaí. Ní fhéadfá feanc a bhaint as
Nach ar an drománach de cheannaí sin atá áit an mhála. Breathnaigh air! Ní bhfaigheadh sé sin mórán croitheadh mála dhá chéad a fháscadh thiar air féin
Is mór an díth céille atá ort a bheith ag comórtas leis an drománach sin. Ní comórtas ar bith dhuit é agus é ionann is do dhá aois. Má ghortaíonn tú thú féin, ná habair aríst nár cuireadh aithne ort
Is furasta a aithinte air gur mac le S. L. é. Tá sé in aon drománach amháin ar nós an athar. Is maith atá a chuid ag dul dó bail ó Dhia air
Fan glan ar an drománach siúd má tá do leas ar Dhia. Ní mórán scrupaill a bheadh aige siúd thú a dhonú, nó aon duine eile a chuirfeas aon araoid air

Féach freisin