dubh
1.
a.
+–
Tóigfidh chuile éadach dath ach an dubh
Ní ghlacann an dubh dath ar bith. Is féidir an dubh a chur ar chuile dhath eile, ach ní thóigfidh sé féin dath ar bith (fc. dath)
TUILLEADH (1) ▼
Sé an dubh an dath éadaigh is deise ina dheidh sin, ach gurb é díol an chatmara a choinneál glan
b.
+–
Shílfeadh sé an dubh a chur in a bhán ort (in a gheal ort) dhá ngéilltheá dhó = mearúl a chur ort; imeartas ort
Ná ceap agus ná síl go gcuirfidh tú an dubh ina bhán ormsa. D'imir mise chúig chárta le fir cho gasta leat dhá mhéad meas dhá bhfuil agad ort féin
TUILLEADH (1) ▼
Chuirfeadh sé an dubh in a bhán ar fhear na méaracán. Níl áire(amh) ar bith ar a chuid imeartais
c.
+–
An bhfuil dubh na h-iongan de thobac agad; an bhfuil dubh na fríde de thobac agud = oiread na fríde; ruainnín beag bídeach
Ólfaidh tú braoinín beag: dubh na h-iongan más é do thoil é. Dheamhan an millfidh an braoinín seo tada fút. Is mó a leasós sé go mór fút
TUILLEADH (8) ▼
Siúcra. Níl oiread agus dubh na fríde ag gabhail linn, nó níl a fhios cén uair a bhéas. Níl sé ag lucht na siopaí más fíor dóib fhéin na laethanta seo.
Teann amach dubh na fríde, nó go síne mé mo chois. Tá codladh driúillic innti … Teaga leis anois. Tá tú ar fheabhas. Is mór an fhuascailt dom an méid sin féin
Dhá mbreathnuightheá grinn air, déarfá go bhfuil dubh na h-iongan de chlaon fhéachaint ann. Sé a bhfuil ann é, ach thiúrfá faoi deara in a dheidh sin é. Is mór a chuireas claonfhéachaint duine as a shlacht.
Dá mbeadh dubh na fríde eile ann, bheadh a dhóthain faid ann, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil. Nach shin é anois an aimiléis!
Snuigh dubh na h-iongan dhe annseo, agus ní bheidh stró ar bith air tuilliúint ann. Mar sin anois. Déanfaidh sin thú. Is breá an clár é
Ba bhlasta an bheatha a bheadh annsin dhá dteigheadh dubh na fríde d'im thríd. Ach ní bhíonn aon-bhail air d'uireasa an ime.
Chuir sé dubh na h-iongan de chineál dubh as buidéal eile thríd agus mheasc sé é agus thug sé an tsiaróib dom féin len ól. Dheamhan faocha a d'fhága sé orm in imeacht dhá mheandar
An chéad uair ar tháinig an phian ann, ní raibh dubh na h-iongan ann, ach leathnaigh sé amach i leabaidh a chéile, agus thiúrfá an leabhar gur ag déanamh seile a bhí sé, ach ní dhearna in a dheidh sin. Meall cruadh atá ann. Leag do láimh thú fhéin air!
d.
+–
Ní theagann a dhuth ná a dhath scaithtí = ní theagann mámh ar bith san roínt: bíonn an clár imeartha feidheartha
Ní dhearna sé a dhuth ná a dhath (nó: ní dhearna sé a dhath báistí. Fc. dath) báistí le trí seachtainí go Satharn seo (gha)bh thart. Tá chuile shórt spalptha críochnuithe anois
TUILLEADH (2) ▼
Níor ghla[oigh] sé a dhuth ná a dhath ach a dhul amach aríst mar a tháinic sé isteach th'éis a phionta a ól. Sin é an méid
Níor dhúirt sé a dhuth ná a dhath ach suí síos annsiúd mar a bheadh "dummy" ann i gcaitheamh na h-oíche
+–
A dhuth ná a dhath féin níor thug sé dhom. Dheamhan a dheatach! Ná bac le gortach! Siúd é atá gortach!
A dhuth ná a dhath níl ar a aire ach in a shuí annsiúd ar feadh an lae, ag ordú do chuile dhuine eile céard a dhéanfas sé. Is maith uaidh geábh nathaíochta a dhéanamh freisin má bhuaileann duine isteach aige
TUILLEADH (1) ▼
A dhuth ná a dhath pórtair níl faoi chaolachaí an tí anois. D'ól an S. grúdarlach an bhairille ar baillín. Na diabhlánaí de "lorries" sin, ní thiúrfaidh siad amach as Gaillimh é nó go bhfeile sé dóib fhéin, agus th'éis go bhfuil sé thíos ag an "station" len ar n-aghaidh, ní bhfuigheadh an carr se'aghainn féin é. Anois nach gradha an scéal é
+–
Ní raibh a dhuth ná a dhath maitheasa ar a chuid muc thar mo chuidse, ach rinne sé a chríonnacht agus a ndíol de léim ar maidin. Sheas mis[e ó n]a ceannachóirí agus bhí a shliocht orm: dá leiginn uaim ar an gcéad tairiscint iad bhí agam. Ní dheachaidh mé fhoisceacht punt dó uaidh sin amach
Níl a dhuth ná a dhath aoise agam air. Diabhal an lá. Chonnaic mise é chuile lá ó tháinic mé féin in oirifirt agus é san munla céanna a bhfuil sé inniu ann
TUILLEADH (2) ▼
Níl a dhuth ná a dhath maitheasa san sean-chlog sin. Nach shin é stoptha chuile ré solais é!
Cuirfidh mise do rogha geall leatsa nach bhfuil a dhuth ná a dhath aoirde aige ort. Tomhaisigh sib fhéin anois go bhfeiceamuid
+–
Níl a dhuth ná a dhath ná a thuairisc in aon-áit. Tá faitíos orm go bhfuil sé ar iarraidh. Is minic le rud a bheith ar iarraidh san teach seo
Ní fhaca mé a dhuth ná a dhath ná a thuairisc in aon-áit. Caithfear a chur sna gath seití (gazettí)
TUILLEADH (4) ▼
"Má theagann do dhuth ná do dhath ná do thuairisg isteach ar an mbaile seo aríst" adeirim féin, "maróidh mé ar áit na mbonn thú." Agus m'anam nach dtáinig = ma theagann tú
Ná feicim a nduth ná a ndath ná a dtuairisg faoi chaolachaí an tí aríst i mbliana (cártaí). Siad na cártaí céanna atá ag tarraint an chlampair
Má fhaghann sé siúd leigean ar an gcáca, ní bheidh a dhuth ná a dhath ná a thuairisg agaibh, má tá sib ag súil le strainséaraí. Nach bhfuil a fhios agaibh nach sú salúin imbéal bulláin aige siúd bríce aráin agus an colla[...] atá air
Thuit an "bomb" agus a dhuth ná a dhath ná a thuairisg níor frí[odh] ariamh. Nach bhfuil a fhios agad nachar fágadh mion mullóg den duine boc[ht] [i] ndiaidh a chéile.
2.
·
Bíonn sé ag obair ó dhubh go dubh; ó dhubh na maidne go dubh na h-oíche = ó réalt go réalt
Ní leigeann sé scíth ó dhubh go dubh ach ar a tháirm i gcomhnaí
+–
Bhí dubh na h-oíche ann ar a theacht abhaile dhó = bhí an oíche tuithte
Bíonn sé amuigh leis an dubh (dubh na maidne; leis an réalt) chuile mhaidin, agus is beag í a fhoghail in a dheidh sin
TUILLEADH (6) ▼
Bhí an dubh ar an oíche nuair a tháinig sé
Ní bheidh moill ar bith anois air go mbeidh an dubh ar an oíche = nó go mbeidh an oíche tuithte
Ní raibh mé réidh nó go raibh an dubh ar an oíche, th'éis gur shíl mé go mbeinn críochnuithe ó ló mhór. Ach is píosa buan é in a dheidh sin
Ná leig deireannach anois [é]. Níl aon-ghnatha dhuit a dhul ag déanamh cleas na h-oíche faoi dheireadh: a theacht agus an dubh ar an oíche.
Nuair a bhéas an dubh ar an oíche, ní shin é do thráth. Teara in am, nó fan uainn ar fad
Is iomdha lá nach leigeann sé uaidh iad nó go mbíonn an dubh ar an oíche. Cén bhrí ach an bealach fada atá rómpa. Tabhair bealach fada air suas in aghaidh na n-aird siúd
3.
+–
Dubh a bhfuil in mo ghlaic ó sháil go rinn. Nuair is dearg dóibsean is dubh dhomsa (cártaí)
An chuid is lú den dubh agus an chuid is mó den dearg is fearr = ag imirt cúig fichead nó cluichí den tsórt sin i gcártaí
TUILLEADH (1) ▼
Nachar dhúirt mé leat an chuid is lú den dubh agus an chuid is mó den dearg a chur orra. Ní bheidh tú indon aon-chárta a imirt go deó
4.
·
"Duibhín ó Duibh thar fairrge anoir, agus d'innseódh sí scéal gan féith gan fuil" (Tomhais ar leitir. Sé an dubhach "Duibhín ó Duibh")
dubh in iontrálacha eile (50+)
+
Tá dubh-fhaitíos air go gcuirfí san bpríosún é
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an dubh-fhaitíos air ag dul isteach
→
fara
Níl aon-lonta dubha ná aon-chéirseachaí ag taithighe annseo chor ar bith anois, ó réitíodh na crígheannaí annsin siar. Dheamhan fara aca ann
→
foirm
Tá foirseadh mór cainte aige, ach nach bhfuil a leath i gclár ná i bhfoirm. Chuirfeadh sé dallach dubh ort mara mbeadh a fhios agad cé hé fhéin
→
froigisí
Tá na seálta fruigisí ag dul i léig. Seálta dubha is mó atá ag teacht amach anois. Chreidim gurb iad is fhearr l'aghaidh na strácála, agus nach mbíonn an salachar cho sunntasach orra le na seálta eile
→
fág gan
Shílfeá gur mór an dícéille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos annsin thíos aige ar chongar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
→
fágtha
Ní fhaca tú aonduine ariamh ba fágha a bhí an oíche sin ná mise. Bhí mé amuigh i lár an chriathraigh bháite, an oíche cho dubh le pic, agus mar bharr ar an dathúlacht an t-ocras ag teannadh liom. Shíl mé nach ndéanfainn eólas choíchin as.
→
fáideog
Déan bráideóg fhíógaí agus gabhfaidh muid ag coinnleóireacht. Tá na crícheannaí sin siar beó beitheach le smólaigh agus lonta dubha
→
fáinne
Cé leis an cut dubh sin a bhfuil an fáinne bán ann (timpeall a mhuiníl). Tá sé taithí ar an tsráid seo le seachtain. Dhá bhfaghainnse leigean air, ní thiúrfadh a chosa fhéin abhaile é in mo dhiaidh
→
fálach
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach puinte ar bith, agus dheamhan agus móide, in a leabaidh sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
→
féar
Diabhal a dhath síos in íochtar an chlochair ach féar gliomach. Tá sé sin go fairsing ann. Ní bhfuightheá boirdín asail d'fheamainn dubh ar an roinn ar fad
→
carcair
Diabhal mé go mbíodh neart carcaireachaí giumhasaighe, a's maidí dubha suas annsin fadó, ach ní fheicfeá ceann a' bith anois.
→
ceasúil
Feoil an-cheasamhail í an mhuicfheoil bhán sin. Tá col agam fhéin léithe. Mara bhfaghainn ruainne dubh, ní bhacfainn chor a' bith léithe.
Níl aon-cheo dhá ndéanann duine as bealach i ngan-fhios ná i gcoimhfhios nach bhfuil scríobhtha síos annsiúd ar leabhar a' chunntais, a's dubhshlán aon-duine dallach dubh a chuir (a chur) ar Dhia. Siúd í an chúirt nach nglacfa na bréaga, a mhic ó.
→
cora
Is mío-thapamhail an áit í an charra sin le theacht innte 'san oidhche. Fhobair gur bascadh mé oidhche cheana innte. Bhí an oidhche chomh dubh leis a' daol, a's gan fhios agam, cá 'gcuirfinn mo chois, ach a' sméarthacht liom.
Ní mó ná dhá mbeadh Céadtach ar a' saoghal anois, go mbeadh sé indon deasú leis siúd. Tá sé dubh-láidir.
→
baile
Ní bhfuair mé dubh ná dath ná tuairisc mo chaoirín amuigh ná i mbaile, ariamh ó shoin. Cneamhaire eicínt a d'árduigh leis í a's a d'ith í. 'D'eile!
+
→
bealach
Níl sé ionrásta ag a' bhfiadh an bealach sin a shiubhal amach sa ngeimhreadh, nuair a bhío(nn)s dubh-luachair na bliadhna ann, a's an easca báithte.
TUILLEADH (2) ▼
Bealach fada é abhaile: beidh an dubh ar an oidhche nuair a bheidheas muid ann.
Dhá mbeadh do chailleadh go deo air, ní chuirfeadh sé siúd é fhéin dubh na h-iongan as a bhealach fhéin, le fóirithint a dhéanamh ort.
→
bealaigh
Is beag an toradh a thiubhraidís sin ar a' bPápa fhéin, a's tagadh sé a' cainnt leo, arae tá'n bhradghail a's an leiciméaracht chomh bealtuighthe isteach ionnta(b) anois, a's nach scarfa sí leo(b) go n-imthighe an ball dubh de'n fheadóig.
+
→
coraice
Tiubharfa coruice dhubh na bliadhna a sháith le déanamh dhó = ní shárócha sé dubh-luachair na bliadhna.
TUILLEADH (17) ▼
Ní anois a theastóchadh farae ar bith uatha(b) ach amach i gcoruice dhuibh na bliadhna, nuair nach mbeidh tiomsacht ar bith ar a' talamh.
Ní sháinneochadh duine 'bith aon-chaora anois — i gcoruice dhuibh na bliadhna thall. Cead scuir a bhí a thabhairt dóib. Ar ndú (dar ndóigh) ní millteanas a fhéadfas siad a dhéanamh, a's chomh lom a's tá 'chuile áit.
Shílfeá gurab é coruice dhubh na bliadhna atá agaibh ann leis a' ngliúrach {{(gleorach) de theine atá thíos agaibh. Diabhal aithne oraibh, nach fuacht atá 'san aimsir!
Is measa é ná coruice dhubh an gheimhridh le fearthainn a's gairbhshion. Nach a' séideadh báistighe atá sé le coigcigthis i mbéal a chéile!
Ceadh nach bhfuil tú a thabhairt do na beithidhigh sheasca, ach an ghabhailín fhéir sin? Is gearr le dhul orra(b) an teirgéis sin ar choruice dhuibh na bliadhna a's gan soláthar na solamar ar a' talamh.
Gearrógaí dubha na Nodlag, coruice dhubh na bliadhna, laetheantaí na Riabhaighe, Gairbhshion na gCuach, a's gaoth ruadh na Féile Sin Seáin — sin iad a chuirea(nn)s cruit ar an sean-eallach. 'Siad, agus ar a' duine fhéin go minic.
InDomhnach bhí an lá indiu chomh dona le aon-lá a tháinic ar choruice dhuibh na bliadhna. Bhí barr sneachta ar a' mbáist(igh) a chaith sé taca am 'dinnéir.
'Sí an mhí seo anois a's cuid de'n mhí seo chugainn coruice dhubh na bliadhna. Ní bhíonn fás faoi thada.
Coruice dhubh an gheimhridh a bhí ann, a's caitheadh na créatúir amach as a' teach, a's fáisceadh glas air in a n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonnaic tú ariamh mar é, a's gan teach ná árus aca(b), ná áit a gcuirfidís tharta(b) an oidhche.
Is deas í 'ur gceird gan bhréig, dhár gcrupadh fhéin suas chois claidhtheachaí faoi ghaoith a's faoi dheallradh, a's a' fanacht annsin i gcaitheamh na h-oidhche. Cé'n bhrigh ach an uair atá ann — coruice dhubh na bliadhna. Ní mó ná go ndéanfadh duine é i Mí mheodhain a' tSamhraidh, ní áirmhighim anois.
Geimhreadh! Is beag a' bhrigh é fós go dteaga (dtaga) coruice dhubh na bliadhna.
Tá díthcéille ort, a' baint do dhrár dhíot féin, go gcaithtear coruice dhubh na bliadhna, ar aon-nós. Dar ndóigh níor tháinic tairm a' bith ar a' ngeimhreadh fós. Amach romhat atá a mhic ó!
Seo í coruice dhubh na bliadhna, ach is measa Mí na bhFaoillí mar sin fhéin. 'Mí na bhFaoillí a mharbhuighea(nn)s na caoirigh'. Badh mhinic adeireadh M. Th. fadó é, 'ndéana Dia grásta air.
Má tá sé ar bhéal na h-uaighe ag an aimsir seo, go bhféacha Dia air, ach a dteaga coruice dhubh na bliadhna. Déanfa sí sin a chreach.
'Bhfaca tú uair chomh breagh léithe ariamh ar choruice dhubh na bliadhna. Má tá sí buille fuar fhéin tá sí teann tirm, agus dar príocaidhe is mór is fiú an triomach.
Tá chuile áit in a mhoirt ag a' mbáistigh, ach chreidim gurab é nádúr na h-Uaire é. D'eile cé'n chaoi 'mbeadh sí ar choruice dhubh na bliadhna.
Rugadh uainín dhom annseo an bhliadhain cheana, ar choruice dhubh na bliadhna. Badh é an chéad uan óg sa tír é. Ní fhaca tú in do shaoghal ariamh, aon-dithreabhach a bhí chomh meirbh leis. Daighean mé gur shrian sé thríd 'na dheidh sin, dhá dhonacht dhá raibh an uair.
+
→
crinn
Chuirfead sé sin an dubh in a gheal ort dá ngéillteá dhó. Chloisfeá a' cumadóireacht é, a's dheamhan aithne air nach hé cnámh chrínnte na fírinne a bheadh aige.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an choimhlinnt chomh géar orainn, a's currach na bhF. dhá'r gcreinneadh, a's gur bhuail faitchíos mé, nuair a chasfadh muid ar ais, sa gcóir, go ndéanfad sí puca dubh a's dubh dhínn.
→
cromnasc
Má's fearr leat cúirt ná cromnasc, bíodh agad. 'Beatha do dhuine a thoil', a mhic ó. Ach má mhilleann siad (na caoirigh) dubh na h-iongan ormsa aríst, gheobha mé rud in' omós, feicfe tú fhéin air.
→
crígh
Dheamhan crích ná tom ar a' mbaile nar casadh orainn! Is ait a chruthuigh muid a's ar mbealach a dheanamh chor ar bith, a's chomh dubh a's bhí an oidhche.
+
→
críoch
Crígh Fódla, Crígh Banban, Crígh Mhuire, Dhá Chrích Mhuire, Crígh Fáil, An Chrígh Dhubh (ainm baile fearainn, ach b'fhéidir gur (v) réamhráidhte atá i gceist annseo. Tá neart acu ann, ar aon-nós!).
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé in a chomhnuidhe ar an gCrígh Dhuibh (ainm baile fearann).
Casadh liom é ag ceann bóithrín na Críghe Duibhe (an áit chéadna).
→
cuach
Nach furasta cuid de na daoine a chuachadh suas. Dheamhan ann ach labhairt leo, a's cuirfe duine 'bith dallach dubh orra(b)!