dubh
1.
a.
+–
Tógfaidh chuile éadach dath ach an dubh
Ní ghlacann an dubh dath ar bith. Is féidir an dubh a chur ar chuile dhath eile, ach ní thógfaidh sé féin dath ar bith (fc. dath)
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an dubh an dath éadaigh is deise ina dhiaidh sin ach gurb é díol an chat mara a choinneáil glan
b.
+–
Shílfeadh sé an dubh a chur ina bhán ort (in a gheal ort) dhá ngéilltheá dhó — mearbhall a chur ort; imeartas ort
Ná ceap agus ná síl go gcuirfidh tú an dubh ina bhán ormsa. D'imir mise chúig chárta le fir chomh gasta leat, dhá mhéad meas dhá bhfuil agat ort féin
TUILLEADH (1) ▼
Chuirfeadh sé an dubh ina bhán ar fhear na méaracán. Níl áire(amh) ar bith ar a chuid imeartais
c.
+–
An bhfuil dubh na hiongan de thobac agat; an bhfuil dubh na fríde de thobac agat — oiread na fríde; ruainnín beag bídeach
Ólfaidh tú braoinín beag: dubh na hiongan, más é do thoil é. Dheamhan a millfidh an braoinín seo tada fút. Is mó a leasós sé go mór fút
TUILLEADH (8) ▼
Siúcra. Níl oiread agus dubh na fríde ag gabháil linn, nó níl a fhios cén uair a bheas. Níl sé ag lucht na siopaí más fíor dóibh fhéin na laethanta seo
Teann amach dubh na fríde nó go síne mé mo chois. Tá codladh driúilic inti … Teaga leis anois. Tá tú ar fheabhas. Is mór an fhuascailt dom an méid sin féin
Dhá mbreathnaíteá grinn air, déarfá go bhfuil dubh na hiongan de chlaonfhéachaint ann. 'Sé a bhfuil ann é, ach thabharfá faoi deara ina dhiaidh sin é. Is mór a chuireas claonfhéachaint duine as a shlacht
Dá mbeadh dubh na fríde eile ann, bheadh a dhóthain faid ann, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil. Nach in é anois an aimléis!
Snoigh dubh na hiongan dhe anseo agus ní bheidh stró ar bith air toilliúint ann. Mar sin anois. Déanfaidh sin thú. Is breá an clár é
Ba bhlasta an bheatha a bheadh ansin dhá dtéadh dubh na fríde d'im thríd. Ach ní bhíonn aon bhail air d'uireasa an ime
Chuir sé dubh na hiongan de chineál dubh as buidéal eile thríd agus mheasc sé é agus thug sé an tsiaróib dom féin le n-ól. Dheamhan faocha a d'fhága sé orm in imeacht dhá mheandar
An chéad uair ar tháinig an phian ann, ní raibh dubh na hiongan ann, ach leathnaigh sé amach i leaba a chéile, agus thabharfá an leabhar gur ag déanamh seile a bhí sé, ach ní dhearna ina dhiaidh sin. Meall crua atá ann. Leag do láimh thú fhéin air!
d.
+–
Ní theagann a dhubh ná a dhath scaití — ní theagann mámh ar bith sa roinnt: bíonn an clár imeartha feidheartha
Ní dhearna sé a dhubh ná a dhath (nó ní dhearna sé a dhath báistí fc. dath) báistí le trí seachtainí go Satharn seo (gha)bh thart. Tá chuile shórt spalptha críochnaithe anois
TUILLEADH (2) ▼
Níor ghlaoigh sé a dhubh ná a dhath ach a dhul amach aríst mar a tháinig sé isteach théis a phionta a ól. Sin é an méid
Níor dhúirt sé a dhubh ná a dhath ach suí síos ansiúd mar a bheadh dummy ann i gcaitheamh na hoíche
+–
A dhubh ná a dhath féin níor thug sé dhom. Dheamhan a dheatach! Ná bac le gortach! Siúd é atá gortach!
A dhubh ná a dhath níl ar a aire ach ina shuí ansiúd ar feadh an lae, ag ordú do chuile dhuine eile céard a dhéanfas sé. Is maith uaidh geábh nathaíochta a dhéanamh freisin má bhuaileann duine isteach aige
TUILLEADH (1) ▼
A dhubh ná a dhath pórtair níl faoi chaolachaí an tí anois. D'ól an S. grúdarlach an bhairille ar baillín. Na diabhlánaí de lorries sin, ní thabharfaidh siad amach as Gaillimh é nó go bhfeile sé dóibh fhéin, agus théis go bhfuil sé thíos ag an station lenar n-aghaidh, ní bhfaigheadh an carr s'againn féin é. Anois nach groí an scéal é
+–
Ní raibh a dhubh ná a dhath maitheasa ar a chuid muc thar mo chuidse, ach rinne sé a chríonnacht agus a ndíol de léim ar maidin. Sheas mise ó na ceannaitheoirí agus bhí a shliocht orm: dá liginn uaim ar an gcéad tairiscint iad, bhí agam. Ní dheachaigh mé fhoisceacht punt dó uaidh sin amach
Níl a dhubh ná a dhath aoise agam air. Diabhal an lá. Chonaic mise é chuile lá ó tháinig mé féin in oirbhirt agus é sa múnla céanna a bhfuil sé inniu ann
TUILLEADH (2) ▼
Níl a dhubh ná a dhath maitheasa sa seanchlog sin. Nach in é stoptha chuile ré solais é!
Cuirfidh mise do rogha geall leatsa nach bhfuil a dhubh ná a dhath airde aige ort. Tomhaisidh sibh fhéin anois go bhfeice muid
+–
Níl a dhubh ná a dhath ná a thuairisc in aon áit. Tá faitíos orm go bhfuil sé ar iarraidh. Is minic le rud a bheith ar iarraidh sa teach seo
Ní fhaca mé a dhubh ná a dhath ná a thuairisc in aon áit. Caithfear a chur sna gaiseití (gazettí)
TUILLEADH (4) ▼
'Má theagann do dhubh ná do dhath ná do thuairisc isteach ar an mbaile seo aríst, adeirim féin, 'maróidh mé ar áit na mbonn thú.' Agus m'anam nach dtáinig — má theagann tú
Ná feicim a ndubh ná a ndath ná a dtuairisc faoi chaolachaí an tí aríst i mbliana (cártaí). 'Siad na cártaí céanna atá ag tarraingt an chlampair
Má fhaigheann sé siúd ligean ar an gcáca, ní bheidh a dhubh ná a dhath ná a thuairisc agaibh má tá sibh ag súil le strainséaraí. Nach bhfuil a fhios agaibh nach sú salúin i mbéal bulláin aige siúd bríce aráin agus an colla[...] atá air
Thit an bomb agus a dhubh ná a dhath ná a thuairisc níor fríodh ariamh. Nach bhfuil a fhios agat nár fágadh mion mullóg den duine bocht i ndiaidh chéile
2.
·
Bíonn sé ag obair ó dhubh go dubh; ó dhubh na maidne go dubh na hoíche — ó réalt go réalt
Ní ligeann sé scíth ó dhubh go dubh ach ar a tháirm i gcónaí
+–
Bhí dubh na hoíche ann ar a theacht abhaile dhó — bhí an oíche tite
Bíonn sé amuigh leis an dubh (dubh na maidne; leis an réalt) chuile mhaidin, agus is beag í a fhoghail ina dhiaidh sin
TUILLEADH (6) ▼
Bhí an dubh ar an oíche nuair a tháinig sé
Ní bheidh moill ar bith anois air go mbeidh an dubh ar an oíche — nó go mbeidh an oíche tite
Ní raibh mé réidh nó go raibh an dubh ar an oíche, théis gur shíl mé go mbeinn críochnaithe ó ló mhór. Ach is píosa buan é ina dhiaidh sin
Ná lig deireanach anois é. Níl aon ghnaithe dhuit a dhul ag déanamh cleas na hoíche faoi dheireadh: a theacht agus an dubh ar an oíche
Nuair a bheas an dubh ar an oíche, ní hin é do thráth. Teara in am nó fan uainn ar fad
Is iomaí lá nach ligeann sé uaidh iad nó go mbíonn an dubh ar an oíche. Cén bhrí ach an bealach fada atá rompu. Tabhair bealach fada air suas in aghaidh na n-aird siúd
3.
+–
Dubh a bhfuil in mo ghlaic ó sháil go rinn. Nuair is dearg dóibhsean is dubh dhomsa (cártaí)
An chuid is lú den dubh agus an chuid is mó den dearg is fearr — ag imirt cúig fichead nó cluichí den tsórt sin i gcártaí
TUILLEADH (1) ▼
Nár dhúirt mé leat an chuid is lú den dubh agus an chuid is mó den dearg a chur orthu. Ní bheidh tú in ann aon chárta a imirt go deo
4.
·
"Duibhín Ó Duibh thar farraige anoir, agus d'inseodh sí scéal gan féith gan fuil" (Tomhais ar litir. 'Sé an dúch Duibhín Ó Duibh)
dubh in iontrálacha eile (50+)
→
fara
Níl aon lonta dubha ná aon chéirseachaí ag taithí anseo chor ar bith anois ó réitíodh na crígheannaí ansin siar. Dheamhan fara acu ann
→
feiste
Ní ansin a théim ag an aifreann dubh ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireanach agus thug sé aghaidh mar a thabharfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! 'Dheamhan mé,' arsa mise liom péin, 'má scagaim mé fhéin uait an babhta seo nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!' Agus ní fhaca. Ní raibh mé ina fheiste ná ina fhínne ó shin. Téim suas go dtí an fear nach mbíonn doicheall aige roimh aon duine
→
foirm
Tá fuirseadh mór cainte aige ach nach bhfuil a leath i gclár ná i bhfoirm. Chuirfeadh sé dallach dubh ort mura mbeadh a fhios agat cé hé fhéin
→
froigisí
Tá na seálta froigisí ag dul i léig. Seálta dubha is mó atá ag teacht amach anois. Chreidim gurb iad is fhearr le aghaidh na strácála, agus nach mbíonn an salachar chomh suntasach orthu le na seálta eile
→
fág gan
Shílfeá gur mór an díth céille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos ansin thíos aige ar chóngar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
→
fágtha
Ní fhaca tú aon duine ariamh ba fágtha a bhí an oíche sin ná mise. Bhí mé amuigh i lár an chriathraigh bháite, an oíche chomh dubh le pic, agus mar bharr ar an dathúlacht an t-ocras ag teannadh liom. Shíl mé nach ndéanfainn eolas choíchin as.
→
fáideog
Déan bráideog fhíógaí agus gabhfaidh muid ag coinnleoireacht. Tá na crígheannaí sin siar beo beathach le smólaigh agus lonta dubha
→
fáinne
Cé leis an cat dubh sin a bhfuil an fáinne bán ann (timpeall a mhuiníl). Tá sé taithithe ar an tsráid seo le seachtain. Dhá bhfaighinnse ligean air, ní thabharfadh a chosa fhéin abhaile é in mo dhiaidh
→
fálach
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach pointe ar bith, agus dheamhan is móide, ina leaba sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
→
féar
Diabhal a dhath síos in íochtar an chlochair ach féar gliomach. Tá sé sin go fairsing ann. Ní bhfaightheá boirdín asail d'fheamainn dubh ar an roinn ar fad
→
carcair
Diabhal mé go mbíodh neart carcaireachaí giúsaí agus maidí dubha suas ansin fadó, ach ní fheicfeá ceann ar bith anois.
→
ceasúil
Feoil an-cheasúil í an mhuiceoil bhán sin. Tá col agam fhéin léithe. Mura bhfaighinn ruainne dubh, ní bhacfainn chor ar bith léithe.
Fuadaíodh amach sa teiscinn choimhthíoch é, 'siar ó Árainn, agus níor frítheadh a dhubh ná a dhath ná a thuairisc ó shin.
Níl aon cheo dhá ndéanann duine as bealach, i ngan fhios ná i gcomhfhios, nach bhfuil scríofa síos ansiúd ar leabhar an chuntais, agus dúshlán aon duine dallach dubh a chur ar Dhia. Siúd í an chúirt nach nglacfaidh na bréaga, a mhic ó.
→
cora
Is míthapúil an áit í an chora sin le theacht inti san oíche. Fhóbair gur bascadh mé oíche cheana inti. Bhí an oíche chomh dubh leis an daol agus gan fhios agam cá gcuirfinn mo chois, ach ag sméarthacht liom.
→
baile
Ní bhfuair mé dubh ná dath ná tuairisc mo chaoirín amuigh ná i mbaile, ariamh ó shin. Cneámhaire eicínt a d'ardaigh leis í agus a d'ith í. Deile!
+
→
bealach
Bealach fada é abhaile: beidh an dubh ar an oíche nuair a bheas muid ann.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh do chailleadh go deo air, ní chuirfeadh sé siúd é fhéin dubh na hiongan as a bhealach fhéin le fóirithint a dhéanamh ort.
→
bealaigh
Is beag an toradh a thabharfaidís sin ar an bPápa fhéin agus tagadh sé ag caint leo, arae tá an bhradaíl agus an leiciméireacht chomh bealtaithe isteach iontub anois agus nach scarfaidh sí leob go n-imí an ball dubh den fheadóig.
+
→
coraice
Tabharfaidh coraice dhubh na bliana a sháith le déanamh dhó — ní sháróidh sé dubhluachair na bliana.
TUILLEADH (17) ▼
Ní anois a theastódh farae ar bith uathub ach amach i gcoraice dhuibh na bliana nuair nach mbeidh tiomsacht ar bith ar an talamh.
Ní sháinneodh duine ar bith aon chaora anois — i gcoraice dhuibh na bliana thall. Cead scoir a bhí a thabhairt dóibh. Ar ndóigh ní millteanas a fhéadfas siad a dhéanamh agus chomh lom agus atá chuile áit.
Shílfeá gurb é coraice dhubh na bliana atá agaibh ann leis an ngliúrach de thine atá thíos agaibh. Diabhal aithne oraibh nach fuacht atá san aimsir!
Is measa é ná coraice dhubh an gheimhridh le fearthainn agus gairfean. Nach ag séideadh báistí atá sé le coicís i mbéal a chéile!
Cé nach bhfuil tú a thabhairt do na beithígh sheasca ach an ghabháilín fhéir sin? Is gearr le dhul orthub an teirgéis sin ar choraice dhuibh na bliana agus gan soláthar na solamar ar an talamh.
Gearrógaí dubha na Nollag, coraice dhubh na bliana, laethantaí na riabhaí, gairfean na gcuach, agus gaoth rua na Féile Sin Seáin — sin iad a chuireanns cruit ar an seaneallach. 'Siad, agus ar an duine fhéin go minic.
I nDomhnach, bhí an lá inniu chomh dona le aon lá a tháinig ar choraice dhuibh na bliana. Bhí barr sneachta ar an mbáistigh a chaith sé taca am dinnéir.
'Sí an mhí seo anois, agus cuid den mhí seo chugainn, coraice dhubh na bliana. Ní bhíonn fás faoi thada.
Coraice dhubh an gheimhridh a bhí ann, agus caitheadh na créatúir amach as an teach, agus fáisceadh glas air ina n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonaic tú ariamh mar é, agus gan teach ná áras acub ná áit a gcuirfidís thartub an oíche.
Is deas í bhur gceird gan bhréig, dhár gcrapadh fhéin suas chois claíochaí faoi ghaoith agus faoi dheallradh, agus ag fanacht ansin i gcaitheamh na hoíche. Cén bhrí ach an uair atá ann — coraice dhubh na bliana. Ní mó ná go ndéanfadh duine é i Mí Mheáin an tsamhraidh, ní áirím anois.
Geimhreadh! Is beag an bhrí é fós go dteaga coraice dhubh na bliana.
Tá díth céille ort ag baint do dhrár dhíot féin, go gcaitear coraice dhubh na bliana ar aon nós. Dar ndóigh, níor tháinig táirm ar bith ar an ngeimhreadh fós. Amach romhat atá a mhic ó!
Seo í coraice dhubh na bliana, ach is measa Mí na bhFaoillí mar sin fhéin. Mí na bhFaoillí a mharaíonns na caoirigh. Ba mhinic adeireadh M. Th. fadó é, go ndéana Dia grásta air.
Má tá sé ar bhéal na huaighe ag an aimsir seo, go bhféacha Dia air ach a dteaga coraice dhubh na bliana. Déanfaidh sí sin a chreach.
An bhfaca tú uair chomh breá léithe ariamh ar choraice dhubh na bliana. Má tá sí buille fuar fhéin, tá sí teann tirim, agus dar príocaí, is mór is fiú an triomach.
Tá chuile áit ina mhoirt ag an mbáistigh, ach chreidim gurb é nádúr na haire é. Deile cén chaoi a mbeadh sí ar choraice dhubh na bliana.
Rugadh uainín dhom anseo an bhliain cheana ar choraice dhubh na bliana. Ba é an chéad uan óg sa tír é. Ní fhaca tú in do shaol ariamh aon díthreabhach a bhí chomh meirbh leis. Daighean mé gur shrian sé thríd ina dhiaidh sin, dhá dhonacht dhá raibh an uair.
+
→
crinn
Chuirfeadh sé sin an dubh ina gheal ort dá ngéillteá dhó. Chloisfeá ag cumadóireacht é, agus dheamhan aithne air nach é cnámh chrinnte na fírinne a bheadh aige.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an choimhlint chomh géar orainn, agus curach na bhF. dhár gcrinneadh, agus gur bhuail faitíos mé, nuair a chasfadh muid ar ais sa gcóir, go ndéanfadh sí puca dubh ais dubh dhínn.
→
cromnasc
Más fearr leat cúirt ná cromnasc, bíodh agat. Beatha do dhuine a thoil, a mhic ó. Ach má mhilleann siad (na caoirigh) dubh na hiongan ormsa aríst, gheobhaidh mé rud ina ómós, feicfidh tú fhéin air.
→
crígh
Dheamhan crígh ná tom ar an mbaile nár casadh orainn! Is ait a chruthaigh muid agus ár mbealach a dhéanamh chor ar bith agus chomh dubh agus a bhí an oíche.
+
→
críoch
Crígh Fódla, Crígh Banbhan, Crígh Mhuire, Dhá Chrígh Mhuire, Crígh Fáil, An Chrígh Dhubh (ainm baile fearainn, ach b'fhéidir gur 6 atá i gceist anseo. Tá neart acu ann, ar aon nós!)
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ina chónaí ar an gCrígh Dhuibh (ainm baile fearann)
Casadh liom é ag ceann bóithrín na Críghe Duibhe (an áit chéanna)
→
cuach
Nach furasta cuid de na daoine a chuachadh suas. Dheamhan ann ach labhairt leo agus cuirfidh duine ar bith dallach dubh orthub!
→
boscaed
B'fhearr duit boscaeidín fataí nua a bhaint. Mura bhfuil siad isteach anois, ní bheidh siad isteach i mbliana, agus é ina Dhomhnach Chrom Dubh thall — tá sé in am ag na fataí nua a bheith in alt a mbainte feasta agus Domhnach Chrom Dubh ar fáil.