Dubh
—mar Réimmír roimh ainm-fhocal
—
(i) droch-; déanann sé an cháilíocht atá i gceist san ainm-fhocal go dona.  Tabhair faoi deara gur ar an réimmír dubh- agus nach ar an ainmfhocal atá béim an ghotha, fearacht mar tá sé i dubh-ghorm, Dubhghlas agus rl.  Fc. dubh; (ii) nó ní chiallaíonn sé ach dath dubh (dubhleatha, dubhliathach etc)
Dubh in iontrálacha eile (50+)
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                  
                    
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                Tá dubh-fhaitíos air go gcuirfí san bpríosún é
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Bhí an dubh-fhaitíos air ag dul isteach
                    
                    →
                    fara 
                  
                  
                    Níl aon-lonta dubha ná aon-chéirseachaí ag taithighe annseo chor ar bith anois, ó réitíodh na crígheannaí annsin siar.  Dheamhan fara aca ann
                    
                    →
                    foirm 
                  
                  
                    Tá foirseadh mór cainte aige, ach nach bhfuil a leath i gclár ná i bhfoirm.  Chuirfeadh sé dallach dubh ort mara mbeadh a fhios agad cé hé fhéin
                    
                    →
                    froigisí 
                  
                  
                    Tá na seálta fruigisí ag dul i léig.  Seálta dubha is mó atá ag teacht amach anois.  Chreidim gurb iad is fhearr l'aghaidh na strácála, agus nach mbíonn an salachar cho sunntasach orra le na seálta eile
                    
                    →
                    fág gan 
                  
                  
                    Shílfeá gur mór an dícéille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos annsin thíos aige ar chongar.  Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh.  Oibríodh sé leis.  Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur.  Sin é a fhearacht aige sin é
                    
                    →
                    fágtha 
                  
                  
                    Ní fhaca tú aonduine ariamh ba fágha a bhí an oíche sin ná mise.  Bhí mé amuigh i lár an chriathraigh bháite, an oíche cho dubh le pic, agus mar bharr ar an dathúlacht an t-ocras ag teannadh liom.  Shíl mé nach ndéanfainn eólas choíchin as.
                    
                    →
                    fáideog 
                  
                  
                    Déan bráideóg fhíógaí agus gabhfaidh muid ag coinnleóireacht.  Tá na crícheannaí sin siar beó beitheach le smólaigh agus lonta dubha
                    
                    →
                    fáinne 
                  
                  
                    Cé leis an cut dubh sin a bhfuil an fáinne bán ann (timpeall a mhuiníl).  Tá sé taithí ar an tsráid seo le seachtain.  Dhá bhfaghainnse leigean air, ní thiúrfadh a chosa fhéin abhaile é in mo dhiaidh
                    
                    →
                    fálach 
                  
                  
                    Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas.  Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach puinte ar bith, agus dheamhan agus móide, in a leabaidh sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche.  Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
                    
                    →
                    féar 
                  
                  
                    Diabhal a dhath síos in íochtar an chlochair ach féar gliomach.  Tá sé sin go fairsing ann.  Ní bhfuightheá boirdín asail d'fheamainn dubh ar an roinn ar fad
                    
                    →
                    carcair 
                  
                  
                    Diabhal mé go mbíodh neart carcaireachaí giumhasaighe, a's maidí dubha suas annsin fadó, ach ní fheicfeá ceann a' bith anois.
                    
                    →
                    ceasúil 
                  
                  
                    Feoil an-cheasamhail í an mhuicfheoil bhán sin.  Tá col agam fhéin léithe.  Mara bhfaghainn ruainne dubh, ní bhacfainn chor a' bith léithe.
                    Níl aon-cheo dhá ndéanann duine as bealach i ngan-fhios ná i gcoimhfhios nach bhfuil scríobhtha síos annsiúd ar leabhar a' chunntais, a's dubhshlán aon-duine dallach dubh a chuir (a chur) ar Dhia.  Siúd í an chúirt nach nglacfa na bréaga, a mhic ó.
                    
                    →
                    cora 
                  
                  
                    Is mío-thapamhail an áit í an charra sin le theacht innte 'san oidhche.  Fhobair gur bascadh mé oidhche cheana innte.  Bhí an oidhche chomh dubh leis a' daol, a's gan fhios agam, cá 'gcuirfinn mo chois, ach a' sméarthacht liom.
                    Ní mó ná dhá mbeadh Céadtach ar a' saoghal anois, go mbeadh sé indon deasú leis siúd.  Tá sé dubh-láidir.
                    
                    →
                    baile 
                  
                  
                    Ní bhfuair mé dubh ná dath ná tuairisc mo chaoirín amuigh ná i mbaile, ariamh ó shoin.  Cneamhaire eicínt a d'árduigh leis í a's a d'ith í.  'D'eile!
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    bealach 
                  
                  
                    Níl sé ionrásta ag a' bhfiadh an bealach sin a shiubhal amach sa ngeimhreadh, nuair a bhío(nn)s dubh-luachair na bliadhna ann, a's an easca báithte.
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Bealach fada é abhaile: beidh an dubh ar an oidhche nuair a bheidheas muid ann.
                    Dhá mbeadh do chailleadh go deo air, ní chuirfeadh sé siúd é fhéin dubh na h-iongan as a bhealach fhéin, le fóirithint a dhéanamh ort.
                    
                    →
                    bealaigh 
                  
                  
                    Is beag an toradh a thiubhraidís sin ar a' bPápa fhéin, a's tagadh sé a' cainnt leo, arae tá'n bhradghail a's an leiciméaracht chomh bealtuighthe isteach ionnta(b) anois, a's nach scarfa sí leo(b) go n-imthighe an ball dubh de'n fheadóig.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    coraice 
                  
                  
                    Tiubharfa coruice dhubh na bliadhna a sháith le déanamh dhó = ní shárócha sé dubh-luachair na bliadhna.
                    
                        TUILLEADH (17) ▼
                      
                    
                  
                    Ní anois a theastóchadh farae ar bith uatha(b) ach amach i gcoruice dhuibh na bliadhna, nuair nach mbeidh tiomsacht ar bith ar a' talamh.
                    Ní sháinneochadh duine 'bith aon-chaora anois — i gcoruice dhuibh na bliadhna thall.  Cead scuir a bhí a thabhairt dóib.  Ar ndú (dar ndóigh) ní millteanas a fhéadfas siad a dhéanamh, a's chomh lom a's tá 'chuile áit.
                    Shílfeá gurab é coruice dhubh na bliadhna atá agaibh ann leis a' ngliúrach {{(gleorach) de theine atá thíos agaibh.  Diabhal aithne oraibh, nach fuacht atá 'san aimsir!
                    Is measa é ná coruice dhubh an gheimhridh le fearthainn a's gairbhshion.  Nach a' séideadh báistighe atá sé le coigcigthis i mbéal a chéile!
                    Ceadh nach bhfuil tú a thabhairt do na beithidhigh sheasca, ach an ghabhailín fhéir sin?  Is gearr le dhul orra(b) an teirgéis sin ar choruice dhuibh na bliadhna a's gan soláthar na solamar ar a' talamh.
                    Gearrógaí dubha na Nodlag, coruice dhubh na bliadhna, laetheantaí na Riabhaighe, Gairbhshion na gCuach, a's gaoth ruadh na Féile Sin Seáin — sin iad a chuirea(nn)s cruit ar an sean-eallach.  'Siad, agus ar a' duine fhéin go minic.
                    InDomhnach bhí an lá indiu chomh dona le aon-lá a tháinic ar choruice dhuibh na bliadhna.  Bhí barr sneachta ar a' mbáist(igh) a chaith sé taca am 'dinnéir.
                    'Sí an mhí seo anois a's cuid de'n mhí seo chugainn coruice dhubh na bliadhna.  Ní bhíonn fás faoi thada.
                    Coruice dhubh an gheimhridh a bhí ann, a's caitheadh na créatúir amach as a' teach, a's fáisceadh glas air in a n-aghaidh.  Dheamhan créatúlacht a chonnaic tú ariamh mar é, a's gan teach ná árus aca(b), ná áit a gcuirfidís tharta(b) an oidhche.
                    Is deas í 'ur gceird gan bhréig, dhár gcrupadh fhéin suas chois claidhtheachaí faoi ghaoith a's faoi dheallradh, a's a' fanacht annsin i gcaitheamh na h-oidhche.  Cé'n bhrigh ach an uair atá ann — coruice dhubh na bliadhna.  Ní mó ná go ndéanfadh duine é i Mí mheodhain a' tSamhraidh, ní áirmhighim anois.
                    Geimhreadh!  Is beag a' bhrigh é fós go dteaga (dtaga) coruice dhubh na bliadhna.
                    Tá díthcéille ort, a' baint do dhrár dhíot féin, go gcaithtear coruice dhubh na bliadhna, ar aon-nós.  Dar ndóigh níor tháinic tairm a' bith ar a' ngeimhreadh fós.  Amach romhat atá a mhic ó!
                    Seo í coruice dhubh na bliadhna, ach is measa Mí na bhFaoillí mar sin fhéin.  'Mí na bhFaoillí a mharbhuighea(nn)s na caoirigh'.  Badh mhinic adeireadh M. Th. fadó é, 'ndéana Dia grásta air.
                    Má tá sé ar bhéal na h-uaighe ag an aimsir seo, go bhféacha Dia air, ach a dteaga coruice dhubh na bliadhna.  Déanfa sí sin a chreach.
                    'Bhfaca tú uair chomh breagh léithe ariamh ar choruice dhubh na bliadhna.  Má tá sí buille fuar fhéin tá sí teann tirm, agus dar príocaidhe is mór is fiú an triomach.
                    Tá chuile áit in a mhoirt ag a' mbáistigh, ach chreidim gurab é nádúr na h-Uaire é.  D'eile cé'n chaoi 'mbeadh sí ar choruice dhubh na bliadhna.
                    Rugadh uainín dhom annseo an bhliadhain cheana, ar choruice dhubh na bliadhna.  Badh é an chéad uan óg sa tír é.  Ní fhaca tú in do shaoghal ariamh, aon-dithreabhach a bhí chomh meirbh leis.  Daighean mé gur shrian sé thríd 'na dheidh sin, dhá dhonacht dhá raibh an uair.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    crinn 
                  
                  
                    Chuirfead sé sin an dubh in a gheal ort dá ngéillteá dhó.  Chloisfeá a' cumadóireacht é, a's dheamhan aithne air nach hé cnámh chrínnte na fírinne a bheadh aige.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Bhí an choimhlinnt chomh géar orainn, a's currach na bhF. dhá'r gcreinneadh, a's gur bhuail faitchíos mé, nuair a chasfadh muid ar ais, sa gcóir, go ndéanfad sí puca dubh a's dubh dhínn.
                    
                    →
                    cromnasc 
                  
                  
                    Má's fearr leat cúirt ná cromnasc, bíodh agad.  'Beatha do dhuine a thoil', a mhic ó.  Ach má mhilleann siad (na caoirigh) dubh na h-iongan ormsa aríst, gheobha mé rud in' omós, feicfe tú fhéin air.
                    
                    →
                    crígh 
                  
                  
                    Dheamhan crích ná tom ar a' mbaile nar casadh orainn!  Is ait a chruthuigh muid a's ar mbealach a dheanamh chor ar bith, a's chomh dubh a's bhí an oidhche.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    críoch 
                  
                  
                    Crígh Fódla, Crígh Banban, Crígh Mhuire, Dhá Chrích Mhuire, Crígh Fáil, An Chrígh Dhubh (ainm baile fearainn, ach b'fhéidir gur (v) réamhráidhte atá i gceist annseo.  Tá neart acu ann, ar aon-nós!).
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Tá sé in a chomhnuidhe ar an gCrígh Dhuibh (ainm baile fearann).
                    Casadh liom é ag ceann bóithrín na Críghe Duibhe (an áit chéadna).
                    
                    →
                    cuach 
                  
                  
                    Nach furasta cuid de na daoine a chuachadh suas.  Dheamhan ann ach labhairt leo, a's cuirfe duine 'bith dallach dubh orra(b)!