Dubh-anna
—ainm-fhocal, buineann
—
coruice dhubh na bliana; dubhluachair na bliana. Ach ní móide go mbeadh sé cho barrainneach ar fad le dubhluachair. Is mór a chiallaíos sé an chuid den dubhluachair a bhíos fuar garbh deallruithe: coicís nó mar sin indeireadh Eanair nó faoi Fhéil Bríde ("Tiúrfaidh sé anna go breá uaidh". Fc. anna).
·
Seo í dubhanna na bliana. An t-am seo i gcomhnaí a ghníos sé chuile droch-shíon. Caithfidh sé rud eicínt i mbliana muis. Is maith an t-ádh atá orainn nó gheobhamuid droch-thuairt shneachta. Sén gothadh atá air é
Tá an ghrian ag árdú san spéir aríst ach má tá féin níl aon-aithne ar an lá go bhfuil aon-tsíneadh air fós. 'Ar ndú' sí dubhanna na bliana í, agus is beag an mhaith cén síneadh a thiocfas air go n-eirí sé as an bhfuaraíocht agus as an doininn seo. Is uafás é le cupla lá
Féach freisin
→
ana
Dubh-anna in iontrálacha eile (1)
Tá an iascach caithte idtraipisí le deireannaighe ó a thosuigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleaghán mhóna l'aghaidh na teine. Thriomóchadh anna na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshluagh aca thíos ar 'chuile charraig annsin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceál anois ann