Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubh-ana
ainmfhocal, baineann
coraice dhubh na bliana; dubhluachair na bliana. Ach ní móide go mbeadh sé chomh barainneach ar fad le dubhluachair. Is mór a chiallaíos sé an chuid den dubhluachair a bhíos fuar garbh deallraithe: coicís nó mar sin i ndeireadh Eanáir nó faoi Fhéil Bríde (Tabharfaidh sé ana go breá uaidh, fc. ana).
·
Seo í dubh-ana na bliana. An t-am seo i gcónaí a ghníos sé chuile drochshíon. Caithfidh sé rud eicínt i mbliana muis. Is maith an t-ádh atá orainn nó gheobhaidh muid drochthuairt shneachta. 'Sé an gotha atá air é
Tá an ghrian ag ardú sa spéir aríst, ach má tá féin, níl aon aithne ar an lá go bhfuil aon tsíneadh air fós. Ar ndóigh sí dubh-ana na bliana í agus is beag an mhaith cén síneadh a thiocfas air go n-éirí sé as an bhfuaraíocht agus as an doininn seo. Is uafás é le cupla lá

Féach freisin

ana

dubh-ana in iontrálacha eile (1)

 
Tá an iascach caite i dtraipisí le deireanaí ó thosaigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo, ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleán mhóna le aghaidh na tine. Thriomódh ana na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshlua acu thíos ar chuile charraig ansin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceáil anois ann