Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubhgheimhreadh
ainm-fhocal, fireann
lár an gheimhridh; an t-am is measa an geimhridh; tar éis na Nodlag nó dubhluachair na bliana.
+
'Ar ndú 'ba mhó ba gheall le lá dubhgheimhridh an lá inniu ná le lá samhraidh. Dar fia is caillte an aimsir í an tráth seo bhliain
Beithigh a dhul ag tiomsacht i lár an dubhgheimhridh thall! Dar príosta beithigh ar bith nach bhfuighidh farae anois, is gearr an bás uatha
TUILLEADH (2) ▼
Sén dubhgheimhreadh a bhí ann ar chaoi ar bith arae is cuímneach liom go rí-mhaith go raibh an talamh faoi shneachta, agus gur caitheadh cnapáin linn thiar ag tigh D. L. Bhí plód cruinnithe ann
Cén áit san míadh a dtiúrfadh do chosa thú amach 'un criathraigh i lár an dubhgheimhreadh. Má thugann tú S. C. ort féin anois, báite i gcaochpholl a gheofar thú. Ní shiúilfeadh na fiadhanna an sliabh anois

Féach freisin