Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubhgheimhreadh
ainmfhocal, fireann
lár an gheimhridh; an t-am is measa an geimhridh; tar éis na Nollag nó dubhluachair na bliana.
+
Ar ndóigh ba mhó ba gheall le lá dubhgheimhridh an lá inniu ná le lá samhraidh. Dar fia is caillte an aimsir í an tráth seo bhliain
Beithígh a dhul ag tiomsacht i lár an dubhgheimhridh thall! Dar príosta beithígh ar bith nach bhfaighidh farae anois, is gearr an bás uathu
TUILLEADH (2) ▼
'Sé an dubhgheimhreadh a bhí ann ar chaoi ar bith, arae is cuimhneach liom go rímhaith go raibh an talamh faoi shneachta agus gur caitheadh cnapáin linn thiar ag tigh D. L. Bhí plód cruinnithe ann
Cén áit sa mí-ádh a dtabharfadh do chosa thú amach chun criathraigh i lár an dubhgheimhridh. Má thugann tú S. C. ort féin anois, báite i gcaochpholl a gheofar thú. Ní shiúlfadh na fianna an sliabh anois

Féach freisin