Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubh oidhir
ainm-fhocal, buineann
deirtear dubh ghadhair scaití
sioc dubh, é a bheith ag sioc as cosa i dtaca nó go tréan; cuisní.
+
Tá sé ag séideadh dubh oidhre. Gabhfaidh sé thrí chlár daraí anocht
Diabhal mé go bhfuil sé ag cur dubh oidhre as cosa i dtaca. Beidh reólach ar bhóithrí amáireach.
TUILLEADH (4) ▼
Is maith í an dubhoidhir seo ag "meaingeals" … Ag ceapadh nach ngabhfaidh sé cho fada leó! Go dtugaidh Dia ciall duit! Gabhfaidh sé sin go talamh íochtair agus faoi
Bhí sé ag cur dubhoidhre an oíche chéanna mar a bheadh Dia dhá rá leis. Agus meastú ina dheidh sin nach raibh sé caite annsin ar an mbóthar, agus dheamhan strúmpadh ná a dhath a bhí air nuair a fríodh é, ach é ina shrainn chodlata. Dhá dteigheadh culaith leac oidhre air siúd, dheamhan thiomanta ceó a dhéanfadh sí air. Tá sé cho folláin leis an mbreac.
Sneachta a gheobhas tú as an dubh oidhir seo. Tá droch-chur eicínt air ar chaoi ar bith. Ní chreidfinn béal an Phápa nach bhfeicfeá séidthe ina shneachta é an t-am seo amáireach. Is olc iad na tóineanna dubha sin thoir
Gabhfaidh sé ar dhubh oidhir as an ngaoith seo. Deirim leat go dtiocfaidh. An bhfaca tú an chaoi a ndeachaidh sí suas indiaidh a tóna aréir. Chuaigh scuaine de na géabha fíáine ó dheas anocht. Ní deagh-chosúlacht ar bith é sin

Féach freisin