dubhoighir
—ainmfhocal, baineann
—deirtear dubhghadhair scaití
—
sioc dubh, é a bheith ag sioc as cosa i dtaca nó go tréan; cuisní.
+–
Tá sé ag séideadh dubhoighre. Gabhfaidh sé thrí chlár daraí anocht
Diabhal mé go bhfuil sé ag cur dubhoighre as cosa i dtaca. Beidh reolach ar bhóithrí amárach
TUILLEADH (4) ▼
Is maith í an dubhoighir seo ag meaingeals … Ag ceapadh nach ngabhfaidh sé chomh fada leo! Go dtuga Dia ciall duit! Gabhfaidh sé sin go talamh íochtair agus faoi
Bhí sé ag cur dubhoighre an oíche chéanna mar a bheadh Dia dhá rá leis. Agus meas tú ina dhiaidh sin nach raibh sé caite ansin ar an mbóthar, agus dheamhan strompadh ná a dhath a bhí air nuair a frítheadh é ach é ina shrainn chodlata. Dhá dtéadh culaith leac oighre air siúd, dheamhan thiomanta ceo a dhéanfadh sí air. Tá sé chomh folláin leis an mbreac
Sneachta a gheobhas tú as an dubhoighir seo. Tá droch-chur eicínt air ar chaoi ar bith. Ní chreidfinn béal an Phápa nach bhfeicfeá séidte ina shneachta é an t-am seo amárach. Is olc iad na tóineanna dubha sin thoir
Gabhfaidh sé ar dhubhoighir as an ngaoith seo. Deirim leat go dtiocfaidh. An bhfaca tú an chaoi a ndeachaigh sí suas i ndiaidh a tóna aréir. Chuaigh scuaine de na géabha fiáine ó dheas anocht. Ní dea-chosúlacht ar bith é sin
Féach freisin
→
oighir