Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Duilleog
/d′iʟ′ōɡ/: /d′iʟ′ōɡ′/
ainm-fhocal, buineann
tuiseal geineamhnach uathaidh: duilleoige
uimhir iolraidh: duilleogaí.
Fc. freisin billeog
cineál féitheachaí cruadh atá isteach faoi t'asnachaí ag béal do chléibh nó thíos faoi do chích. Cartilege nó gristle atá air i mBéarla. Tá le rádh gurb ann a bhíos cleithín tuithte ag daoine.
+
Bhuail tú isteach ar an duilleoig mé. Chuir tú pian i mo chroidhe
Tá doigh eicínt isteach san duilleoig orm, maran cleithín a bheadh ag tuitim agam.
TUILLEADH (2) ▼
Isteach annsin i mbéal na duilleoige atá sé ag dul dom. Deir siad seo gur cleithín atá mé a tholgadh, ach ní chreidimse go bhfuil a leithide chor ar bith ann
Bhí sé ag putráil scathamh mór le mo dhuilleoig annsin, agus chuir sé pian orm, ach dheamhan a chos a leag aon-ghloine orm. Sílimse nach bhfuil a fhios aige siúd céard is cor do chleithín chor ar bith. Ní hé a chosamhlacht go bhfuil a fhios ar aon-chor