Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
duilleog
/d′iʟ′ōɡ/, /d′iʟ′ōɡ′/
ainmfhocal, baineann
tuiseal ginideach uatha: duilleoige
uimhir iolra: duilleogaí
fc. freisin bileog
 cineál féitheachaí crua atá isteach faoi t'easnachaí ag béal do chléibh nó thíos faoi do chích. Cartilegegristle atá air i mBéarla. Tá le rá gurb ann a bhíos cléithín tite ag daoine.
+
Bhuail tú isteach ar an duilleoig mé. Chuir tú pian i mo chroí
Tá daigh eicínt isteach sa duilleoig orm, muran cléithín a bheadh ag titim agam.
TUILLEADH (2) ▼
Isteach ansin i mbéal na duilleoige atá sé ag dul dom. Deir siad seo gur cléithín atá mé a tholgadh, ach ní chreidimse go bhfuil a leithide chor ar bith ann
Bhí sé ag potráil scaitheamh mór le mo dhuilleoig ansin, agus chuir sé pian orm, ach dheamhan a chos a leag aon ghloine orm. Sílimse nach bhfuil a fhios aige siúd céard is cor do chléithín chor ar bith. Ní hé a chosúlacht go bhfuil a fhios ar aon chor