Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dáil
sa leagan i ndáil le /ə ɴāl′ l′ɛ̄/
Tá an leagan seo an-choitianta i gcaint. 'Sé an focal is minice ar "almost" an Bhéarla é ar fud na Gaillimhe ar fad. Ach is minice go mór adeirtear ráidhtí ar nós "bean a bhí indáil liom", "teach a bhí indáil leis", "bóthar a bhí in dáil leobhtha" ar an Achréidh ná taobh thiar de Ghaillimh. Leagan ainm-bhriathrach, aidiacht-bhriathrach, nó réamh-fhoclach nó aidiachtach, agus níos annaimhe ná sin leagan le ainm-fhocal a theagas ar lorg "indáil le" taobh thiar de Ghaillimh. Ach ní mór a rádh go bhfuil leaganacha ar nós "thoir indáil le Páirc na Rástaí" coitianta go maith taobh thiar freisin. "Geall" adeirtear i leabaidh "indáil" in a lán ceanntar in Iarthair na Gaillimhe fc. geall
in aice, ingar, ionann, buailte ar, beagnach, ionann agus é, ar na buird, ar na bocáin chuig, gar go leor do etc.
+
Bhí "prayer book" ag bean a bhí indáil liom agus mé féin gan dadaí = ingar dom; le m'ais
B'fhearr dhuit a theacht soir indáil linn. Bhfuighidh(?) (gheobhaidh) tú 'chuile chóir uainn
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé féin agus J. M. indáil le chéile. Agus má tá féin níl siad an-mhuintreach le chéile
Gabhfaidh sí soir indáil leis an deirbhshiúr eile anois. Tá áiteacha maithe soir annsiúd i gCoill an Bhoga(igh)
Bhí sé ag teannadh indáil liom ariamh ariamh nó go raibh sé le m'ais (Achréidh, Iarthair na Gaillimhe)
Doirt indáil léithe agus bain fáscadh aiste
"A Pheigí Bhán suidh indáil liom: is tú cuisle geal mo chléibh" (As "Mná Deasa Locha Riach")
Ní raibh baoghal ar bith ormsa suidhe indáil leis sin. Sháróchadh sé mé i gcaitheamh na h-oíche lena chuid floscaidheacht'
Shuidh puicneach mhór indáil liom sa mbus, agus ní raibh mé féadachtáil corrughadh aige, bhí sé cho mór cho beaithtí sin (Achréidh)
+
Tá sé thuas indáil le Baile Átha an Ríogh = inaice Bhaile Átha an Ríogh (Achréidh; Iarthair na Gaillimhe)
Dhíol sé a chuid talmhana annseo agus chuaidh sé suas indáil le Baile Átha Cliath. Deir siad go bhfuil feilm mhór aige annsiúd
TUILLEADH (10) ▼
Teann siar indáil le Gaillimh. Beidh tú ar do mhian ceart annsin: neart cailíní, neart óil, agus neart peictiúir
Tá a theach indáil liomsa thoir annsiúd
Tá sé in a chomhnaí thiar indáil leis an gC. R. leis an tsíorraidheacht. Thug sé cúl ar fad do'n Bh.
Bhí mé thoir indáil le Ó. Is ann atá an fear a cheannuigh an mhóin uaim ina chomhnaí
Bhí mise san áit a bhfuil sí pósta: thoir indáil le tórainn Roscomáin. Má tá fhéin, tá sí in a suidhe go te ann
Bhí mé thiar indáil le tigh Sh. an Gh. (nó indáil le ag) nuair a tháinic an múr orm. Chuaidh mé isteach ann ar fascadh
Tá a theach thíos annsiúd indáil leis an gcladach. 'Sé an teach is fuide síos de'n bhaile ar fad é, 'sé sin
Tá a chuid portaigh indáil leis an easca. Go deimhin is droch-phortaigh iad. Ní tada eile iad
Brugh indáil leis an teine, agus tabhair goradh dhuit féin. Tá ceart agad a bheith fuar th'éis t'aistear. Phréachfadh an lá indiu na fiadha dhubha
Bhí sé thíos indáil leis an gcéibh, agus é sínte ar an móinín bán ann. Dheamhan duine beo nach sílfeadh go raibh sé criogtha leis an mbail a bhí air
+
Tá sé indáil le buailte (an Gearmánach) = beagnach (cuirtear isteach bheith go minic freisin is na ráidhtí seo .i. tá sé indáil le bheith buailte; ach measaim thríd agus thríd gur minice a fágtar ar lár é)
Bhí sé indáil le briste de'n obair, marach an chaoi a ndeacha mise 'un cainte leis an "mboss"
TUILLEADH (17) ▼
Tá muid indáil le críochnuighthe anois
Bhí sé indáil le bheith déanta aige an uair sin
Bhí sé indáil le bheith tóigthe ag na póilíos, nó go dtáinic an bhean anoir, agus gur iarr sí ar son Dé gan a chur isteach
Tá sé indáil le dhul do mo bhualadh annsin ó mhaidin
Chuaidh sé indáil le dhá mhaslú faoi araoid ar bith a chur air
M'anam go raibh sé indáil lena bhacadh faoin bhfeamuinn a chur ar bruach
Bhí sé indáil le gan bonn bán a bheith air nuair a tháinic an udhachta
Tá an sioc seo indáil le gan fata ar bith a fhágáil againn i mbliana
Tá sé indáil le ag fáil bháis
Bhí sé indáil le ag cur amach = múisc
Bhí sé indáil le ag imeacht marach gur stopadh é
Tá sé indáil le ag cur shneachta
Bhí sé indáil le ag caoineachán le droch-mhúineadh
Tá sé indáil le ag báisteach cheana
Feicthear dhom go mbadh cheart go mbeadh sé indáil le ag trághadh feasta
D'iarr sé indáil lena phárdún faoi'n méid sin trioblóide a chur air (geall lena phárdún freisin)
Tá sé in dáil le mara bhíodh sé ariamh = ar a chóir féin: iomlán bisigh aige
+
Ba cheart dó a bheith indáil le ar fáil anois. Is fadó indiu a d'imigh sé
Bhí muid indáil le bheith ar a' (ar) mine-ghéire i gcaitheamh an lae
TUILLEADH (19) ▼
Tá sé indáil le ar meisce
Bhí sí indáil le ar na preaba deireannacha shul má tháinic an sagart
Bhí sé indáil le ar seachrán aríst muis, marach go dtug mise faoi deara ar an mbóthar é agus gur chuir mé an lúbán air sa gcró
Tá tú indáil le aisti. Cluiche eile agus beidh sí glan (scilling in imirt)
Bhí sé indáil le as an mbean sin muis, marach a fheabhas agus a thapuigh sé í
Bhí mé indáil le thar an gcara, nuair a chonnaic mé an lonnadh san uisce
Bhí mé indáil le roimhe sa mbaile. Is beag eile a bheadh agam agus bheinn roimhe
Bhí sé indáil le thoir ag an Aifreann nuair a tháinic an donacht air
Bhí an ghirrfhiadh indáil le aice (ag an gcú) nuair a thug sé cor eile
Bhí mé indáil le ag an Ros indiu
Bhí sé indáil le dhíom agam nuair a bhuail ath-shlaghdán mé
Bhí an fear mór indáil le dhíom agam nuair a tháinic an dearbhráthair
Shílfeá go raibh sé indáil le idir dhá chomhairle faoin a thabhairt dom nuair a chuir an bhean a ladar isteach
Tá sé indáil le thrídh aoithiú anois. Dubhairt an dochtúr dhá maireadh sé cupla uair eile go raibh aige
Tá an bóthar nuadh indáil le go portach agam anois
Chuaidh sé indáil le go cladach shular rug mé air
Cuirfidh an t-airgead sin anois indáil le go dtí na dhóthain é, ach is deacair é siúd a chur go dtí na dhóthain. Tá an drabhlás mór ann
Chuaidh sé indáil le ar a ghlúine dhó
Tá sé indáil le ar an mbeagán anois = tá sé caithte aige go dtí an beagán
+
Bhí sé indáil le ina olc air = is beag nach raibh olc air
Dar príosta bhí sé indáil le in a fhaitíos orm féin, nuair a chonnaic mé an sonnda
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé indáil le ina lá
Tháinic sé indáil le ina imní uirri nuair nach raibh ag teacht dó
Diabhal mé go bhfuil sé indáil len a ghála
Dheamhan mé nach h-eadh ach go bhfuil an múr seo indáil le in a shneachta chorpanta
Meastú an bhfuil sé indáil le in a thuile
Tá sé indáil le in a fhear
Tá Seán seo thiar anois indáil le bheith in a chneamhaire cho mór len a athair
+
Tá sé indáil le amuigh (as an teach) ag na deirbhshiúrachaí
Tá an fear mór seo againn féin indáil le istigh aríst. Cupla céad bhót eile agus beidh
TUILLEADH (6) ▼
Tá siad indáil le thiar ag R. anois
Tá an chith indáil le thart. Ní miste sin muis
Tá muid indáil le taobh leis an leathchoróin aríst, th'éis a raibh gnóithte againn ar ball. Uair bheag agus uair mhór arsa tusa
Bhí mé indáil le d'fhuireasbhaidh mo phuint
Tá sé indáil le cho tugtharach do'n ól le ceachtar aca
Tá an teach sin ag G. indáil le cho h-áirgeamhail le ceachtar aca
+
Ní dheacha sé aon dheich bpunt ach chuaidh sé indáil leis
Níl an bóthar fós déanta go dtí barr na ngarrantaí ach tá sé indáil leis
TUILLEADH (6) ▼
Níl sé na cheithre scóir ach tá sé indáil leis
Ní bhfuair sé bás fós ach tá sé indáil leis
Níor eirigh mé ach bhí mé indáil leis
Níor báthadh é, ach bhí sé indáil leis, marach an fear maith a bhí ann
Níor dhubhairt mé leis é ach bhí mé indáil lena rádh
Níor íoc mé é, ach bhí mé indáil len a íoc marach an chaoi a ndeacha fainic orm
+
Tá sé briste nó in [dáil] leis. (deirtear freisin "tá sé briste: indáil leis" nó "tá sé briste geall leis" fc. geall)
Chaith sé punt nó indáil leis
TUILLEADH (9) ▼
Fuair sé bás indáil leis nuair a chuala sé go raibh a fhios agamsa é
Bhánuigh sé é féin nó indáil leis, le na beithidhigh sin
Chriog mé é: indáil leis
Bhuail mé é indáil leis faoi'n méid sin féin a rádh
Ná bac le indáil leis. Tá sé déanta ar fad aige = ní indáil le déanta atá sé, ach déanta ar fad
Ná bac le indáil leis. Bhí sé ar meisce críochnuighthe
An bhfuil sé an sé fós? Freagra: indáil leis
An bhfuil tú réidh? Freagra: indáil leis
Tá nó indáil leis. Ní fiú dhom a rádh nach bhfuil mé críochnuighthe
+
Is indáil le ina chomhnaí a chonnaic muid ariamh é
Is indáil le fliuch a bhíos sé annseo 'chuile lá dhá n-eirigheann orainn
TUILLEADH (4) ▼
Ba indáil le go dona a chaith a athair féin an saoghal
Ba indáil le ar an leabaidh a chaith sé na blianta deireannacha fré chéile
Is indáil le cheal éadaigh atá an duine bocht ó a chonnaic mise an chéad lá ariamh é
Is indáil le in a ghlúineach atá an garrdha fataí sin thoir ar fad

Dáil in iontrálacha eile (2)

 
Shílfeá mara mbeadh len íoc aige ach dálaí beaga mar sin go n-íocfadh sé iad = suimeannaí beaga airgid ó am go h-am
 
Ag dligheadóireacht a bhíos siad i gcomhnaí ins an Dáil sin