Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dáil
sa leagan i ndáil le /ə ɴāl′ l′ɛ̄/
tá an leagan seo an-choitianta i gcaint. 'Sé an focal is minice ar almost an Bhéarla é ar fud na Gaillimhe ar fad. Ach is minice go mór adeirtear ráití ar nós bean a bhí i ndáil liom, teach a bhí i ndáil leis, bóthar a bhí i ndáil leofa, ar an Achréidh ná taobh thiar de Ghaillimh. Leagan ainm bhriathartha, aidiacht bhriathartha, nó réamhfhoclach nó aidiachtach, agus níos annaimhe ná sin leagan le ainmfhocal, a theagas ar lorg i ndáil le taobh thiar de Ghaillimh. Ach ní mór a rá go bhfuil leaganacha ar nós thoir i ndáil le Páirc na Rástaí coitianta go maith taobh thiar freisin. Geall adeirtear i leaba i ndáil in a lán ceantar in iarthar na Gaillimhe (fc. geall)
in aice, i ngar, ionann, buailte ar, beagnach, ionann is é, ar na boird, ar na bacáin chuig, gar go leor do srl.
+
Bhí prayer book ag bean a bhí i ndáil liom agus mé féin gan dadaí — i ngar dom; le m'ais
B'fhearr dhuit a theacht soir i ndáil linn. Bhfaighidh(?) (gheobhaidh) tú chuile chóir uainn
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé féin agus J. M. i ndáil le chéile. Agus má tá féin níl siad an-mhuintreach le chéile
Gabhfaidh sí soir i ndáil leis an deirfiúr eile anois. Tá áiteacha maithe soir ansiúd i gCoill an Bhogaigh
Bhí sé ag teannadh i ndáil liom ariamh ariamh nó go raibh sé le m'ais (Achréidh, iarthar na Gaillimhe)
Doirt i ndáil léithe agus bain fáscadh aisti
"A Pheigí Bhán suigh i ndáil liom: is tú cuisle geal mo chléibh" (As Mná Deasa Locha Riach)
Ní raibh baol ar bith ormsa suí i ndáil leis sin. Sháródh sé mé i gcaitheamh na hoíche lena chuid floscaíochta
Shuigh puicneach mhór i ndáil liom sa mbus, agus ní raibh mé féadachtáil corrú aige, bhí sé chomh mór chomh beaite sin (Achréidh)
+
Tá sé thuas i ndáil le Baile Átha an Rí — in aice Bhaile Átha an Rí (Achréidh; iarthar na Gaillimhe)
Dhíol sé a chuid talúna anseo agus chuaigh sé suas i ndáil le Baile Átha Cliath. Deir siad go bhfuil feilm mhór aige ansiúd
TUILLEADH (10) ▼
Teann siar i ndáil le Gaillimh. Beidh tú ar do mhian ceart ansin: neart cailíní, neart óil, agus neart pictiúir
Tá a theach i ndáil liomsa thoir ansiúd
Tá sé ina chónaí thiar i ndáil leis an gC. R. leis an tsíoraíocht. Thug sé cúl ar fad don Bh.
Bhí mé thoir i ndáil le Ó. Is ann atá an fear a cheannaigh an mhóin uaim ina chónaí
Bhí mise san áit a bhfuil sí pósta: thoir i ndáil le tórainn Ros Comáin. Má tá fhéin, tá sí ina suí go te ann
Bhí mé thiar i ndáil le tigh Sh. an Gh. (nó i ndáil le ag) nuair a tháinig an múr orm. Chuaigh mé isteach ann ar foscadh
Tá a theach thíos ansiúd i ndáil leis an gcladach. 'Sé an teach is faide síos den bhaile ar fad é, 'sé sin
Tá a chuid portaigh i ndáil leis an easca. Go deimhin is drochphortaigh iad. Ní tada eile iad
Brúigh i ndáil leis an tine, agus tabhair goradh dhuit féin. Tá ceart agat a bheith fuar théis t'aistear. Phréachfadh an lá inniu na fiaigh dhubha
Bhí sé thíos i ndáil leis an gcéibh, agus é sínte ar an móinín bán ann. Dheamhan duine beo nach sílfeadh go raibh sé cniogtha leis an mbail a bhí air
+
Tá sé i ndáil le buailte (an Gearmánach) — beagnach. Cuirtear isteach bheith go minic freisin sna ráití seo .i. tá sé i ndáil le bheith buailte; ach measaim thríd is thríd gur minice a fágtar ar lár é
Bhí sé i ndáil le briste den obair, murach an chaoi a ndeachaigh mise chun cainte leis an mboss
TUILLEADH (17) ▼
Tá muid i ndáil le críochnaithe anois
Bhí sé i ndáil le bheith déanta aige an uair sin
Bhí sé i ndáil le bheith tógtha ag na póilíos, nó go dtáinig an bhean anoir, agus gur iarr sí ar son Dé gan a chur isteach
Tá sé i ndáil le dhul do mo bhualadh ansin ó mhaidin
Chuaigh sé i ndáil le dhá mhaslú faoi araoid ar bith a chur air
M'anam go raibh sé i ndáil lena bhacadh faoin bhfeamainn a chur ar bruach
Bhí sé i ndáil le gan bonn bán a bheith air nuair a tháinig an uachta
Tá an sioc seo i ndáil le gan fata ar bith a fhágáil againn i mbliana
Tá sé i ndáil le ag fáil bháis
Bhí sé i ndáil le ag cur amach — múisc
Bhí sé i ndáil le ag imeacht murach gur stopadh é
Tá sé i ndáil le ag cur shneachta
Bhí sé i ndáil le ag caoineachán le drochmhúineadh
Tá sé i ndáil le ag báisteach cheana
Feictear dhom go mba cheart go mbeadh sé i ndáil le ag trá feasta
D'iarr sé i ndáil lena phardún faoin méid sin trioblóide a chur air (geall lena phardún freisin)
Tá sé i ndáil le mar a bhíodh sé ariamh — ar a chóir féin; iomlán bisigh aige
+
Ba cheart dó a bheith i ndáil le ar fáil anois. Is fadó inniu a d'imigh sé
Bhí muid i ndáil le bheith ar a (ár) mine ghéire i gcaitheamh an lae
TUILLEADH (19) ▼
Tá sé i ndáil le ar meisce
Bhí sí i ndáil le ar na preaba deireanacha shul má tháinig an sagart
Bhí sé i ndáil le ar seachrán aríst muis, murach go dtug mise faoi deara ar an mbóthar é agus gur chuir mé an lúbán air sa gcró
Tá tú i ndáil le aisti. Cluiche eile agus beidh sí glan (scilling in imirt)
Bhí sé i ndáil le as an mbean sin muis, murach a fheabhas agus a thapaigh sé í
Bhí mé i ndáil le thar an gcora, nuair a chonaic mé an lonnadh san uisce
Bhí mé i ndáil le roimhe sa mbaile. Is beag eile a bheadh agam agus bheinn roimhe
Bhí sé i ndáil le thoir ag an aifreann nuair a tháinig an donacht air
Bhí an ghiorria i ndáil le aici (ag an gcú) nuair a thug sé cor eile
Bhí mé i ndáil le ag an Ros inniu
Bhí sé i ndáil le dhíom agam nuair a bhuail athshlaghdán mé
Bhí an fear mór i ndáil le dhíom agam nuair a tháinig an deartháir
Shílfeá go raibh sé i ndáil le idir dhá chomhairle faoina thabhairt dom nuair a chuir an bhean a ladar isteach
Tá sé i ndáil le thrí aothú anois. Dúirt an dochtúr dhá maireadh sé cupla uair eile go raibh aige
Tá an bóthar nua i ndáil le go portach agam anois
Chuaigh sé i ndáil le go cladach shular rug mé air
Cuirfidh an t-airgead sin anois i ndáil le go dtí n-a dhóthain é, ach is deacair é siúd a chur go dtí n-a dhóthain. Tá an drabhlás mór ann
Chuaigh sé i ndáil le ar a ghlúine dhó
Tá sé i ndáil le ar an mbeagán anois — tá sé caite aige go dtí an beagán
+
Bhí sé i ndáil le ina olc air — is beag nach raibh olc air
Dar príosta bhí sé i ndáil le ina fhaitíos orm féin nuair a chonaic mé an sonda
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé i ndáil le ina lá
Tháinig sé i ndáil le ina imní uirthi nuair nach raibh ag teacht dó
Diabhal mé go bhfuil sé i ndáil le ina ghála
Dheamhan mé nach ea ach go bhfuil an múr seo i ndáil le ina shneachta chorpanta
Meas tú an bhfuil sé i ndáil le ina thuile
Tá sé i ndáil le ina fhear
Tá Seán seo thiar anois i ndáil le bheith ina chneámhaire chomh mór lena athair
+
Tá sé i ndáil le amuigh (as an teach) ag na deirfiúrachaí
Tá an fear mór seo againn féin i ndáil le istigh aríst. Cupla céad bhót eile agus beidh
TUILLEADH (6) ▼
Tá siad i ndáil le thiar ag R. anois
Tá an chith i ndáil le thart. Ní miste sin muis
Tá muid i ndáil le taobh leis an leathchoróin aríst, théis a raibh gnóite againn ar ball. Uair bheag agus uair mhór arsa tusa
Bhí mé i ndáil le d'uireasa mo phuint
Tá sé i ndáil le chomh tucarach don ól le ceachtar acu
Tá an teach sin ag G. i ndáil le chomh háirgiúil le ceachtar acu
+
Ní dheachaigh sé aon dheich bpunt ach chuaigh sé i ndáil leis
Níl an bóthar fós déanta go dtí barr na ngarrantaí ach tá sé i ndáil leis
TUILLEADH (6) ▼
Níl sé na cheithre scóir ach tá sé i ndáil leis
Ní bhfuair sé bás fós ach tá sé i ndáil leis
Níor éirigh mé ach bhí mé i ndáil leis
Níor báitheadh é, ach bhí sé i ndáil leis, murach an fear maith a bhí ann
Níor dhúirt mé leis é ach bhí mé i ndáil lena rá
Níor íoc mé é, ach bhí mé i ndáil lena íoc murach an chaoi a ndeachaigh fainic orm
+
Tá sé briste nó i ndáil leis (deirtear freisin tá sé briste: i ndáil leistá sé briste geall leis fc. geall)
Chaith sé punt nó i ndáil leis
TUILLEADH (9) ▼
Fuair sé bás i ndáil leis nuair a chuala sé go raibh a fhios agamsa é
Bhánaigh sé é féin nó i ndáil leis, le na beithígh sin
Chniog mé é: i ndáil leis
Bhuail mé é i ndáil leis faoin méid sin féin a rá
Ná bac le i ndáil leis. Tá sé déanta ar fad aige — ní i ndáil le déanta atá sé, ach déanta ar fad
Ná bac le i ndáil leis. Bhí sé ar meisce críochnaithe
An bhfuil sé an sé fós? Freagra: I ndáil leis
An bhfuil tú réidh? Freagra: I ndáil leis
Tá nó i ndáil leis. Ní fiú dhom a rá nach bhfuil mé críochnaithe
+
Is i ndáil le ina chónaí a chonaic muid ariamh é
Is i ndáil le fliuch a bhíos sé anseo chuile lá dhá n-éiríonn orainn
TUILLEADH (4) ▼
Ba i ndáil le go dona a chaith a athair féin an saol
Ba i ndáil le ar an leaba a chaith sé na blianta deireanacha fré chéile
Is i ndáil le cheal éadaigh atá an duine bocht ó chonaic mise an chéad lá ariamh é
Is i ndáil le ina ghlúineach atá an garraí fataí sin thoir ar fad

dáil in iontrálacha eile (16)

 
Beidh sé ag fearúint mar seo go dté an ghealach amach. Ba chóir go mbeadh sí i ndáil le caite. Tá sí ar an gceathrú dheiridh, dar liom féin.
 
An bhfaca tú aon duine chomh mórfhoclach léithe ó rugadh thú? 'Cailleadh sé bhodóig bhreá ar Sheán anuraidh le ceathrú ghorm.' Cén uair a bhí sé bhodóig ag Seán? Fear atá ag iarraidh a chodach, nó i ndáil leis. Nach simplí a cheapas sí na daoine a bheith?
 
Go dtuga Dia ciall duit! Ní fhéadfá aon pháipéar a léamh ansiúd le a mbíonn de chantaireacht chainte ann. Dar mo leabhar, is geall leis an Dáil scaití é. Ach ní bhíonn aon chuideachta ann mura dtosaí P. fhéin. Sin é atá in ann brabach a fháil ar chuile dhuine.
 
Ní chuirfinn ina chinnire ar an seanasal atá i ndáil le caillte ansin thoir é, ní áirím ar chapall meargánta nach raibh thar faoi dhó ariamh faoi charr.
 
bocht 2
Ní chónóidh sé anois go dté sé sa Dáil ó d'éirigh leis a chosa a chur i dtaca chor ar bith. Nuair a théanns bocht go nocht, téann sé go gabháil éadain tá a fhios agat
 
aer
Chonaic sé an sonda ag dul thairis; idir an t-aer is an talamh — a cheann ionann is buailte ar an aer aige agus a cosa i ndáil le ag scríobadh na talúna.
 
imní
Tá sé ag teacht chun imní air nó i ndáil leis (i ngeall) — is beag nach raibh imní air
 
feire
Tá droichidín na cora i ndáil le réidh. Bhí tuile san abhainn an lá faoi dheireadh agus ar éigean Dé a shrian mé trasna chor ar bith é. Ar mo ghlúine a chuaigh mé. Ní thrustfainn breith ar an bhfeire siúd. Tá sé ar bogadh, agus dhá dteagadh sé leat, chuirfí san abhainn thú — ráille beag ar dhroichead; tá droichidíní den tsórt seo — ceanna beaga caola — ar na haibhneachaí in áiteachaí
 
deo
Muran leat a ligean go deo, tá sé i ndáil le in am a íoc
 
Is diomalaí sibh ar mhóin ná trí theach. Tháinig ualach móna inné agus tá sé i ndáil le ídithe anois aríst. 'Sé a (bhur) gclochneart an lá a bhaint as
 
Ag dlíodóireacht a bhíos siad i gcónaí sa Dáil sin
 
Nuair a bheadh an t-éadach i ndáil le bheith bruite sa dath, chaití braon beag máistir síos air le go ndorchódh sé an dath (dathúchán)
 
droim
Tá sé i ndáil le ina thuile. Nach bhfeiceann tú an t-uisce faoi dhroim Chloch an Mh. Níl tada di leis ach go bhfuil lonnadh beag fós ar a barr
 
Shílfeá mura mbeadh le n-íoc aige ach dálaí beaga mar sin go n-íocfadh sé iad — suimeannaí beaga airgid ó am go ham
 
Tá an díolúnach de lao sin thoir i ndáil le caillte. Mura ndéana sibh teálta eicínt dhó, ní dhéanfaidh sé seasamh ar bith. Tá sé ina ghoróir thoir ansin i lúbainn an chlaí, agus chuile dheoir den bháistigh dhá bualadh air, agus gan é de ghus ann a theacht anoir faoin gclaí eile ar foscadh
 
Chuaigh dúradán faoi shúil an chapaill agus tá sí caoch anois i leathshúil nó i ndáil leis. Deir an sórt dochtúr beithíoch sin atá ag dul thart gur fionn atá ar a súil, ach diabhal fionn ná fionn. B'fhurasta a aithinte an dúradán istigh inti na chéad laethantaí, dá dtapaínn an uair sin í, ach ó fuair sé ionú, bhí sé mall a dhul di. Is mór an babhta uirthi é pé acu sin é