Dánacht, Dánaidheacht
—ainm-fhocla, buineann
—"Dánacht" is mó adeirtear measaim, ach tá "dánaidheacht" ann freisin
1.
a bheith dána, sonnda, ámhailleach, do-chomhairleach, do-smachtaighthe agus rl.
+–
Tá sé de dhánacht sna bruacháin sin rud ar bith a dhéanamh. 'Bfhaca tú céard a rinne siad annseo thuas?
Ní bheadh sé de dhánacht ann é sin a dhéanamh, ach, i nDomhnach chreidim go mbeadh ina dheidh sin
TUILLEADH (5) ▼
Má bhí sé de dhánacht ann an méid sin a rádh leis an bpóilí, d'imigh an diabhal air. Cé'n bhrigh ach carachán mar é!
Sháruigh sé an diabhal le dánacht
Gheobhaidh tú luach do chuid dánacht' as a dheireadh. Má speidhearann sé siúd agad lá eicínt agus speidhearfaidh, ní fhágfaidh sé deoir ionnad
Thug an máistir dual na druinne dhóib go minic mar gheall ar a ndánacht ach ba bheag an mhaith sin in a dheidh sin. Dhá marbhuightheá iad, bheidís ar an gcéird chéadna lár na bháireach
Rinneamar 'chuile mhíle nídh leis an dánacht a bhaint amach as a chraiceann, ach ba bheag an mhaith sin. Tá sí ann go smior
2.
·
"Ní fhéadfainn a dhéanamh de dhánaidheacht air" = familiarity. Níl an chiall sin le "dánacht" i nGaillimh cho fada agus is eolas dom. Teanntás adeirtear.