Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dánacht, dánaíocht
ainmfhocla, baineann
dánacht is mó adeirtear measaim, ach tá dánaíocht ann freisin
1.
a bheith dána, sonnta, ábhailleach, dochomhairleach, dosmachtaithe srl.
+
Tá sé de dhánacht sna bruacháin sin rud ar bith a dhéanamh. An bhfaca tú céard a rinne siad anseo thuas?
Ní bheadh sé de dhánacht ann é sin a dhéanamh, ach i nDomhnach, chreidim go mbeadh ina dhiaidh sin
TUILLEADH (5) ▼
Má bhí sé de dhánacht ann an méid sin a rá leis an bpóilí, d'imigh an diabhal air. Cén bhrí ach carrachán mar é!
Sháraigh sé an diabhal le dánacht
Gheobhaidh tú luach do chuid dánachta as a dheireadh. Má spadhrann sé siúd agat lá eicínt, agus spadharfaidh, ní fhágfaidh sé deoir ionat
Thug an máistir dual na droinne dhóibh go minic mar gheall ar a ndánacht ach ba bheag an mhaith sin ina dhiaidh sin. Dhá maraíteá iad, bheidís ar an gceird chéanna lá arna mhárach
Rinneamar chuile mhíle ní leis an dánacht a bhaint amach as a chraiceann, ach ba bheag an mhaith sin. Tá sí ann go smior
2.
·
Ní fhéadfainn a dhéanamh de dhánaíocht air familiarity. Níl an chiall sin le dánacht i nGaillimh chomh fada agus is eolas dom. Teanntás adeirtear.

Féach freisin