Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Déileáil
ainm-fhocal, buineann
tuiseal geineamhnach — déileála.
Ó'n mBéarla "deal", ach níl an chiall "he deals in flour" leis. Fuaimeanna na Gaedhilge atá ar na leitreacha
ceannacht earraidhe i siopa (focal an-choitiannta é mar sin).
a.
+
Cé'n siopa a mbíonn sí ag déileáil ann anois. Ghníodh sí déileáil cuid mhaith ins an siopa ó dheas, ach chuala mé gur athruigh sí ó thuaidh le goirid, má's fíor é, nó nach fíor
Ba shonnda an mhaise dhomsa a dhul ag iarraidh cáirde air, lá agus nach mbím ag déileáil chor ar bith aige. Dá mbeinn, ní bheadh cás ar bith orm an cháirde a iarraidh air
TUILLEADH (4) ▼
Ní dhearna mé aon-déileáil ariamh ag L. Ó. C. ach déileáil fhánach. Is mó go fada a rinne mé ins an teach ar a aghaidh. Ach b'fhearr liom in a dheidh sin a dhul go dtí L. Ó. C. agus teastuigheadh rud uaim ná ag an gceann eile. Tá croidhe mór ag an gC., rud nach bhfuil ag an bhfear eile, agus nach raibh ariamh
D'eirigh sé as a bheith ag déileáil ann ar fad. D'airigh sé ro-dhaor é chreidim. Féadfaidh fear an airgid a dhul in a rogha áit. Bíonn sé teann
Sin é an teach a bhfuil an tír ag déileáil ann. Maidir len a bhfuil ag déileáil ag an dream eile, 'sé cuid an bheagáin é. Annsiúd atá a n-aghaidh uiliog
Déileáil dona a dhéanfas an dithreabhach sin in áit ar bith. Tá sí bocht, agus is dóigh nach mórán iarracht a bhíos ag lucht na siopaí uirre. Fágann sí fiacha in a diaidh is 'chuile áit
b.
plé; baint; coidreamh; láimh-isteach.
·
Ní liomsa is fhearr dó muise a dhul ag déileáil, mara bhfuil sé ag tuaradh srón bhriste dhó féin. Má tá, beidh fáilte roimhe = plé
Ná bíodh aon-déileáil agad leis an mbean sin chor ar bith. Tá an ghleacuidheacht ag imeacht len a cineál fré chéile, agus ní fearr l[éi] duine a mbeidh sí ag imeartas air, ná ort

Déileáil in iontrálacha eile (1)

 
Dá mbeitheá ag déileáil leis, níor mhiste dhuit a bheith in do dhroch-dhíoluidhe thar a bheith in do dheagh-dhíoluidhe, gheobhfá a dteastóchadh uait uaidh. Nach hé atá ag coinneál an dream' sin siar beo. Ach an té nach dtaobhuigheann é ach go h-annamh, ní thiubharfadh sé biorán beag — agus is fánach an rud é — dó gan an seachadadh-amach. Aithnigheann sé a dhuine féin i gcomhnuí