Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
déileáil
ainmfhocal, baineann
tuiseal ginideach: déileála
ón mBéarla deal, ach níl an chiall he deals in flour leis. Fuaimeanna na Gaeilge atá ar na litreacha.
ceannacht earraí i siopa (focal an-choitianta é mar sin).
a.
+
Cén siopa a mbíonn sí ag déileáil ann anois. Ghníodh sí déileáil cuid mhaith sa siopa ó dheas, ach chuala mé gur athraigh sí ó thuaidh le gairid, más fíor é nó nach fíor
Ba shonnta an mhaise dhomsa a dhul ag iarraidh cairde air, lá is nach mbím ag déileáil chor ar bith aige. Dá mbeinn, ní bheadh cás ar bith orm an chairde a iarraidh air
TUILLEADH (4) ▼
Ní dhearna mé aon déileáil ariamh ag L. Ó. C. ach déileáil fhánach. Is mó go fada a rinne mé sa teach ar a aghaidh. Ach b'fhearr liom ina dhiaidh sin a dhul go dtí L. Ó. C. agus teastaíodh rud uaim, ná ag an gceann eile. Tá croí mór ag an gC., rud nach bhfuil ag an bhfear eile, agus nach raibh ariamh
D'éirigh sé as a bheith ag déileáil ann ar fad. D'airigh sé ródhaor é chreidim. Féadfaidh fear an airgid a dhul ina rogha áit. Bíonn sé teann
Sin é an teach a bhfuil an tír ag déileáil ann. Maidir lena bhfuil ag déileáil ag an dream eile, 'sé cuid an bheagáin é. Ansiúd atá a n-aghaidh uileag
Déileáil dona a dhéanfas an díthreabhach sin in áit ar bith. Tá sí bocht, agus is dóigh nach mórán iarracht a bhíos ag lucht na siopaí uirthi. Fágann sí fiacha ina diaidh i chuile áit
b.
 plé; baint; caidreamh; láimh isteach.
·
Ní liomsa is fhearr dó muise a dhul ag déileáil, mura bhfuil sé ag tuaradh srón bhriste dhó féin. Má tá, beidh fáilte roimhe — plé
Ná bíodh aon déileáil agat leis an mbean sin chor ar bith. Tá an ghleacaíocht ag imeacht lena cineál fré chéile, agus ní fearr léi duine a mbeidh sí ag imeartas air ná ort

déileáil in iontrálacha eile (1)

 
Dá mbeifeá ag déileáil leis, níor mhiste dhuit a bheith in do dhrochdhíolaí thar a bheith in do dhea-dhíolaí, gheofá a dteastódh uait uaidh. Nach é atá ag coinneáil an dreama sin siar beo. Ach an té nach dtaobhaíonn é ach go hannamh, ní thabharfadh sé biorán beag — agus is fánach an rud é — dó gan an seachadadh amach. Aithníonn sé a dhuine féin i gcónaí