—
tugtharach do dhéirce; grádh-diadhamhail; in a dheagh-cheann do na boicht.
+–
Duine déirceach é = duine a thugas déirce uaidh
Is beag duine a bhí ins an ruta seo ariamh ba déircighe ná N. Th. Aimsir an droch-shaoghail adeir siad 'nuair a bhí na daoine ag fáil bháis as éadan le ocras agus amhgar, badh é sin a choinnigh an cheathramhadh seo beo. D'fhaghadh cho maith le deich nduine fhichead beatha ann 'chuile lá
TUILLEADH (3) ▼
Nach mór a bhochtuigh siad ins an saoghal ó shoin. Fuighleach le déanamh atá siad a fháil anois agus iad féin a bheathú, ní hé amháin duine ar bith eile
Daoine déirceacha grádh-diadhamhla a bhí is 'chuile dhuine ar an bhfeadhain aca sin. Ní fheicfidís anshógh ar dhuine bhocht nó ba chinneamhaint orra é. Bhí a shliocht orra: bhí Dia buidheach dóib agus chuir sé rud aca
An té a bhéas déirceach, cúiteochaidh Dia leis é. Ní fhaca tú ariamh aon-duine a bhí truaigheach do thuilleadh, nach dtiubharfadh Dia a sháith dhó fhéin
+–
Níor dhéircighe dhuit é = dhá gcuireadh duine taobh le beagán thú de rud a bheadh sé a thabhairt duit déarfá: "níor dhéircighe(? déircaoidhe?) dhuit é"
An téagar a thug sé dhuit ins an ngloine ní raibh agad a ghlacadh chor ar bith uaidh agus cho beag agus a chuir sé thú. Ní raibh fliuchadh do bhéil féin ínnte. Níor dhéircighe dhuit é
TUILLEADH (1) ▼
Mharbhuigh sé muic faoi Nodlaig — ceann a bhí suas le chúig clocha déag meadhchain ar a cois. Chuir sé oiread na fríde againn — díol béilí amháin. Níor dhéircighe dhuinn é. Dar mo choinsias níor chumaoin dó. Dheamhan ceo a bhí annseo ariamh nachar roinneadh druimscoilte leis — nachar roinneadh sin. Béidh a shliocht air: an rud céadna a dhéanamh leis aríst
Féach freisin
→
déirce