Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
déirceach
aidiacht as déirce
tucarach do dhéirce; grádiaúil; ina dhea-cheann do na boicht.
+
Duine déirceach é — duine a thugas déirce uaidh
Is beag duine a bhí sa ruta seo ariamh ba déircí ná N. Th. Aimsir an drochshaoil adeir siad, nuair a bhí na daoine ag fáil bháis as éadan le ocras agus amhgar, ba é sin a choinnigh an cheathrú seo beo. D'fhaigheadh chomh maith le deich nduine fhichead beatha ann chuile lá
TUILLEADH (3) ▼
Nach mór a bhochtaigh siad sa saol ó shin. Fuílleach le déanamh atá siad a fháil anois agus iad féin a bheathú, ní hé amháin duine ar bith eile
Daoine déirceacha grádiaúla a bhí i chuile dhuine ar an bhfeadhain acu sin. Ní fheicfidís anó ar dhuine bhocht nó ba chinniúint orthu é. Bhí a shliocht orthu: bhí Dia buíoch dóibh agus chuir sé rud acu
An té a bheas déirceach, cúiteoidh Dia leis é. Ní fhaca tú ariamh aon duine a bhí truaíoch do thuilleadh, nach dtabharfadh Dia a sháith dhó fhéin
+
Níor dhéircí dhuit é — dhá gcuireadh duine taobh le beagán thú de rud a bheadh sé a thabhairt duit déarfá: níor dhéircí dhuit
An téagar a thug sé dhuit sa ngloine, ní raibh agat a ghlacadh chor ar bith uaidh agus chomh beag agus a chuir sé thú. Ní raibh fliuchadh do bhéil féin inti. Níor dhéircí dhuit é
TUILLEADH (1) ▼
Mharaigh sé muic faoi Nollaig — ceann a bhí suas le chúig clocha déag meáchain ar a cois. Chuir sé oiread na fríde againn — díol béilí amháin. Níor dhéircí dhúinn é. Dar mo choinsias, níor chomaoin dó. Dheamhan ceo a bhí anseo ariamh nár roinneadh droimscoilte leis — nár roinneadh sin. Beidh a shliocht air: an rud céanna a dhéanamh leis aríst

Féach freisin