Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díoghaltasach
aidiacht as díoghaltas.
tugtharach do dhíoghaltas; fonnmhar nó líomhta chuig díoghaltas; goineamhail chun sásamh nó éiric a bhaint amach; aicíseach; faltanasach.
+
Is díoghaltasach an sórt duine é. Níl a leithide eile ann. Má chuirtear as a bhuille é féin tada, ní chomhnóchaidh sé choidhchin go gcuirfidh sé cuid is mó ná sin as do'n té a bhí cionntach leis. Maith in aghaidh an uilc! Níl a fhios aige céard é
Ná cuir araoid ar bith ar an "aingeal" sin. Tá sé an-díoghaltasach. 'Sé'n chaoi a bhfuil sé sin, leanfadh sé thú ar nós na h-easóige, nó go bhfaghadh sé leigean ort. Annsin leagfadh sé ort
TUILLEADH (4) ▼
Is suarach an tslighe do dhuine ar bith a bheith díoghaltasach. Agróchaidh Dia é féin air, má bhíonn sé go dona. Ar chuala tú ariamh é: má's feall fílltear
Bhí sé féin díoghaltasach. Dar mo choinsias is fada a shiubhailfeá shul a d'fheicfeá a leath-cheann eile ar dhonacht agus ar aicís. Agus breathnuigh ar an rud ad'eirigh dhó féin as deire na cúise. Nar ba lughaide an trócaire ar Dhia, fuair sé bás gan ola gan aithrighe
Nach díoghaltasach an mhaise dhó é, ag iarraidh an ceann eile a mharbhú. M'anam muise, chreidim marach gur casadh an bulc ann, go ndéanfadh sé ár. Tuilleadh diabhail ag an gceann a d'fhan dhá bhuachailleacht annsin ar feadh na h-oíche, agus fios aige nach raibh sé ach ag iarraidh an leigean air
Sin iad an dream is díoghaltasaighe istigh ins an tír. Bacadh iad thíos annseo ag an gcladach anuiridh in áit a raibh 'chuile chlaidhe ag gabhail linn ann curta timcheall a gcuid cocaí feamuinne aca. Meastú nach ndeachaidh siad de shiubhal oíche, agus ar fhága siad claidhe i mbarr an bhaile againn nach raibh foghluighthe ar maidin!

Féach freisin