díoltasach
—aidiacht as díoltas
—
tucarach do dhíoltas; fonnmhar nó líofa chuig díoltas; goiniúil chun sásamh nó éiric a bhaint amach; aiciseach; faltanasach.
+–
Is díoltasach an sórt duine é. Níl a leithide eile ann. Má chuirtear as a bhuille é féin tada, ní chónóidh sé choíchin go gcuirfidh sé cuid is mó ná sin as don té a bhí ciontach leis. Maith in aghaidh an oilc! Níl a fhios aige céard é
Ná cuir araoid ar bith ar an "aingeal" sin. Tá sé an-díoltasach. 'Sé an chaoi a bhfuil sé sin, leanfadh sé thú ar nós na heasóige, nó go bhfaigheadh sé ligean ort. Ansin leagfadh sé ort
TUILLEADH (4) ▼
Is suarach an tslí do dhuine ar bith a bheith díoltasach. Agróidh Dia é féin air, má bhíonn sé go dona. Ar chuala tú ariamh é: más feall filltear
Bhí sé féin díoltasach. Dar mo choinsias is fada a shiúlfá shula d'fheicfeá a leathcheann eile ar dhonacht agus ar aicis. Agus breathnaigh ar an rud a d'éirigh dhó féin as deireadh na cúise. Nár ba lúide an trócaire ar Dhia, fuair sé bás gan ola gan aithrí
Nach díoltasach an mhaise dhó é, ag iarraidh an ceann eile a mharú. M'anam muise, chreidim murach gur casadh an bulc ann, go ndéanfadh sé ár. Tuilleadh diabhail ag an gceann a d'fhan dhá bhuachailleacht ansin ar feadh na hoíche, agus fios aige nach raibh sé ach ag iarraidh an ligean air
Sin iad an dream is díoltasaí istigh sa tír. Bacadh iad thíos anseo ag an gcladach anuraidh an áit a raibh chuile chlaí ag gabháil linn ann curtha timpeall a gcuid cocaí feamainne acu. Meas tú nach ndeachaigh siad de shiúl oíche, agus ar fhága siad claí i mbarr an bhaile againn nach raibh foghlaithe ar maidin!
Féach freisin
→
díoltas