Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díalúnach
ainm-fhocal, fireann
geineamhnach uathaidh agus ainmneach iolraidh: Díalúnaigh.
Measaim gur chuala mé géalúnach air ach níl mé ro-chinnte. Dhéanfadh géalúnach díalúnach de réir athrúintí urlabhraidheachta an cheantair. G. > D.; éa > ia)
diúilicín nó dubhradáinín dona feosuidhe. Tugtar ar laogh dona éidtreorach é freisin.
+
Cé mhéad adeir tú a chuaidh an dialúnach beag de laogh údan? Trí phunt! Chuaidh sé dhá phunt thar an gceart ar aon-chor. Is gearr an bás uaidh siúd. Dheamhan oíche Nodlag a fheicfeas sé beo choidhchin
Tá an dialúnach de laogh sin thoir indáil le caillte. Mara ndéanaidh sib teálta eicínt dhó, ní dhéanfaidh sé seasamh ar bith. Tá sé in a ghuróir thoir annsin i lúibinn an chlaidhe, agus 'chuile dheoir de'n bháistigh dhá bualadh air, agus gan é de ghus ann a theacht anoir faoi'n gclaidhe eile ar fascadh
TUILLEADH (1) ▼
Tá dialúnach de laogh annsin thuas agus caithfear a dhul roimhe ar chaoi eicínt. Tá an diabhlánach ag diúl a bhodalaigh. Ní fhaca mé aon-laogh ar foghnamh dhá dhéanamh ariamh
·
Bhí uainín meirbh annseo againn an bhliain cheana — dialúnach beag. Chaith sé cheithre mhí ag ithe as cúl a' (ar) nglaice. Shílfeá nach mairfeadh sé ala an chluig an chéad uair. Uan fireann a bhí ann, agus níor cailleadh ariamh é. Ní dhéanfadh duine ar bith tada leis ach a chaitheamh amach. Ach dar príosta sceinn sé amach leis an aimsir, agus rinne sé an-réithe. An reithe is fearr a bhí ariamh agam. Ní scarfainn leis ar chuid mhaith marach gur báthadh é i gcaochpholl annsin thuas ar an easca anuiridh