Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díolúnach (dialúnach)
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha agus ainmneach iolra: díolúnaigh
measaim gur chuala mé géalúnach air ach níl mé róchinnte. Dhéanfadh géalúnach dialúnach de réir athrúintí urlabhraíochta an cheantair: g > d; éa > ia
diúilicín nó dúradáinín dona feosaí. Tugtar ar lao dona éidreorach é freisin.
+
Cé mhéad adeir tú a chuaigh an díolúnach beag de lao údan? Trí phunt! Chuaigh sé dhá phunt thar an gceart ar aon chor. Is gearr an bás uaidh siúd. Dheamhan Oíche Nollag a fheicfeas sé beo choíchin
Tá an díolúnach de lao sin thoir i ndáil le caillte. Mura ndéana sibh teálta eicínt dhó, ní dhéanfaidh sé seasamh ar bith. Tá sé ina ghoróir thoir ansin i lúbainn an chlaí, agus chuile dheoir den bháistigh dhá bualadh air, agus gan é de ghus ann a theacht anoir faoin gclaí eile ar foscadh
TUILLEADH (1) ▼
Tá díolúnach de lao ansin thuas agus caithfear a dhul roimhe ar chaoi eicínt. Tá an diabhlánach ag diúl a bhodalaigh. Ní fhaca mé aon lao ar fónamh dhá dhéanamh ariamh
·
Bhí uainín meirbh anseo againn an bhliain cheana — díolúnach beag. Chaith sé cheithre mhí ag ithe as cúl a (ár) nglaice. Shílfeá nach mairfeadh sé ala an chloig an chéad uair. Uan fireann a bhí ann, agus níor cailleadh ariamh é. Ní dhéanfadh duine ar bith tada leis ach a chaitheamh amach. Ach dar príosta scinn sé amach leis an aimsir, agus rinne sé an-reithe. An reithe is fearr a bhí ariamh agam. Ní scarfainn leis ar chuid mhaith murach gur báitheadh é i gcaochpholl ansin thuas ar an easca anuraidh

díolúnach in iontrálacha eile (1)

 
de
Aircín de dhíolúnach de lao é