Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díomhaoineach
/d′īwīn′əx/
aidiacht as díomhaontas
leisceamhail, neamh-fhíreamhail, spadánta.
a.
+
Nach thú atá díomhaoineach anois nach bhféadfá an méid sin féin a dhéanamh = leisceamhail
Nach díomhaoineach atá sé sin i gcomhnaí ar scáth a ndéanann sé!
TUILLEADH (1) ▼
Níor rugadh ariamh aon-fheithideach is díomhaoinighe ná is lugha déantús maitheasa ná é. Chuirfeadh sé an ghráin chríochnuighthe ort ag breathnú air sa ngarrdha.
·
An Sconnsa Díomhaoineach (sconnsa atá inGaillimh) = is air a chruinnigheas a bhfuil de stucairí, agus de spreallairí 'sa mbaile mór: Lazy Wall imBéarla
·
An Tula Dhíomhaoineach (ainm áite i bparráiste an Spidéil) = tá sé amach faoi'n sliabh. Bíonn caoirigh ann, agus ní fheicfeá na caoirigh ó thaobh de'n chnocán, mara dteightheá ar an taobh eile. Níl a fhios agam an bhfuil aon-bhaint aige sin leis an ainm nó nach bhfuil
b.
a bheith in do chomhnaí nó cheal oibre.
·
Tá mé díomhaoineach le seachtain, agus dhá mbeadh a fhios agam é sin, b'fhurasta dom cupla lá a thabhairt duit = in mo chomhnaí, nó gan a bheith ag déanamh mórán oibre
Tá neart fir fánaighe díomhaoineach ar fud na tíre, agus breagh nach bhfaghann sé duine aca, agus an stoca fada siúd (sparán) a bhearnú

Féach freisin