Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díomhaoineach
/d′īwīn′əx/
aidiacht as díomhaointeas
leisciúil, neamhfhíriúil, spadánta.
a.
+
Nach thú atá díomhaoineach anois nach bhféadfá an méid sin féin a dhéanamh ─ leisciúil
Nach díomhaoineach atá sé sin i gcónaí ar scáth a ndéanann sé!
TUILLEADH (1) ▼
Níor rugadh ariamh aon fheithideach is díomhaoiní ná is lú déantús maitheasa ná é. Chuirfeadh sé an ghráin chríochnaithe ort ag breathnú air sa ngarraí.
·
An Sconsa Díomhaoineach (sconsa atá i nGaillimh) ─ is air a chruinníos a bhfuil de stocairí, agus de spreallairí sa mbaile mór: Lazy Wall i mBéarla
·
An Tulach Dhíomhaoineach (ainm áite i bparóiste an Spidéil) ─ tá sé amach faoin sliabh. Bíonn caoirigh ann, agus ní fheicfeá na caoirigh ó thaobh den chnocán, mura dtéiteá ar an taobh eile. Níl a fhios agam an bhfuil aon bhaint aige sin leis an ainm nó nach bhfuil
b.
a bheith in do chónaí nó cheal oibre.
·
Tá mé díomhaoineach le seachtain, agus dhá mbeadh a fhios agam é sin, b'fhurasta dom cupla lá a thabhairt duit ─ in mo chónaí, nó gan a bheith ag déanamh mórán oibre
Tá neart fir fánaí díomhaoineach ar fud na tíre, agus breá nach bhfaigheann sé duine acu, agus an stoca fada siúd (sparán) a bhearnú

Féach freisin