Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díomhaontas, díomhaoineas
/d′īwīntïs/ : /d′īwīntəs/
ainm-fhocal; fireann
geineamhnach uathaidh: díomhaontais; díomhaoinis.
Díomhaontas is mó adeirtear
a bheith in do chomhnaí.
a.
+
Díomhaontas uiliog annseo é ó Shamhain amach, go dtí lá Fheil' Bríde aríst. Dheamhan smeach a bhíos le déanamh
Díomhaoineas ar fad é an saoghal anois. Dheamhan buille oibre ann, mara dteighidh duine go Sasana
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an díomhaontas nach mbeinnse a iarraidh muis, dhá mbeadh neart agam air, ach níl aon-lúd ionnam le tada a dhéanamh
Tá mo chnámha spadtha ar fad ag díomhaontas na coicíse seo (a bheith in a chomhnaí; gan a bheith ag obair)
+
Tá sé sa díomhaontas aríst = tá sé imighthe le díomhaoineas aríst; tá spreallaireacht tagtha air, nó tá sé as obair
Ní féidir gur sa díomhaontas atá tú aríst. Cheal nach dtóróchthá obair? Tá neart oibre ar fud na tíre má tá rún agad a déanamh
TUILLEADH (2) ▼
M'anam gur imighthe sa díomhaontas atá sé sin 'chuile lá. Sin í a cheird
Is gearr go mbeidh na daoine sa díomhaoineas aríst, ach a stopaidh na bóithrí seo
+
"Is beag is feicthear do'n díomhaontas"; "is mór a bhíos le feiceál ag an díomhaontas" (sean-fhocal) = nuair a bhíos duine in a chomhnaí tugann sé gach rud dá fhánaighe faoi deara, agus b'fhearrde é go minic nach dtiubharfadh sé faoi deara chor ar bith iad
Shílfeá go bhfuil puillín i gcúl do stoca. Is beag is feicthear (is feicthears amanntaí) do'n díomhaontas abair
TUILLEADH (3) ▼
Nach maith a chaithfeá an méidín sin féin a thabhairt faoi deara. Dhá mbeadh áird ar do ghnatha agad, is beag a d'fheicfeá deirimse leat. Ach is amhlaidh a bhíos sé: is mór a bhíos le feiceál ag an díomhaontas
Siúd é an buachaill a chonnaic 'chuile chor agus atá indon an chaoi a chuir air freisin. Ach is beag is feicthear do'n díomhaontas, arsa tusa
Dhá mbeadh suim in do gharrdha agad, ní ag breathnú ar a colpaí a bheitheá, ach ag tabhairt cíoch do do láighe. Ach is mór a bhíos le feiceál ag an díomhaontas, adeir siad
b.
leisce, spreallaireacht; gan fír ná déantús maitheasa.
+
Tá a fhios agamsa go maith cé'n tinneas atá ag dul duit: neart díomhaontais
Mara gcaithidh tú an díomhaontas as do chnámha bainfear asad é le neart maide
TUILLEADH (6) ▼
An-ghnaitheach a bhí in M. sin, ach tá sé gaibhte 'un díomhaontais uiliog le goirid
Is furasta aithinte céard atá uirre: díomhaoineas. Ní dheachaidh fír na maitheasa innte nuair a bhí aige a dhul innte
M'anamsa ná raibh ag an diabhal mara n-eirighidh tú as do chuid díomhaontais, agus creachlaois eicínt a dhéanamh go n-íocfaidh tú ann. Má tá maith indíomhaontas, tá do dhóthain dó déanta agad le bliain. Ach níl aon-mhaith agad ann mara mbeidh tú d'fheacht agus go h-áirid in do chomhnaí
Diabhal a dhath ar an spreallaire sin ach neart díomhaontas agus leisce. Ba dual athar dó
Tá an bhliain caithte le díomhaontas anois aige. Nach sílfeá go dtiocfadh fonn oibre air uair eicínt, ach dheamhan é muis
M'anam go bhfuil an díomhaontas caithte in aer aige ó phós sé. Bainfidh sí siúd deatach as. 'Sí atá deas air

Féach freisin

Díomhaontas in iontrálacha eile (1)

 
Go dtugaidh Dia ciall duit! Tá obair ag dul faoi agus thairis 'chuile lá ins an aer, ach is fhearr leis ag cothú na splaince in a dheidh sin ná a dhul amach agus buille eicínt a dhéanamh. 'Sé'n díomhaontas a bhuac sin, agus ba é ariamh