Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díomhaointeas, díomhaoineas
/d′īwīntïs/, /d′īwīntəs/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: díomhaointis; díomhaoinis
díomhaointeas is mó adeirtear
a bheith in do chónaí.
a.
+
Díomhaointeas uileag anseo é ó Shamhain amach, go dtí Lá Fhéil Bríde aríst. Dheamhan smeach a bhíos le déanamh
Díomhaoineas ar fad é an saol anois. Dheamhan buille oibre ann, mura dté duine go Sasana
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an díomhaointeas nach mbeinnse a iarraidh muis, dhá mbeadh neart agam air, ach níl aon lúd ionam le tada a dhéanamh
Tá mo chnámha spadtha ar fad ag díomhaointeas na coicíse seo (a bheith ina chónaí; gan a bheith ag obair)
+
Tá sé sa díomhaointeas aríst ─ tá sé imithe le díomhaoineas aríst; tá spreallaireacht tagtha air, nó tá sé as obair
Ní féidir gur sa díomhaointeas atá tú aríst. Cheal nach dtórófá obair? Tá neart oibre ar fud na tíre má tá rún agat a déanamh
TUILLEADH (2) ▼
M'anam gur imithe sa díomhaointeas atá sé sin chuile lá. Sin í a cheird
Is gearr go mbeidh na daoine sa díomhaoineas aríst, ach a stopa na bóithrí seo
+
"Is beag is feictear don díomhaointeas"; "is mór a bhíos le feiceáil ag an díomhaointeas" (seanfhocal) ─ nuair a bhíos duine ina chónaí, tugann sé gach rud dá fhánaí faoi deara, agus b'fhearrde é go minic nach dtabharfadh sé faoi deara chor ar bith iad
Shílfeá go bhfuil poillín i gcúl do stoca. Is beag is feictear (is feicthears amantaí) don díomhaointeas abair
TUILLEADH (3) ▼
Nach maith a chaithfeá an méidín sin féin a thabhairt faoi deara. Dhá mbeadh aird ar do ghnaithe agat, is beag a d'fheicfeá deirimse leat. Ach is amhlaidh a bhíos sé: is mór a bhíos le feiceáil ag an díomhaointeas
Siúd é an buachaill a chonaic chuile chor agus atá in ann an chaoi a chur air freisin. Ach is beag is feictear don díomhaointeas, arsa tusa
Dhá mbeadh suim in do gharraí agat, ní ag breathnú ar a colpaí a bheifeá, ach ag tabhairt cíoch do do láí. Ach is mór a bhíos le feiceáil ag an díomhaointeas, adeir siad
b.
leisce, spreallaireacht; gan fír ná déantús maitheasa.
+
Tá a fhios agamsa go maith cén tinneas atá ag dul duit: neart díomhaointis
Mura gcaithe tú an díomhaointeas as do chnámha, bainfear asat é le neart maide
TUILLEADH (6) ▼
An-ghnaitheach a bhí in M. sin, ach tá sé gaibhte chun dhíomhaointis uileag le gairid
Is furasta a aithinte céard atá uirthi: díomhaoineas. Ní dheachaigh fír na maitheasa inti nuair a bhí aige a dhul inti
M'anamsa ná raibh ag an diabhal mura n-éirí tú as do chuid dhíomhaointis, agus creachlaois eicínt a dhéanamh, go n-íocfaidh tú ann. Má tá maith i ndíomhaointeas, tá do dhóthain dó déanta agat le bliain. Ach níl aon mhaith agat ann mura mbeidh tú d'acht is go háirid in do chónaí
Diabhal a dhath ar an spreallaire sin ach neart díomhaointeas agus leisce. Ba dual athar dó
Tá an bhliain caite le díomhaointeas anois aige. Nach sílfeá go dtiocfadh fonn oibre air uair eicínt, ach dheamhan é muis
M'anam go bhfuil an díomhaointeas caite in aer aige ó phós sé. Bainfidh sí siúd deatach as. 'Sí atá deas air

Féach freisin

díomhaointeas in iontrálacha eile (6)

 
danra
Díthreabhach danra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh ansin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaigheann duine ar bith aon chaidéis dhá cuid díomhaointis
 
Ní fhágfaidh an dole sin déantús maitheasa ar bith san aos óg. Duine ar bith acu a bhfuil aon traidhfilín dó, níl aon tsástaíocht air a dhul ag obair. Is fearr leis an díomhaointeas fhad is a bheas luach tobac aige agus luach céilí san oíche Dé Domhnaigh. Sháraigh sé gach is a dtáinig amach ariamh, feictear dhomsa. Seo é an saol ar chuma ar bith a bhfuil na daoine ag fáil a mbeatha ó neamh
 
deara
Is fada mé ag dul thar an áit sin, agus dheamhan ar thug mé an oiread sin faoi deara ariamh ann agus a d'inis tusa dhom anois. Is mór is feictear don díomhaointeas ar ndóigh
 
D'fhéadfá a rá gurb é atá giogáilte ag imeacht. Agus an láimh thuas i gcónaí aige faitíos a mbeadh cuileoigín chlúmhaigh ná donóid shalachair ar a chuid éadaigh. Is fiú dhó. Sin é a bhfuil ar a aire. Dá mbeadh cúram gort agus garraí air mar atá ar thuilleadh, mise i mbannaí dhuit gur beag an diogáil a bheadh aige air fhéin. Ach is mór is feictear don díomhaointeas arsa tusa
 
Tá sé ina luí ansiúd ag osnaíl agus ag éagaoineadh, agus leagha na bhFiann ní dhéanfadh amach céard atá ag dul dó. Sílim féin nach bhfuil air ach neart dhíomhaointis agus ealaín
 
Go dtuga Dia ciall duit! Tá obair ag dul faoi is thairis chuile lá san aer, ach is fhearr leis ag cothú na splaince ina dhiaidh sin ná a dhul amach agus buille eicínt a dhéanamh. 'Sé an díomhaointeas a bhuac sin, agus ba é ariamh