Dís
—ainm-fhocal; buineann
—geineamhnach uathaidh: na díse.
—Tís adeirtear go minic.
—Tá an focal seo an-imithe as an gcaint, aindeoin go bhfuil sé an-tréan in amhráin a rinneadh suas go dtí cheithre scóir bliain ó shoin .i. "agus dís bhan óg ar an stól in a suidhe" agus rl. Beidh sé téaltuithe leis leis an tsean-líne
—
beirt, cúpla, lánúin.
+–
Tá an dís ann = an bheirt
Is deas an tís iad
TUILLEADH (1) ▼
Casadh dís bhan dom
Féach freisin
→
tís
Dís in iontrálacha eile (1)
→
críoch
Tá cumaoin in áithrid duit sa teach sin, muis, má theigheann tú ann. Ach d'eireochadh dhóib. Nach bhfuil 'dís ban óg', mar deir a' t-amhrán le cur i gcrích ann fós, a's cá bhfaigheadh duine aca(b) fear is feilmheanaighe ná's puinnteáilte, ná thú fhéin bail ó Dhia ort!