Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dís
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: na díse
tís adeirtear go minic
tá an focal seo an-imithe as an gcaint, ainneoin go bhfuil sé an-tréan in amhráin a rinneadh suas go dtí cheithre scóir bliain ó shin .i. agus dís bhan óg ar an stól ina suí srl. Beidh sé téaltaithe leis leis an tseanlíne
beirt, cúpla, lánúin.
+
Tá an dís ann ─ an bheirt
Is deas an tís iad
TUILLEADH (1) ▼
Casadh dís bhan dom

Féach freisin

tís

dís in iontrálacha eile (1)

 
Tá comaoin in áirid duit sa teach sin muis, má théann tú ann. Ach d'éireodh dhóibh. Nach bhfuil dís ban óg, mar adeir an t-amhrán, le cur i gcrích ann fós, agus cá bhfaigheadh duine acub fear is feiliúnaí ná is pointeáilte ná thú fhéin bail ó Dhia ort!