Dí thráigh
—/ɡ′īə-hrā/
—fuaim /ɡ′īə/ i gcomhnaí. Níor chuala mé d ariamh ann. Ní mheasaim gur mar sin is ceart a leitriú ach oiread. B'fhéidir gur iath-thráigh, iadh-thráigh é, nó iar-thráigh agus sean-fhuaim an i (gh anois) ag fanacht ar an i.
—
nuair a bhíos sé tráighte amach cho fada agus a thráighfeas sé an lá sin. Nuair a bhíos an taoille in a seasamh gan tuileadh ná trághadh. Malrait lán-mhara nó barr-láin é.
+–
Tá sé in a dhíthráigh anois
Is gearr go mbeidh sé in a dhíthráigh
TUILLEADH (9) ▼
Dhá dteigheadh muid síos ar dhíthráigh, d'fhéadfá a rádh go mbeadh feamainn aige
Ní taobh le bheith in a dhíthráigh atá sé. Déarfainn go bhfuil roint tuilte aige
Lá ar bith a ngabhfaidh tú síos ar dhíthráigh annsin thíos, gheobhaidh tú dalladh aca is na locháin in íochtar cladaigh. Chonnaic mé an draoi aca an lá cheana thíos ann
Bíonn an mulán sin leis ar dhíthráigh rabharta móir
Is minic a chuaidh mise ar leic na mbromóg ar dhíthráigh rabharta mór na Féile Bríde. Ach chaithfeadh an-thráigh de'n tsaoghal a bheith ann le dhul uirre
Ní bhainfidh tú mórán feamainne duibhe is na bráideannaí sin ar dhí thráigh meath-rabharta. Níor bhfuláir duit rabharta mór féin le aon-fhoghail a dhéanamh ann
Chuala mise fear aniar amach ag rádh go dtóigfeá na muiríní ar dhíthráigh rabharta móir, is an tsean-fhairrge ach ní maith go gcreidim é. Ag cumadh a bhí sé sílim
Bhainfeá cairrgín ar dhíthráigh 'chuile rabharta annsin thíos, ach diabhal dosán ann anois. Crínneadh (creinneadh) na clocha le cupla bliain. Níl a dhath orra amach ó'n gcré anois
Ba mhaith an dóigh breac í an L. Ph. dhá mbeadh sé in a dhí thráigh. Is minic ariamh a mharbhuigh mé bromóig uirre. Ach tá an lá indiu an-gheal l'aghaidh iascach carraige