Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díthrá
/ɡ′īə-hrā/
fuaim /ɡ′īə/ i gcónaí. Níor chuala mé d ariamh ann. Ní mheasaim gur mar sin is ceart a litriú ach oiread. B'fhéidir gur iath-thrá, iadh-thrá é, nó iar-thrá agus seanfhuaim an i (gh anois) ag fanacht ar an i
nuair a bhíos sé tráite amach chomh fada agus a thráfas sé an lá sin. Nuair a bhíos an taoille ina seasamh gan tuile ná trá. Malrait lán mhara nó barr láin é.
+
Tá sé ina dhíthrá anois
Is gearr go mbeidh sé ina dhíthrá
TUILLEADH (9) ▼
Dhá dtéadh muid síos ar dhíthrá, d'fhéadfá a rá go mbeadh feamainn aige
Ní taobh le bheith ina dhíthrá atá sé. Déarfainn go bhfuil roinnt tuilte aige
Lá ar bith a ngabhfaidh tú síos ar dhíthrá ansin thíos, gheobhaidh tú dalladh acu sna locháin in íochtar cladaigh. Chonaic mé an draoi acu an lá cheana thíos ann
Bíonn an mullán sin leis ar dhíthrá rabharta móir
Is minic a chuaigh mise ar Leic na mBromóg ar dhíthrá rabharta mór na Féile Bríde. Ach chaithfeadh an-thrá den tsaol a bheith ann le dhul uirthi
Ní bhainfidh tú mórán feamainne duibhe sna bráideannaí sin ar dhíthrá meathrabharta. Níorbh fholáir duit rabharta mór féin le aon fhoghail a dhéanamh ann
Chuala mise fear aniar amach ag rá go dtógfá na muiríní ar dhíthrá rabharta móir sa tseanfharraige, ach ní maith go gcreidim é. Ag cumadh a bhí sé sílim
Bhainfeá carraigín ar dhíthrá chuile rabharta ansin thíos, ach diabhal dosán ann anois. Crinneadh na clocha le cupla bliain. Níl a dhath orthu amach ón gcré anois
Ba mhaith an dóigh breac í an L. Ph. dhá mbeadh sé ina dhíthrá. Is minic ariamh a mharaigh mé bromóig uirthi. Ach tá an lá inniu an-gheal le aghaidh iascach carraige

Féach freisin

dí-
trá

díthrá in iontrálacha eile (8)

 
cora
Ní fhéadfaidh tú a dhul sa gcora mura mbí sé ina dhíthrá (cora a tugtar ar na clocháin a déantar isteach go dtí oileáin ar chiumhais an chladaigh, áit nach mbeadh ach coigéal nó cuisle bheag farraige)
+
Triomaíonn an coigéal sin uileag le rabharta mór, ach d'fhéadfá a dhul trasna aon uair ar dhíthrá ach tú fhéin a chrapadh suas thar na glúine.
TUILLEADH (1) ▼
D'éalaigh sé sa snámh uathub trasna an choigéilín farraige siúd ar dhíthrá.
 
biorach 1
Tá scothach biorach amach sa bhfarraige ann agus d'fhéadfá siúl amach ann ar dhíthrá — ros géar talún sínte amach sa bhfarraige a d'fhéadfá a shiúl nuair a bheadh sé ina thrá
 
'Sí an fheamainn dubh a fhásas ar na clocha amach go dtí díthrá rabharta móir. Leasú maith í. Baintear san earrach í le sceana, agus cuirtear amach ar thalamh fataí í.
 
Ní tráth dhá fhaillí é, a dhuine sin. Bí amuigh. Is gearr go mbeidh sé ina dhíthrá. Ní fhanfaidh an taoille linn — tá againn crú a chur ina thosach agus an trá a thapú (le feamainn a bhaint)
 
Is mór den donn réidh sin atá thíos ar an gcúltrá thiar. Nuair a d'fhuadófaí an gaineamh di (den trá) de bharr stoirme nó bogadh le tír, agus nach mbeadh inti ach an bonn dubh sin ar nós na móna, bíonn an donn réidh leis agus í i ngreamús thíos sa móin. Bheadh ceathair nó cúig de throithe den ghaineamh imithe shula d'fheicfeá iad. Níl in ann an trá a nochtadh ach oibriú na farraige. Má ghabhann tú síos aríst théis stoirme, feicfidh tú féin iad ach é a bheith ina dhíthrá
 
Bhíodh muid thoir ansin thoir ar chúla na céibhe agus muid inár suí síos ann go mbeadh sé ina dhíthrá agus go bhféadfadh muid a dhul ag obair. Dheamhan a dhath féin a bhí call dúinn a dhéanamh nuair a bheadh sé ina lán mhara, ná ó bheadh leath tuilte féin aige, ach cead againn suí ansiúd ag caitheamh clocha sa bhfarraige agus ag breathnú ar na driúillíní ar an uisce. Ba é saol an duine uasail é a mhic ó