Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dóib
ainm-fhocal, buineann
geineamhnach uathaidh: na dóibe
uimhir iolraidh: dóibeannaí.
gaineamh bog bán nó buidhe. 'Sé a theigheadh in urláir fadó i leabaidh stroighin (cement). Chuirtí rud beag aoil air, ach ba bheag é. Ní theigheadh sé i mballaí. Deirtí go ndéanfadh sé creafóig thar éis scathaimh, dá gcuirtí i mballaí é. Bheadh an dóib cho bealáilte agus dá mbeadh aol innte, nuair a shuathfá í. D'fhéadfá láthair mhuirtéil a dhéanamh de dhóib le beagán aoil nó "cement" a chur thríthe. Chuireadh cuid de na daoine cárnáin bhualtraigh beithidhigh thríthe, agus bhealóchadh sin thar cíonn í. Cuireann muintir an tsléibhe amach ar thalamh láidir sléibhe í, le síol meaingiols nó turnapaí a chlúdú i leabaidh an ghainimh ghuirm, scaithtí. Tá dóib i gcuid mhaith de'n talamh ach a dhul bun-domhainn. In áiteachaí eile, tá sí in a dumhchannaí ar uachtar na talmhana, agus d'oscluightí clascannaí gainimh in áiteachaí de'n tsórt sin a mbeadh sí le fáil ar éascaidheacht. Ach tá sí faoi ráta anois de bharr fairsingeacht an stroighin (cement), mara gcuirthí corr-uair in a h-urlár i gcroithe í

Féach freisin

do 1

Dóib in iontrálacha eile (50+)

 
Níl cló-stiúrtha a' bith fanta ar a' teach anois ag lucht cuart? Chloisfeá an chantaireacht a bhíos ann chuile oidhche thiar sa mbóithrín beag. Is mór a' t-iongnadh nach dtugann Seán-J. an tsráid amach dóib.
 
M'anam muise mara bhfuil ag a chuid beithidheach seasc ach a ndéanann siad de thomsacht ar na caethachaí siúd, nach sugh salmhain imbéal buláin dóib é. Bó a' bith — seasc nó eile — nach bhfuil a' faghail farae ar an aimsir seo, beidh sí ar deire.
+
'Mbeadh fhios aghad faoi neamh nó néal, cé'n chóir a bhfuil siad indon na 'h-aeroplanes' sin a chinnireacht chor a' bith san aer. Shílfeá go mbadh deacair dóib é lá gála go h-áithrid, ach deir siad dheamhan cailm a bhío(nn)s orra(b) ach an oiread le lá ar bith.
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá go mbadh deacair dóib (do na mná) na hataí coirricíneacha sin a chinnireacht chor a' bith, dhá mbeadh farradh 'bith ann.
Níl siad a' faghail aon-chinnireacht ó'n té is córa dhóib é fhaghail uaidh, a's gan é 'fhaghail uaimse = comhairliú, smachtú. Níl a n-athair a' tabhairt aon-chomhairle dóib ó's dó is córa.
 
Má fhágtar 'chuile shórt faoi Dhia, is deacair dhó freastal dhóib ar fad. D'orduigh cinnire fhéin congnamh.
+
A' mbeadh an oiread de'n bhallséire ort a's go dtiubharfá bhót (vote) dhóib sin? Nach bhfeiceann tú go bhfuil ciseach déanta aca(b) de'n tír. Ach is deacair cuid de na daoine a chomhairleachan.
TUILLEADH (1) ▼
Rinne siad ciseach dhóib ar fad, sa dárna leath-uair. = rinne ceann de na comláin imeartha, droch-bhail a chuir ar a' gcomlán eile 'sa dara ceann de'n chluiche. Sháruigheadar iad gan stró a' bith.
 
cobha
Cimín cnuic ab fhearr dóib an t-am seo 'bhliadhain. Ní hé an dubhrabhán sin agadsa an áit ab fhearr liom caora a fhaghail anois. Tá sé bun-fhliuch a's ní bheadh fhios aghad nach cabh a bhuailfeadh iad ann.
+
'Séard dubhairt an bhean a bhí a' cainnt nar chumaoin dóib tada a rádh le na C. (sloinne), a's chomh minic a's líon siad a mbuilg. Ach ní bhíonn aon-chuímne ar an arán a ithtear
TUILLEADH (1) ▼
M'anam, muise nar chumaoin dóib a bheith doithcheallach le D., arae marach D. ní bheadh aon-teach as a gcionn, 'san am nach raibh aon-láthar i gceachtar aca(b), aon-phighinn a shaothrú.
 
InDomhnach is cosnochttha a bhíodh muid sa ngeimhreadh freisin. Nuair a thagadh sioc, d'fháisceadh muid buadáin ar ar gcosa le teas a dhéanamh dhóib. Ach níl aon-acmhúinn ag aos-óg ar fhuacht anois, mar bhíodh an uair sin.
 
Chomh uain's a bhí an dá shean-fhear bhochta sin annsin ag béal a' doruis aige, chaith sé a shaoghal a' meabhrú do lucht cuarta chuile bhiorán dá bhféadfaidís a dhéanamh orra(b) a dhéanamh dhóib. Dheamhan duine sa tír anois, nach a' deanamh bioráin air fhéin atá. Níorbh é leath-chóir Dé é, mara dteagadh cothromacan síneadh na h-uaire ar ais air fhéin.
 
InDomhnach bhí mé chomh coideáin aca(b), a's dá badh aníos as Cúige Uladh a thiocfainn. Ach chreidim nach ughdar milleáin dóib é, arae cé'n aithne a d'fhéadfadh a bheith aca(b) orm, ach an oiread le scéal.
+
Má dhéanann tú cithréabachaí de na briocáin sin anois, beidh moill ort aríst, shul ó gheobhfas tú fuireann nuadh. Mar sin tabhair aire dóib.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan ball istigh faoi chaolach do thighe nach bhfuil in a chotréabachaí, ag na bacaigh de ghasúir sin. Neart bata nar mhór dhóib.
+
Ní raibh bóthar ná bealach aca(b), gur dearnadh a' méid sin de bhóthar dóib an bhliadhain cheana.
TUILLEADH (1) ▼
Thug an máighistir cead a' bhealaigh dóib (do na scoláirí) ag a' dó indiu.
+
'Siad an dream a bhealthuigh mo chuid aráin domsa, an dream a dtiubhra mé mo bhóta dóib.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé fánach agad a bheith a' trácht ar Ghaedhilge le muinntir na h-áite seo: a dhearbhráthair mo chroidhe thú, tá'n Béarla chomh bealthuighthe isteach ionnta(b) anois, a's nach bhfuil indán dóib scaradh leis, go mbaintear na teangachaí amach asta(b).
 
Is le na bheith tur dóib muis a bheith taobh leis an méid sin bealthuidheachta. Cáide a thiocfas puintín gágach feola ar lán tighe.
 
beart
Níl aon-lá ariamh, nach shin í 'gcuid aisiléaracht' sin — a' cuir beart in a shuidhe, a's ag imeartas ar chuile duine má's fíor dhóib fhéin. Ach feicthear dhomsa, gurab iad fhéin a bhío(nn)s siar leis i gcomhnuidhe.
 
Ní sháinneochadh duine 'bith aon-chaora anois — i gcoruice dhuibh na bliadhna thall. Cead scuir a bhí a thabhairt dóib. Ar ndú (dar ndóigh) ní millteanas a fhéadfas siad a dhéanamh, a's chomh lom a's tá 'chuile áit.
+
M'anam má tá siad i gcrích, nach aon-spré a bhí an t-athair indon a thabhairt dóibh a d'fhága igcrích iad, nach hé sin. Dheamhan luach a bhéilidhe a chonnaic muide ariamh aige. Ach ba mná piocamhla triollúsacha na gearrchaileadha fhéin, a's níor mhór dhóib sin, ar shon an leaduidhe is athair dóib.
TUILLEADH (1) ▼
Tá cumaoin in áithrid duit sa teach sin, muis, má theigheann tú ann. Ach d'eireochadh dhóib. Nach bhfuil 'dís ban óg', mar deir a' t-amhrán le cur i gcrích ann fós, a's cá bhfaigheadh duine aca(b) fear is feilmheanaighe ná's puinnteáilte, ná thú fhéin bail ó Dhia ort!
 
Tá clann chruadh chuisneach aige, a's inDomhnach ní mór dhóib sin, a's a bhfuil de sclábhuigheacht orra. Ní bhíonn cois thirm aca(b) aon-lá sa mbliadhain
 
cúl
Is mór a' tromuidheacht atá ag sagairt ar ól, má's fíor dhóib fhéin, a's fios maith ag 'chuile dhuine, nach gcuirfidís fhéin suas dhó, dhá bhfaghaidís ar chúla téarmaí é.
 
Ara droch-chríoch orra(b) mar mhná. Ná déan a samhailt chor 'bith liom. Ní beag dhóib a bhfuil thar bharr a gcéille aca(b) cheana, a's gan an cleas céadna a dheanamh liomsa = shoraidh dhaob (díob) mar mhná.
 
Is maith a rinne siad é, a's athrú síos Conndae na Midhe. Níorbh áit buaile ná sean-bhaile dóib, an tamhnach sin thiar.
+
beo 1
Dheamhan a 'bhfuil beo de T. Mh. nó 'sé a d'innis dóib é.
TUILLEADH (2) ▼
Má mhaireann dóib, is gearr go mbeidh an teach beo le luchain bheaga. Is mór a' babhta orainn gan aon-chut a bheith againn. Deirimse leatsa gur maith ann na cuit ina dheidh sin, aindeoin go mbíonn casaoid orrab amanntaí.
Dheamhan geinealach a' bhéil bheo istigh ar a' mbaile a bheannóchadh dó, ná a thaobhóchadh é anois. Tá 'chuile dhuine gránuighthe air anois, a's ní h-iongnadh dhóib.
 
Céard a bhéarfadh dhóib a bheith 'bhíodhgaighil fós nach 'bhfuil seachtmhain eile orra(b)?
 
biorach 2
Is fada anall fúmsa a tháinic biorachaí, a's a fhusacht dóib fanacht sa mbaile. Ach ní thiocfa siad aríst ann (nuair a bhuailfeadh duine snaidhm ar dhuine a tháinic faoi, a's nar cheart dó a theacht faoi; narbh é áit é)
 
bocht 1
Is leitheadach a' mhaise dóib é, de chlainn duine bhoicht!
 
bocht 2
Ná bíodh fhios ag bocht ná ag nocht do scéal. An rud nach mbeidh 'fhios aca(b), ní dhéanfa sé aon-imnidhe dhóib.
 
Má chinneann orra(b), cuirfe sé siúd borradh fúthab aríst = má bhíonn siad a' dul ar gcúl, beidh sé ina chúl torraic, nó in a chrann seasta dóib.
 
Sé'n teach is tútaighe é a ndeacha duine ariamh ann. Dheamhan brabach a' bith a bhí le faghail orra. Má bhí rud aca(b), choinnigh siad dóib fhéin [é]. Níor roinn siad linne é.
 
Ná mill mo bhriocáin. Ní beag dhóib chomh dona a's tá siad, a's gan tusa dhá ndéanamh níos measa.
 
bruach
Nuair a leagann siad sin na bruachannaí leagann siad an iomaire as éadan: ní fhágann siad caolóid a' bith 'na ndiaidh. Is fusa an ithir a spréidheadh mar sin, má's fíor dóib fhéin.
 
Shílfeá go mbeadh náire ar bhean a' bith béiceadán a dhéanamh dhi fhéin ar a' gcaoi sin, le ól. Bíonn caith(eamh) a's cáineadh ar na fir, ach dheamhan leath-milleáin le tabhairt dóib, a's na mná fhéin ar a' gceird sin.
 
aer
Sin é an chaoi bhfeicfe duine iad, idir a' t-aer 's'a' talamh diúltaigheamuide dhóib!
 
Ba mhaith le duine aige bruithneog roimhe seo, ach ní thiubharfadh an aos óg bolg dóib anois.
 
Is dhóib ab fhusa bruth-shléacht a bheith orra(b), lá's go bhfaghaidís amadáin le na gcuid oibre a dhéanamh in aisce dóib. Ach tá ciall ag daoine anois fharra's an uair sin.
+
Bíonn na Punncáin sin uileag brúideamhlach beathuighthe, ar theacht abhaile dhóib, ach ní fhanann sciolltar a' bith orra(b), th'éis tamall a chaitheamh in Éirinn. Tá mé a' ceapadh gurab í neart na gréine thall, a dhéana(nn)s chomh brúideamhlach sin iad.
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá gur deacair dhóib a bheith brúideamhlach beathuighthe muis, scáth a bhfuil de thomsacht ar na riascannaí sin suas aca(b).
 
Nuair a bhí mise ag eirighe suas, dheamhan bróig ná stoca a d'fheicfeá ar aon-ghasúr sa tír, ach iad ag imtheacht cos-nochta, geimhreadh a's samhradh chomh maith le chéile. Nuair a thiocfadh sioc mór annsin, chuirfidís buadáin ar a gcosa — súgáin fhéir, nó strácaí 'mhálaí — le teas a dhéanamh dhóib ar a' bhfuacht.
+
Níor buaileadh aon-deoir bháistighe ar na fataí ó cuireadh idtalamh iad, gur baineadh aríst iad. Ba doiligh dóib a bheith go maith annsin.
TUILLEADH (2) ▼
Chaithfeadh sé go raibh an-rachmall pósta air, má leig sé dóib an tsliseog sin a bhualadh air, gan pighinn gan bonn.
Is furasta dóib sin a gcuid slighe a chuir dhá lámha. Nach bhfuil a' margadh buailte orra(b).