Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dóib
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: na dóibe
uimhir iolra: dóibeannaí
gaineamh bog bán nó buí. 'Sé a théadh in urláir fadó i leaba stroighin (cement). Chuirtí rud beag aoil air, ach ba bheag é. Ní théadh sé i mballaí. Deirtí go ndéanfadh sé créafóig thar éis scaithimh, dá gcuirtí i mballaí é. Bheadh an dóib chomh bealáilte agus dá mbeadh aol inti, nuair a shuaithfeá í. D'fhéadfá láthair mhoirtéil a dhéanamh de dhóib le beagán aoil nó cement a chur thríthi. Chuireadh cuid de na daoine carnáin bhualtraigh beithígh thríthi, agus bhealódh sin thar cionn í. Cuireann muintir an tsléibhe amach ar thalamh láidir sléibhe í, le síol meaingeals nó tornapaí a chlúdú, i leaba an ghainimh ghoirm, scaití. Tá dóib i gcuid mhaith den talamh ach a dhul bundomhain. In áiteachaí eile, tá sí ina dumhchannaí ar uachtar na talúna, agus d'osclaítí clascannaí gainimh in áiteachaí den tsórt sin a mbeadh sí le fáil ar éascaíocht. Ach tá sí faoi ráta anois de bharr fairsingeacht an stroighin (cement), mura gcuirthí corruair ina hurlár i gcroithe í.

Féach freisin

do 1

dóib in iontrálacha eile (4)

 
Is fada iad ag teacht anuas uirthi, más fíor dóib fhéin, ach níor tháinig siad anuas uirthi fós.
 
fód
Criathrach fuar uileag é, agus níl fód láí ann ach an dóib sin faoi. Tá an-fhairsingeacht ann, agus maidir le sliabh, is ann atá a thabhairt amach. Ach an té a mbeadh seacht gcéad punt aige, b'fhearr dó a chur in áit eicínt eile ná a dhul ag plé leis na screaballachaí údan
 
fuar 2
Criathrach fuar é, agus níl fód láí ann ach dóib thíos faoi
 
Is mó an deacracht an talamh anuas anseo ar an mínleach ná an talamh riascach sin i mbarr an bhaile, ach ní thugtar aon saothrú ar bharr an bhaile nuair a théitear dhá shaothrú féin. Ba cheart é sin a lagan le aol agus le gaineamh gorm agus le dóib agus le chuile rud mar sin, shula chuirfí rud ar bith ann