dóigh
—ainm-fhocal; buineann
—ní bhíonn aon-iolraidh air.
—Fuaim: an fhuaim chéadna le dó
1.
a.
díol, údar, ábhar, ceap, ballséire.
+–
Rinne siad dóigh mhagaidh dhó (dhe) = údar magaidh, ceap-magaidh, bothae, ballséire nó baileabhair.
Tá S. in a dhóigh mhagaidh ag an tír. Níl áit ar bith dhá mbíonn sé anois nach mbíonn cluiche cruinnighthe air ag séideadh faoi
TUILLEADH (7) ▼
An síleann tú gur dóigh mhagaidh mé go mbeitheá ar an gceird sin liom. Mo choinsias 's dar m'anam, mara n-eirighidh tú as anois go beo sciobtha, ní h-iad do chosa féin a thiubharfas as ball na h-áite thú deirimse leat
Má's dóigh mhagaidh atá sib a iarraidh, ionnsuigidh duine eicínt eile. Tá sib ag plé leis an gceann contráilte ar ala na h-uaire. M'anam ó'n diabhal gur sonnda an mhaise dhaoib é — grabairí mar sib!
Ní fhaca tú aon-dóigh mhagaidh go h-iomaidh mar é. Tá an dream seo síos ag saghdadh faoi d'aon-uaim amháin, agus ag rádh leis nach bhfuil air ach a dhul siar agus inghean T. S. a iarraidh, agus go bhfuil sí le fáil aige. Meastú nachar tháinig sé tigh Sh. aréir agus é gabhtha gléasta faoi "chollar" agus faoi "tie". Anois an bhfuil biseach agad?
Is túatach an cheird atá orra ag déanamh dóigh mhagaidh mar sin de shean-fhear bhocht atá ins an aois leanbuidhe mar atá sé. Dheamhan an dóigh beirthe é, nó eireochaidh sé ins an gceann air. Ní bheadh locht ar bith a dhul ag spochadh len a leithide eile féin, ach tá sé mór aca a dhul ag suidhe i mbun sean-duine mar sin
Tá sí caillte le cás agus náire faoi'n deis atá ar an athair ag imeacht — in a dhóigh mhagaidh ag an tír. Deir tú leis a tháinic abhaile as G. an oíche faoi dheireadh agus cóiste cínn faoi, agus é ag rádh le 'chuile dhuine dhá raibh ag castáil leis go raibh inghean Lord C. len a phósadh, ach nach bpósfadh sé í mara dtugadh a h-athair an teach mór di. Sin é an "óinseach" agad
Shílfeá go bhfuil siad ag déanamh dóigh mhagaidh dhíot d'aon-cheird. Má ghlacann tú mo chomhairle-sa, fanfaidh tú uatha, agus ní bheidh baint ná páirt agad leo. Scaibhtéaraí maithe iad sin. Ní tada eile iad
'Sé déanamh an mhagaidh, dóigh an mhagaidh = 'sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh (sean-fhocal. fc. díol. Cuirtear dóigh in áit díol ins an sean-fhocal go minic)
+–
Rinne sé dóigh ar fad dhe (in áit dóigh mhagaidh a rádh, is rí-mhinic nach n-abruighthear mar seo ach dóigh amháin, agus bíonn roint beag céille le cois ann scaithtí)
An rún atá agaibh dóigh a dhéanamh dhíom = díol magaidh
TUILLEADH (6) ▼
Is maith gasta a dhéanfaí dóigh annseo anois dó, dá lonnuigheadh sé achar ar bith ann. Ach is rí-mhaith atá a fhios aige sin. Chroch sé a chuid seolta leis, cho luath agus a fuair sé an deis
Is diabhlaí dúlaidhe a bhíos sé a dhul ag déanamh dógha de 'chuile dhuine. Mise imbannaí gur deacair drannadh leis féin — gur deacair sin
"Boss" réidh go leor é. Mara bhfeiceadh sé thú ag déanamh dógha de'n scéal ar fad ní abróchadh sé tada. Bhí mé féin agus M. Bh. annsin thiar anuiridh ag baint chlocha reatha ingarrdha D. Shuidh muid síos agus na piocóideachaí caithte uainn againn. Diabhal easna dhó nachar théaltuigh aniar, agus ní fhaca muid ariamh ariamh é, gur rug sé ceart críochnuighthe orainn. Meastú céard a rinne sé: a dhruim a thabhairt duinn ar an toirt … Chaithfeadh sé T. Mh. a bhriseadh. Rinne sé sin dóigh dhó (dhe) amach is amach. Fear ar bith a leagadh an barra uaidh os a choinne agus a chuireadh péire uileannachaí air fhéin ag dradaireacht le 'chuile bhean a theigheadh thart an bóthar
Má's leat dóigh a dhéanamh de'n scéal ar fad, sin é atá agad a dhéanamh. Meastú an éistfidh duine ar bith leat ar an gceird sin. Má shíleann tú go n-éistfidh féach leo é. Ar a fhéachaint a bheidh a fhios é
Réidhteach a dhuine! Réidhteach. T'anam ó'n Diabhal, ní fhéadfaidh tú dóigh a dhéanamh de'n scéal ceart críochnuighthe. Nach feasach duit féin cho maith agus is feasach domsa má ólann tú a leath sin, agus uisce a chur thríd an gcuid eile, go mbrathfaidh sé é. Is air nach mbeidh an mhoill. Nach furasta aithinte dhó é!
Dar príosta ní féidir dóigh a dhéanamh dhó (dhe) cho h-éascaidh agus a cheapas tusa. Sáthach meabhrach atá sé an uair a thogruigheas sé féin é.
+–
Is dóigh grinn thú dá mbeadh a fhios agad é. Nach bhfeiceann tú céard a rinne tú?
Is maith an dóigh grinn duit a dhul ag éisteacht leis oíche eicínt. Níor chuala tú a leithide ó a rugadh thú
TUILLEADH (1) ▼
Ba mhaith an dóigh grinn do dhuine a bheith ag breathnú air ag cur na tuighe. Dheamhan blas ariamh ach a bualadh síos in a straoilleogaí mar a bhí sí agus scoilb a fháisceadh innte. Is breagh slachtar an teach a bhéas aige ach a mbeidh sé réidh
·
Ba mhaith an dóigh gáire é gan bhréig gan áibhéil. Mara mbeadh agad ach aon-gháire amháin chaithfeá a dhéanamh faoi agus an ghoic a bhí air, amuigh ag damhsa
Ba mhaith an dóigh gáiridhe dhuit a theacht ag éisteacht leis oíche eicínt, má bhíonn sé i "ngiúmar" (humour). Tá scéalta aige a bhainfeadh gáire as na clocha. Ach má bhíonn múisiam ná dubrón ar bith air, ní bhfuighidh tú smid ná smeaid uaidh
b.
áit a mbeadh rud le fáil, áit ar dhóigh de rud áirid a bheith ann.
+–
Is maith an dóigh fataí é an garrdha sin = garrdha a mbeadh tabhairt fhataí ann; garrdha a bhfásfadh fataí maithe ann
Níl aon-dóigh fataí istigh ar do bhaile inchínnte ar Gharrdha Mh. L. má fhaghann sé aon-ghiollaidheacht. Daithín feamuinne agus braitín aoiligh, agus níl righeachan ar bith le na fataí a bhainfeas tú ann, is cuma fliuch tirm an bhliain
TUILLEADH (1) ▼
B'ait an dóigh fataí é an cúl thoir sin roimhe seo, ach dair (dar) leat, níl tabhairt ar bith fanta ann, marab é an síor-chur atá dhá spíonadh. Is olc é an iomarca de'n fheamuinn dearg sin freisin. Dóigheann sí an talamh uiliog
+–
Níl aon-áit ins an gceathramhadh is fhearr dóigh coirce ná an ithir sin thíos agad-sa. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sí in a púir uiliog, tá sí cho séasúrach sin. Cuir coirce mór innte sin i mbliana, agus mise i mbannaí go mbeidh an toradh chéadtach agad air
Níl aon-dóigh cruithneacht' istigh ar do bhaile. Cá'il sé? Shílfeá go raibh an talamh dhubhrabháin sin thíos agamsa cho maith agus a bhí le fáil len a h-aghaidh, agus chonnaic tú féin an cleas a rinne sí ann an bhliain cheana. Ní raibh ceo dhá barr ariamh agam nach síobhuisín beag nacharbh fhiú do sheacht mallacht é. Ba í an díogha ceart í lá agus nach ndrannfadh J. Ph. É. léithe agus é thart cheal údar poitín
TUILLEADH (1) ▼
Dóigh coirce mo léan! Dóigh bruimfhéir, má's dóigh ar bith é
+–
An-dóigh ballach í Carraig Mh. ar an taoille seo. Nach bhfuil sé ag tuileadh isteach i mbéal na cuisle. Gabh síos agus caith cupla urchar uirre, agus fan ann nó go ndíbrighidh an taoille tuile thú. Cuirfidh mé mo shean-hata leat go n-eireochaidh ballach nó bromóg leat
Is maith an dóigh bradán é Poll na h-Easa ar an aimsir seo. Tháinic mé anoir thar an línn aréir, agus bhí lonnadh ar an uisce. Is deacair breith ins an mbaile ar E. aríst go ceann scathamh. Cuirfidh sé ceirín de'n fhíor-uisce air féin arsa tusa (ag dul ins an abhainn ag saghdadh bradán)
TUILLEADH (3) ▼
Má's ag tóruigheacht creathnaigh a tháinig tú is olc an dóigh (creathnaigh) é seo. Níor mhór duit a dhul ar chladach dána le creathnach a fháil. Is diabhlaí dúlaidhe atá sib ins an gcreathnach suas annsin i gcomhnuí
Is dona an dóigh cairrgín an áit seo a bhfuil tú muis. Is a dhul ag iarraidh breac ar thulán a dhul ag tóraidheacht cairrgín i mbarr chladaigh. Is furasta aithinte gur aineoluidhe thú. An aithneochthá cairrgín dhá bhfeictheá é. Dheamhan a fhios agamsa an aithneochthá
Is maith an dóigh coirrlighe an t-Oileán ar an rabharta mór seo chugainn. Beirt ar bith a mbeadh currach aca, bheadh leasú na bliana sin aca. Ach níl sé grath (de rath) ar na daoine an méid sin féin a fháil. Ach dhá mbeadh currach faoi chéad ann, chreidim nach bhfuil aon-duine ann a ghabhfadh innte, ná a bheadh indon aon-cheart a bhaint di
·
Sílim gurb olc an dóigh mná é an baile seo ag fear ar bith le thoidheacht ann. Níl aon-bhean ionphósta dá bhfuil ann sásta duine ar bith a phósadh ach máistirí scoile, nó cléireachaí beaince. Nach bhfeiceann tú féin iad. Níor mhaith dhuit scráibín a shamhailt leo. Ghabhfaidís ingeallta dhá samhluightheá. Nár thugaidh Dia dhóib níos fhearr é muis! B'fhéidir nuair a d'fhuaróchaidís agus iad fágtha ar a dtóin scathamh eile mar tá siad, go mb'fhurasta a dhul 'un cainte leo annsin.
Ní h-olc an dóigh poitín chor ar bith é tigh S. Mh. B'annamh leis a bheith falamh pé'r bith céard is cor dó ar an saoghal seo. Mara n-eirighidh aon-bhraon leat ann, déarfainn leat do shúil a bhaint dhe. Gabhfaidh sé righte leat aon-deoir a fháil ar a mhalrait
+–
Is olc an dóigh a dtáinic tú ins an áit seo má's ag iarraidh feamuinne atá tú. Dheamhan a leath-dhíol féin ag aonduine annseo. Ach b'fhéidir, dá dteannthá siar scathamh go bhfuightheá feamuinn tirm ar an bP.
Ag iarraidh síol plandaí atá tú? Is olc an dóigh a dtáinig tú muis. Dheamhan gráinne ag gabhail linn i mbliana. Caithfeamuid féin a dhul ag soláthar — caithfidh sin
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon-tobac agad. Dar mo choinsias muis, is dona an dóigh a dtáinic tú anois. Tá mé féin spurtha ó am dinnéir, agus gan aon-ionbhadh ag aonduine ins an teach a dhul dhá iarraidh, bhí muid cho cruadhógach sin. Beidh sí seo ag dul in a choinne ar ball beag, má ghníonn sin thú
Chuaidh sé síos tigh J. le páipéar "dole" a líonadh. Diabhal bréag muis narbh olc an dóigh. Chreidim dheamhan smid scoláireacht' i bpluic aon-duine dhá bhfuil annsin ach an oiread leis féin. Shílfeá ins an míádh, go mbeadh duine eicínt ní ba ghoire do láthair dhó len a líonadh ná an baile seo. Ach cheapfainn go (gur) le grádh do'n chuartaidheacht a chuaidh sé ann
Goideadh a bhríste agus a chóta mór uaidh ann. Chaithfeadh sé imeacht in a chraiceann, marach F. A. a thug sean-bhríste cuileáilte leis féin dó. Níor mhaith an dóigh dhó sin R. le dhul ar ais ann = níorbh áit mhaith, (chóireamhail, ádhamhail) dó R. le dhul ar ais aríst ann
B'olc an dóigh (dó) déarfá a bheith in a h-aice = níorbh áit mhaith é; áit é a bhfuightheá ocras san gcás áirid atá igceist
c.
+–
Is maith an dóigh iad! = níl aon-mhaith a bheith ag súil go bhfaighfear tada dhá mbarr (droch-chártaí)
An bhfeiceann tú iad sin. Is maith an dóigh iad. Spéireataí dubha go tóin. Nuair is dubh dhóibsean is dearg domsa, agus an uair is dearg dóibsean is dubh domsa
TUILLEADH (8) ▼
Diabhal bréag nach maith an dóigh é an guróir de laogh sin. Breathnuigh ar an gcruit atá air. Tiubharfaidh an Márta rud le déanamh dó = laogh a bheadh in a dhroch-údar, nach mbeadh aon-deagh-ghealladh faoi, ná aon-tsúil len a eirghe
Is maith an dóigh í sin. Dállta ar meisce 'chuile oíche, agus ag gabhail fhuínn ag teacht abhaile. Dhá mba mise a máthair, d'fhágfainn amuigh ar an tsráid í, agus cead aice lóistín a fháil insan áit a bhfaghann sí an t-ól. Ach chreidim nach bhfuil mórán le reic ag an máthair féin
Cá bhfuair tú an sean-"bhicycle". Dar fiadh sin sean-déanamh ó'n díle ceart. Is maith an dóigh é déarfá. Dar mo choinsias anois, ní maith ó adubhairt tú é. Ní shuidhfinn thuas air chor ar bith
Cé leis an sean-asal sin. Is maith an dóigh é. Pé'r bith cé leis é, tá leis. Tá éadáil aige
'Bhfeiceann tú an péire bróg a cheannuigh mé achar is lugha ná dhá mhí ó shoin. Is maith an dóigh iad sin. Tá siad rodtha idir bhuinn agus uachtair. Breathnuigh uirre sin, ar son Dé ort! An feire féin níl innte
An bhfaca tú an priobáinín fataí atá annsin thuas agam. Nach gceapfá gur maith an dóigh é. Níl das ag gabhail leis nach bhfuil rodtha ag an lobhadh bán. 'Ar ndú' is maith an aghaidh orm é, agus a gcur ann chor ar bith. Sin é an cleas a ghníos "na barra" sin i gcomhnaí
Na chúig mhuileata is measa i bpaca! Dhá mbeidís ann níos measa, is mé a gheobhadh iad. Is maith an dóigh iad
An bhfuil a fhios agad an chruach atá ar leiceann thiar an bhóthair agamsa. Níl fód slán istigh in a corp. Tá sí in a bog-eibhinn fré chéile. Is maith an dóigh í, agus cho h-áirdeallach agus atá lucht na "lorries" i mbliana faoi mhóin thirm a fháil. Diabhal an raibh sí baoghal ar cho dona siúd an uair a rinneadh í. D'ól sí an t-uisce ar fad ó shoin
+–
Is maith an dóigh é = fear leorchruth, fear ar mhaith an aghaidh bean é
Is maith an dóigh é anois pé'rbith bean a n-eireochaidh sé léithe. Beidh sí in a suidhe go te ar aon-nós
TUILLEADH (3) ▼
Is maith an dóigh thú bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach tá faitíos orm nach ar mhná na h-áite seo a bhéas an t-ádh. Beidh tusa ag iarraidh dubh-spré agus sin rud nach bhfuil le fáil agad annseo
D'fhéadfá a rádh gur maith an dóigh é: gabhaltas mór talmhana agus gan cloch bhuailte an iarainn istigh ar a fhuaid. Tá airgead tirm ag an mbuachaill sin freisin, cheapfainn
Má's maith an dóigh é breagh nach gcuireann sí a h-inghean ann agus gan a bheith dhá buachailleacht annsiúd níos fuide. Ach ní chuirfidh. Aindeoin a bhfuil de mholadh aice ar an áit, is dona léithe é in a dheidh sin, agus tá sí ag tnuthán go bhfuighidh sí fear níos fhearr di. Ní bheadh an saoghal suas len a cuid cluanaidheacht' sin, in a dheidh sin
d.
+–
Is deas an dóigh de dhuine é (nó í) = fear nó bean dóigheamhail shlachtar
Is deas an dóigh de bhean í, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirre. Go dtugaidh dia fear mór maith di agus is maith an aghaidh uirre é
TUILLEADH (1) ▼
Is breagh deas an dóigh d'fhear é ach a bhfeictheá gabhtha gléasta mar sin é. Ach ba dual dó an-slacht. Ní raibh sárú an athar le fáil, bhí sé cho slachtar sin
2.
caoi, bealach, deis, riocht, staid, bail, beart.
a.
+–
Cé'n chiall an eadh? Rubáladh ann mé. Ba mhaith an scéal dom nach raibh ag gabhail liom ach seicín deich scilleacha agus sprus eicínt airgid ruaidh. Dhá mbeadh, ghabhfadh an bhail chéadna air agus a chuaidh ar an méid sin. Tugaimse G. do'n diabhal. Déarfá nachar mhaith an dóigh dhom a dhul ann aríst.
Is minic a chuala tú "Fuair sé an oiread dhe, agus a fuair an bacach d'Inis Nídh". B'olc an dóigh do'n bhacach é a chastáil go h-Inis Nídh. Tugadh sáile bruithte dhó ann, adeir siad
TUILLEADH (37) ▼
Má's ag iarraidh móna atá sé is dona an dóigh dhó a theacht annseo anois. Níl caorán ann nach bhfuil díolta. Breagh nach dtáinig sé níos túisce ins an mbliain, an uair a bhí greadadh di suas annsin ar 'chuile chnocán, agus gan fear a fiafruighthe ann
Má tá sé sin imighthe soir, ba mhaith an dóigh a dhul soir in a dhiaidh. Beidh ól in aisce dhá thoghaint ar dhaoine indiu. Tá an fiuntas ann, an uair a thosuigheas sé
Ba mhaith an dóigh (beart, pleain) a dhul amach anois agus a bheith roimhe ag an iothlainn agus caitheamh leis. Ní thomhaisfeadh sé go bráth go mbeadh ámhuilleacht ar bith mar sin ionainne. Leagfadh sé ar an gcuingir eile é — ar Sh. agus ar T.
Níl a fhios agam arbh olc an dóigh chor ar bith a dhul ar meath indiu. Déanfaidh sé an-lá fairrge. Tá roint mhaith currachaí amuigh. Mara bhfuil aon-chruadhóg eile ort, buailfeamuid amach … Shílfeá go bhfuil brath agad loiceadh. Do chomhairle féin a mhic ó
B'ait an dóigh bualadh suas ag an teach ambáireach má bhíonn an sean-bhuachaill imighthe. D'fhéadfadh duine a bheith ag baint corr-scealpóg as Máirín de réir a láimhe. Ba bheag an locht a gheobhfadh sí air ach oiread cheapfainn. Tá sí sáthach bainte amach, ach nach leigeann an faitíos di cor ná car a dhéanamh ag a h-athair
Sílim go mbadh mhaith an dóigh do dhuine trí nó ceathair de bhoscaí móna a thárlú anuas chuig an teach a fhad agus atá an aimsir seasta mar seo. Ní fheicfidh tú seachtain ó indiu go mbeidh airde sneachta ar an talamh, agus ní bheidh sé ionrásta ag tada a dhul 'na phortaigh annsin. Tuairt shneachta a thiocfas as an bhfuaraidheacht seo
Níor dhona an dóigh chor ar bith anois duinn na bruachannaí a leagan as láimh. Is gearr go bhfeicidh tú meall feamuinn dearg ins an gcladach agus ní shin é 'u' (ar) dtráth a bheith ag leagan bruachanna. Feicthear dhom nach bhfuil am ar bith is cóireamhla lena leagan ná ar an aimsir seo
Ba mhaith an dóigh dhuit a Bh. má tá an siopa romhat, a bheith ag dul ann anois, agus gan an oíche a leigean ort féin aríst. Níl siar ná aniar ins an lá anois. Ní féidir go bhfuil na scoláirí beaga ins an mbaile. M'anam muise má tá nach mór duit a bheith ag cur bealadh faoi t'ioscadaí
Níor dhona an dóigh do dhuine cupla péire de na "clogs" sin a cheannacht 'fhad agus atá siad fairsing. B'fhéidir go bé (gur) an chaoi a mbeadh sé ar ball go mbeadh muid gan Murrchadha gan Mánus. Dhá dhonacht iad, is fhearr iad ná imeacht cosnochttha
Ba mhaith an dóigh do Ph. Ph. í a phósadh anois. Tá teach agus giodáinín talmhan' aice, agus dheamhan achar ar bith go mbeidh sí ag fáil an phinsean. Mullach an diabhail dó, nach bhfuil sí sáthach maith aige, má tá aois féin uirre. Dar príosta is maith aibidh an sean-pháiste é P. féin feasta choidhchin.
Is dona an dóigh dhó a dhul ag tornae (atornae) faoi'n scéal mara bhfuil fiainisí (fiadhnuise) aige thairis sin air. Tá sé breagh go leor a bheith ag caint annseo ar leic an teallaigh, ach níl sé cho réidh sin ceart a bhaint de'n bhreitheamh ná de na dligheadóirí a bhíos annsiúd. Chabálfaidís thú ar ionntú an tsuip
Meastú a Sheáin nar mhaith an dóigh do 'chaon duine againn bogadh amach ag tóraidheacht mná an Inid seo. Dar príosta sílim féin nach mbeadh de chailleadh air. Gabhfamuid i dteach eicínt a mbeidh beirt deirbhshiúr ann, agus fágfaidh mé an ceann is óige agadsa ach cuid de'n spré a thabhairt dom
Is suarach an dóigh do dhuine ar bith a bheith dhá mharbhú féin ag dul suas agus anuas annsin dhá cheann de ló ar scáth coróinín airgid. Ach tá sé sáthach maith ag an dream atá sásta leis: i leabaidh gan buille amháin a dhéanamh go bhfaighthí h-ocht nó naoi de scilleachaí ins an ló. Níorbh é luach do shláinte é an méid sin féin, ach b'fhearr é ná an chaoi a bhfuil sé faoi láthair.
Ba mhaith an dóigh anois do'n triúr againn a dhul agus greim a ithe. B'fhéidir nach mbeadh sé cho h-éascaidh dhuinn a fháil aríst. Ní beag dhuinn a bhfuil romhainn agus gan gearradh ocrais a bheith orainn ar ball
Déarfá nacharbh olc an dóigh é a Sh. Dheamhan smid bhréige agad annsin. Seolaighidh lib mar sin. Cá ngabhfamuid? Áit ar bith is túisce againn. Mara chéile an ballséire agus a ghiolla annseo. Níl maith ar an deoch i gceachtar aca thar agus a chéile
Is deas an dóigh do dhuine 'chuile shórt dhá bhfeilfidh dhó a bheith aige fhéin, agus gan a bheith ag iarratas ar 'chuile dhuine eile. An té a bhéas, beidh sé ar deire
Ní deas an dóigh do dhuine a leithide sin de chleas a dhéanamh, an deas? Ach is cuma le cuid de na daoine
Is gránna an dóigh do dhuine ar bith bail mar sin a chur air fhéin le ól. Ní fhaghaim meabhair ar bith cé'n chaoi a bhféadann daoine an oiread sin a ól. Shílfeá go dtiocfadh sé in a n-aghaidh
Is deas an dóigh do ghearrchaile ar bith a bheith lághach cuí(bh)eamhail agus fios a bealaigh agus fios a labhartha a bheith aice. Ach is mór dhíob nach bhfuil sin aca ar an saoghal seo. Tá an saoghal ag teacht an-aisteach ar aon-chor
Nar dheas cuíbheamhail an dóigh dhuit a theacht abhaile mar a rinne 'chuile fhear istigh ar do bhaile agus gan a bheith ag locadóireacht soir annsin ag caitheamh do chuid airgid ar shuaracháin. Ach mo chreach mhaidne, is tusa féin nach bhféadfadh an chuíbheamhlacht a dhéanamh. Níor thug tú abhaile leat é
Níor chuíbheamhail an dóigh d'aon-bhean tosuighe ag bruimseálacht mar sin as comhair lán tighe. Ach is cuma leis an rúisc siúd céard a dhéanfas sí. Dá mbadh mise a fear bheinn ag gabhailt uirre an fhad agus a gheobhainn teas in a craiceann
Dair leat, níor dheas an dóigh dhom é, ach ní raibh neart agam air. Chaithfinn treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh, agus rinne mé an rud a shíl mé a bheith ceart
Bhí mé annsin ag fanacht agus ag síor-fhanacht, agus gan í ag teacht. Níor dheas an dóigh dhom é, ach ní raibh aon-ghoir agam corruighe in a dheidh sin. Dá bhfaghadh sí imighthe roímpe mé, bhí mo chosa nighte
Is gránna an dóigh do dhuine a leithide de chleas thúatach a dhéanamh, ach an uair nach raibh ionnta féin ach an túataighil, nach gcaithfinn cam in aghaidh an chaim a thabhairt dóib. Dá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam aríst ní dhéanfainn é, ach ní raibh
Ní maith an dóigh d'aonduine araoid a chur ar shagart. Bíonn sé in aithmhéala faoi dheireadh thiar thall. Dream iad sagairt nach bhfuil agad a bheith mór ná beag leo ach a gcuid a chaitheamh aca, agus gan thairis sin de chaidéis a chur orra. Breathnuigh ar bhean D.
Ní maith an dóigh dhuit a dhul amach insan mbáistigh sin. Beidh tú in do líbín, beidh sin
Ní maith an dóigh di é, má rinne sí leath-chuma ar na dílleachtaí. Ní cheideonaidhe liom ar a dtiocfaidh agus ar a dtáinig leithphighinn ruadh a chur as dóib. Bheadh faitíos orm go n-ágróchadh Dia orm é.
Ní maith an dóigh do dhuine ar bith aon-phlé a bheith aige leis an bpoitín. Th'éis a ndearna an misinéara d'eascainí agus de mhionnaí móra air. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag breathnú air ag caitheamh na croise. Bhí mé ag eitealla leis an scanradh a bhí orm
Ní maith an dóigh dhuit, a laoigh, a bheith amuigh mar sin do do dheallrughadh féin leis an bhfuacht i gcaitheamh na h-oíche, agus thú do do shníomh le rachtannaí casacht' ar feadh na h-oíche aréir. Is beag an áird a thug tú orm nuair a ghlaoidh mé ort trathnóna
Ní maith an dóigh d'aonduine a bheith aimhreasach mar sin. Peacadh mór é peacadh an aimhris. Marab é an chaoi a bhfuil sé mar adeir an fear fadó go síleann gadaidhe na gcruach gur gadaidhe é an sluagh
Dubhairt mé liom féin nar mhaith an dóigh dhom imeacht ar bholg falamh, agus dhá mhéad doicheall dá raibh romham, go bhfanfainn go bhfeicinn an dtairgfí aon-ghreim len ithe dhom. Tairgeadh agus mo sháith.
Is dona an dóigh d'fhear ar bith a bheith ag soláthar ban ar an aimsir seo. Deir tú le mac S. Th. Sh. a chonnaic mé ag teacht isteach ag an Aifreann indiu, agus cuisne sheaca ar a bhrághaid. Tá mé ag ceapadh go raibh sé amuigh igcaitheamh na h-oíche aréir. Dá mbeinn d'fhuireasbhaidh mná le mo mharthainn, dheamhan mo chois clí (chlé) ná dheas a chuirfinn amach dhá n-iarraidh macsamhail na h-oíche aréir
Is dona an dóigh dhuit muis a dhul 'na phortaigh indiu. Tá an lá ins an gclaidhe. Beidh tú báithte go craiceann ach a mbeidh tú ins an mbaile.
Is dona an dóigh a dhul ag spréidheadh ithreach ar an mbáistigh seo. Coirce ar bith a chuirfear leithide an lae indiu, is coirce gan cur é. Tá an ithir in a leic
Ní maith an dóigh d'fhear ar bith a shláinte a chailleadh le fánaidheacht mar sin. Is mór adéarfá le duine a bheadh antlásach agus nach mbeadh aon-bheann aige ar an droch-lá, ach dheamhan neart a bhíos aige air go minic. Ach an té a thiubharfas fliuchán agus amluadh dó féin le siléig is beag an scéal é, hébrí céard a eireochas dó
B'olc an dóigh a dhul amach anocht dhá bhféadadh duine fanacht istigh
Is olc an dóigh araoid ar bith a chur air sin. Tá sé an-daighciúil
+–
"Sílim nach dóigh ro-mhaith dhuit fuirtheacht annseo" arsa mise. "Deamhan a fhios agam an dóigh ro-mhaith é ach oiread" arsa seisean. "'Sé an rud is lugha a gheobhadh duine ann fuacht, agus b'fhéidir go bhfaigheadh sé gleáradh buailte, mara mbeadh sé ar a aireachas féin"
Ní dóigh ro-mhaith a bheith idtuilleamaí talmhana ar an aimsir seo, scáth a bhfuil beithidhigh ag dul. Tá siad an-mhór anuas ar ala na h-uaire. Ach b'fhéidir dóibh feabhsú amach annseo idtús féir. Mara bhfeabhsuighidh, beidh na daoine in ainriocht
TUILLEADH (1) ▼
Ní dóigh an-mhaith a bheith i Londain faoi láthair. Tá an V2 ag teacht anuas in a ceathannaí. Níl aon-dochar in áit ar bith eile i Sasana ach annsin amháin, ach cé beag a dhonacht. Is i Londain is mó atá muintir na h-áite seo
b.
braithteoireacht, idir dhá chomhairle.
+–
Áit dheas ar dhóigh é = ar mhodh ar bhealach
Duine lághach ar dhóigh é, ach is deacair bun ná barr a fháil air scaithtí. Ach níor de chloinn Mhac C. é mar mbeadh sé mar sin. Bhí an aistighil ag imeacht leo frén a chéile
TUILLEADH (2) ▼
Teach breagh ar dhóigh é, ach tá sé an-tais istigh ann. Níl a fhios agam nach bhfuil a chuid adhmaid críon freisin. 'Sé a chosamhlacht é ar aon-nós
Tá sé sáthach gnaoidheamhail ar dhóigh. Dheamhan fear níos gnaoidheamhla le castáil dó i dteach ósta, an té a mbeadh aon-bheann aige air. Ach cneagaire corónta é le dhul ag déanamh margaidh leis.
c.
+–
D'fhéach sé dóigh agus an-dóigh leis an rud a dhéanamh agus chinn air th'éis a dhichill = d'fhéach sé na húdraí agus na h-eádaraí; rinne sé gach uile mhíle nídh a d'fhéadfadh duine a dhéanamh; níor leig sé nídh ar bith ar lár len a chúis a chur i gcrích (deirtear "dóighte agus an-dóighte" nó "dóigh agus ath-dhóigh" freisin)
Níor fhága sé dóigh ná an-dóigh gan féachaint ach sin é a raibh dhá bharr aige. Chinn air dubh agus dubh é a fháil = rud a bhí ar iarraidh
TUILLEADH (6) ▼
Níl dóigh ná an-dóigh nach bhfuil traoiáilte aice le fear a fháil, ach chinn uirre aon-duine a fhastú fós. Tá sí ag iarraidh a liodán a chur in P. Sh. anois, ach ní faoi chearc a leigeadh P. amach ach an oiread le duine
Bhí dóigh agus an-dóigh oibrighthe aca leis an "mótar", ach cor ná car ní raibh siad indon a bhaint as nó go dtáinic mac D. Ní dheárna sé filleadh ná feacadh ach é a oscailt, breith ar "wirín" beag, lúbadh a bhaint as, agus deirimse leatsa narbh é an t-achar ab fhuide go raibh sí ag giúnaighil (geonaighil). Námhaid í an cheird gan a foghluim in a dheidh sin
Féach dóigh agus andóigh leis agus má chinneann ort níl agad ach a thabhairt ag "mechanic". Ach feicthear dhomsa — 'sé mo scil ann é, arsa tusa — go mbadh cheart go dtiocfadh sé isteach gan stró ar bith ann leis an mul sin a liocadh anuas. Céard eile atá len a bhacadh. Ní léar domsa go bhfuil ar aon chor
Beannacht Dé dhuit! Bhí sé cho maith leigean dó. Tá a chuid scoile sin ar iarraidh anois. Féachadh dóigh agus an-dóigh leis, ach b'aon-mhaith amháin é. Buaileadh dual na druinne air, fuair sé éadach nuadh; bicycle, "sweets", chuile mhíle rud. Ghabhadh sé ann lá nó dhó, ach ghlacadh sé an ghráin annsin uirre aríst, agus do cheann finne ní chuirfeadh amach é. Bhí S. ag rádh go ndíbreochadh sé amach ar an móin imbliana é agus go mb'fhéidir go múinfeadh sin é
Thóruigh sé dóigh agus an-dóigh ag iarraidh mná agus chinn air aon-bhean a fháil, th'éise sin
Tá dóigh agus an-dóigh tóruighthe agam agus gan é faighte agam th'éis mo thrioblóide. Nímé beo cá leagfaidhe é? Mara bhfuil aon-tuairisc ag N. air, beidh sé gan fáil
+–
An bhfeiceann tú an cliobaire sin thoir ag P. Dh. Tá dóigh agus ath-dhóigh féachta aige ag iarraidh posta a fháil, ach dhá bhfeictheá-sa fhéin an áird atá ag daoine air sin. Dheamhan áird muise ach an oiread agus a bheadh aca ar mhadadh beag, ná an oiread sin féin scaithtí
Chinn dóigh agus ath-dhóigh orm. Céard a dhéanfas mé anois? A fhágáil annsin nó go dteagaidh fear eicínt níos stuama ná mé féin len a laimhseáil. Tá mise sáruighthe aige
TUILLEADH (1) ▼
D'fhéach sé 'chuile artha — dóigh agus ath-dhóigh — le cluain a chur ar an mbean ach thug T. J. uaidh í ina dheidh sin agus uiliog. Shaothruigh 'chaon duine aca go maith í — shaothruigh sin. Ach níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Níl aon-straoill de bhean ag teacht isteach ag an bpobal is mó ná í indiu, aindeoin an giodam a bhí fúithe agus í in a cailín óg
·
Traoáilfidh sé dóighte agus an-dóighte anois le'n a chur ag obair. Is cruaidh an cás é má chliseann air. Tá sé ag méirínteacht agus ag "fiddleáil" leis le ráithe, ach chinn air aon-cheart a bhaint dó fós … Deis l'aghaidh soluis atá sé ag iarraidh a dhéanamh
d.
deis, leigean, seans.
+–
Níor thug mé an dóigh dhó (ní bhfuair sé an dóigh) = duine a bheadh ag iarraidh rud nó ag tnuthán le rud a fháil agus nach bhfuigheadh é, nó aon-ugach faoi
D'iarr sé an bhean ceart go leor, ach níor eirigh leis. Ní bhfuair sé an dóigh. 'Ar ndú' dheamhan cuma ar bith a chuir sé air féin ar aon-chor: a theacht isteach ar meisce idteach gnaoidheamhail ar bith an tráth sin d'oíche!
TUILLEADH (13) ▼
M'anam nach bhfuair, ná nar thug mé an dóigh dhó. An uair a chuirfeas sé abhaile a bhfuair sé d'uird agus de gheanntrachaí annseo, b'fhéidir go bhfuigheadh sé an gró an uair sin, ach ní mó ná sin é. Tá sé sin indon a chuid a iarraidh go maith. Dhá mbeadh sé leath cho gasta dhá chur ar ais agus atá sé dhá iarraidh, dheamhan a mbeadh basctha dhó.
Ní bhfuair mé an "bicycle", agus ní bhfuair mé an dóigh. Tá sé siúd cho daoitheamhail len a bhfaca tú ariamh. Dhá gceapadh sé go mbadh rud é a dhéanfadh leas dom choinneochadh sé uaim é d'aon-úaim amháin. Ní hé ba mheasa ach mise a chuaidh dhá iarraidh air agus a fhiosacht dom nach bhfaighinn é
Sin é ar dhubhairt sé mar níor thug mé an dóigh dhó. Cé'n chaoi a bhféadfainn? A dhul ag scaradh leis an gcarr a thastuigheas uaim péin 'chuile mhíle lá ins an tseachtain len a thabhairt dó san. Dhá ghoireacht do dhuine a chóta, is goire ná sin dhó a léine, in a dheidh sin féin.
D'fhéachfadh sé len a theacht isteach dhá bhfaghadh sé an dóigh ach ní bhfuair. Ní raibh mé dhá iarraidh. Sháróchadh sé muid ceart críochnuighthe. Cé'n bhrígh, ach ní chuirfeadh an tubaiste ag imeacht é, ó a dhéanfas sé teanntás in áit
Is umhal éascaidh a thiocfadh sé linn ach níor thug mé an dóigh dhó. Tuige an dtiubharfainn. Bailigheadh leis anois, agus teigheadh sé ins na currachaí a raibh sé ionnta le bliain. Mara raibh muide sáthach maith aige leis an fhad seo, níl muid sáthach maith indiu aige ach oiread
Níor thairg sé tada uirre, mar nach bhfuair sé an dóigh (dó). D'iarr mise chúig phunt agus dá fhichead = níor fhéad sé tada a thairiscint ar an gcapall. D'iarr mise an iomarca le go bhféadfadh duine ar bith tada a thairiscint dom
Ní bhfuair muid an dóigh le suidhe síos ariamh
Níor shuidh mé síos mar ní bhfuair mé an dóigh. Dhá gcastaí duine ar bith thart ann a dtiocfainn ag seanchus leis, ach níor casadh. Áit an-chúlráideach é
Chaithfinnse dhíom é sáthach gasta, ach ní bhfuair mé an dóigh. Bhí mé ag áirdeall agus ag síor-áirdeall oraibh-se agus dá bhfeicinn sibse ag cur cor ar bith dhaoib, is maith éascaidh a leigfinnse mo cheann féin go talamh.
D'innseochainn dó é, ach ní bhfuair mé an dóigh. Bhí brat aca timcheall air, agus ní chloisfeá méir i gcluais len a raibh de chlabaireacht agus de shioscadh aca. Shílfeá freisin go raibh sé de bheith orra fanacht annsin nó go n-imigheadh seisean. Bhí mé le buile agus le báine, ach d'fhéad mé fuarú ins an gcraiceann céadna ar théigh mé ann, ar scáth a raibh d'áird aca siúd orm
Má fhaghaimse an dóigh, bainfidh mé deatach as, ach is mór m'fhaitíos nach bhfuighead. Tá sé an-áirdeallach le goirid, agus leig sé faoi go mór ins an nglaodhmaireacht, thar agus mar a bhí sé. Measaim go mbraitheann sé nach bhfuil aon-iarracht fanta ag na daoine air, agus nach mór dó a bheith ar a shon féin feasta
Dá bhfaghainn an dóigh bheadh sí sactha isteach agam, ach ní bhfuair. Fhobair mé do dhó beag a leanacht, ach ba mhór liom a dhul ag cur cuileata amudha le cáirtín cho h-éidtreorach. Is deacair tada a dhéanamh le cuileata aonraic
Rinne sé é, agus sé a fuair an dóigh. Dar príosta, dhá leigeadh sé uaidh é, ní bheinn geal dó aríst go bráth. Is fada a thastuigh an iarraidh sin anois ó'n dream eile.
3.
baramhail, dearbhthacht, cinnteacht, fírinne.
a.
+–
'Sé mo dhóigh gurb é atá ann ('Sé mo mhór-dhóigh gurb é atá ann) = tá mé dearbhtha, nó cinnte gurb é atá ann
'Sé mo dhóigh nach dtiocfaidh sé ó thárla nach bhfuil sé annseo cheana
TUILLEADH (4) ▼
'Sé mo mhór-dhóigh gurb éard a dhéanfas sé anois greadadh leis ar fad. Ní ghéillfeadh sé choidhchin di faoi'n rud sin
'Sé a dhóigh agus a mhór-dhóigh nach ndéanfaidh an mac aon-rath th'éis nach bhfuil aonduine ins an tír is críonna ná é.
'Sé mo dhóigh muise gurb é. Marab é, cé eile a dhéanfadh é. Níl a fhios agamsa
'Sé a dhóigh gurb shin é an chaoi a mbeidh sé. D'eile. Nach gearr an bás ó'n sean-riadaire údaidh eile
+–
Rinne sé dóigh dhá bharamhail = ní raibh aige ach tuairim faoi'n scéal. Ní raibh sé cinnte, ach rinne sé fírinne de'n tuairim, agus rinne sé beart mar dhóigh de go raibh an scéal marab áil leis féin é a bheith
Dubhairt na buachaillí báire leis ag saghdadh faoi, go raibh an bhean mór leis. Diabhal asna dhó nach ndearna dóigh dhá bharamhail, agus nach mbuaileann soir dhá h-iarraidh. 'Ar ndú mo léan ní bhfuair sé ach bonnaidheachaí
TUILLEADH (5) ▼
Is olc an rud dóigh a dhéanamh de do bharamhail. Nach maith atá a fhios agad gurb é a ghoid í. An bhfaca tú é? … Cé'n chaint sin ort mar sin. Nach feasach duit, dhá gcloiseadh sé an chaint sin in do dhiaidh go mb'fhéidir gur dlí a d'fháiscfeadh sé ort. Ar adharca a bheirtear ar na ba, agus ar theanga ar na daoine
Bhí mé in éindigh le fear aréir! Nach maith éascaidh leat dóigh a dhéanamh de do bharamhail. Shíl tú má chonnaic tú ag dul amach ar cuairt mé, nach bhféadfainn a bheith in áit ar bith ach in éindigh le fear! Ba bheag an baoghal orm muis.
Ní maith an rud do dhuine dóigh a dhéanamh dhá bharamhail, nó go mbeidh sé fíor-shiúráilte faoi rud. Chonnaic mé S. Ph. Mh. ag teacht aniar na Ch. annsin thíos oíche ag an dó a chlog. Goideadh caora an oíche chéadna ó Sh. Mh. N. Rinne mé féin dóigh de mo bharamhail an uair a chuala mé faoi'n gcaora agus gan de chomharaidheacht agam air ach an méid sin. Bhí mearbhall mór orm. Thiar tigh S. Sh. a bhí S. P. Mh. agus cionntuigheadh L. Th. faoi'n gcaora in a dhiaidh sin
Is gránna an chaoi dhuit a bheith ag déanamh dóigh de do bharamhail mar sin. Cá bhfios duitse an raibh aon-láimh aige ins an bhfear ariamh. Ní fhaca tusa é. Agus an dream a bhí in ainm agus é a fheiceál, ní raibh a gcuid cainte i gclár ná i bhfuirm an uair a ceisnigheadh iad. Níl a fhios againne cé a mharbhuigh é. Diúltaigheamuide dhó!
Cuirfidh tú isteach an féar ambáireach. Nach maith atá a fhios agad go mbeidh an lá in araidheacht féar a chur isteach. Dheamhan fios muis, ach ag déanamh dóigh de do bharamhail. B'fhéidir gur ag cur sceana gréasuidhe a bheadh sé. Is críonna an té adéarfadh, nó go dteagaidh an lá idtosach. "Ná creid fionnóg ná fiach" adeir siad.
b.
·
Mar dhóigh de (Fuaim = mar-ó-ia, comh-bhéim beagnach ar gach siolla. Bíonn béim le cois ar ia scaithtí) = fearacht agus dá mbeadh; ag leigean air fhéin go raibh; in ainm agus go raibh.
+–
Tá sé ag obair mar dhóigh dhe. Tá muis. Sin í an obair eile!
Is máistir scoile é an mac aice mar dhóigh dhe. 'Seadh go deimhin! Bíodh sé buidheach má's buachaill aimsire é in áit eicínt thart síos
TUILLEADH (14) ▼
Is duine an-stuama é mar dhóigh dhe. Ní thiubharfainn an tsráid le deasú dhó
'Sé a rinne an bord siúd ann mar dhóigh dhe. Is furasta dó a rádh gurb é, an uair a 'sbáin máistir an "Tec" 'chuile shórt dó
Dhéanfadh sé cat agus dhá rioball mar dhóigh dhe, ach ní fheiceann muid gníomh ar bith déanta aige in a dheidh sin. Is beag dhá chuid gaisce é
Fuisce a bhí ins an mbuideál mar dhóigh dhe. Badh eadh: ainm fuisce. Ach bhí sé baistthe go maith
Ní abróchadh sé féin tada mar dhóigh dhe. Ise a bhí dhá rádh uiliog, má b'fhíor dósan. Ach dheamhan cailleadh a bhí ar a theangaidh féin — ná cailleadh ar bith
Mar dhóigh de nach ndéanfadh sí é. Beannacht Dé dhuit! Dhéanfadh, agus 'sí a bhí deas air!
Leig dom ar son Dé ort! Mar dhóigh dhe nach ar aimsir a bhí sí chor ar bith! Seadh, tá sí buille beag ro-árdnósach le bheith ar aimsir
Mar dhóigh de nach raibh láimh ar bith agadsa ann. Is deas uait thú féin a shaoradh agus 'chuile dhuine eile a dhaoradh. Ba tú an ceann-feadhain orra uiliog
Céard adeir tú? … Mar dhóigh de nach raibh spéis ar bith agadsa a dhul in éindigh léithe, ach gurb ise a chuir an chluain ort. Innis é sin anois d'fhear adhartha. Bhí déidín tuithte agad ar feadh na h-oíche go mbeitheá in éindigh léithe
Théaltuigh sé soir taobh istigh de chlaidhe nó gur bhailigh sé an t-árd. Amach leis annsin ar an mbóthar aríst, agus anoir, agus port feadghaile crochta aige, agus é cho sonnda agad, mar dhóigh dhe agus nach raibh sé ins an "mbulc" chor ar bith roimhe sin. Ach bhrath an sagart go maith é, agus d'ionnsuigh sé é ar bhall na h-áite
Thosuigh sé do mo cheisniú-sa as comhair an phóilí, mar dhóigh dhe agus nach raibh sé féin ann chor ar bith. Sin é an cluanaidhe agad. Ach ní liomsa ab fhaillighe é. "An gcuimhnigheann tú" arsa mise "an t-am a raibh an bheirt againn ag binn an sciobóil?" Ba shin é an gléas air
Tá sé sin ag fáil fuigheall na bhfuigheall mar dhóigh dhe go bhfuil tinneas eicínt air. Dheamhan ceo muis, ach an oiread agus atá ormsa, ná a leath-oiread sin féin
Tae é mar dhóigh dhe, ach is mór m'fhaitíos, nach gcoinneochaidh sé duine ar bith ó chodladh ins an oíche
D'iarr sé braon fíona mar dhóigh dhe nach bhfuil sé ag ól, agus go n-ólfadh sé an chloch íochtair de Ghaillimh. Ach bhí leisce air a ól as comhair an tsean-lánamhain in a dheidh sin. Ach badh aon-chás amháin dó é. Is maith atá a fhios aca sin céard is cor dó
4.
+–
Chuaidh an scéal cho mór ins an dóigh agus go mb'éigin dó imeacht = chuaidh sé cho géar sin air; chuaidh sé ar an scian is géire air; chuaidh sé in aimhréidh air; bhí sé idteannta faoi'n scéal (tá an sompla seo san gcnuasach faoi "dhóigh" agus somplaí mar é. B'fhéidir go dtuigfí as sin gur /dō/ is fuaim dó agus an chiall seo leis, ach ní h-eadh ach /dōə jə/ fearacht agus dá mbá dó-i-dhi é ach nach bhfuil an i lár báire ro-bharainneach)
Chuaidh an rud cho mór ins an dóigh air, agus gur eirigh sé as ar fad. Nach raibh sé cho maith dhó ar aon chor, scáth a mbeadh dhá bharr aige ins an deireadh
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ag dul ins an dóigh air anois. Cinnfidh air an cheist a fhuascailt
Ó a chuaidh an pósadh cho mór sin ins an dóigh air, bhí sé cho maith dhó an rud a rinne sé a dhéanamh: eirghe as ar fad. Bhí lom-lán an chirt aige
dóigh in iontrálacha eile (50+)
→
athfhéar
Shílfeá go bhfuil ath-fhéar annseo istigh agad. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceann-fhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil se breóite ó ól an lae inné
+
→
faiteach
Ná bac le cur ar a shon fhéin a bheith in Seán. Tá sé ro-fhaiteach. Dhá ndeirtheá leis gur mharaigh sé duine, ní leigfeadh an faitíos dó a rá nar mharaigh
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an "stage" dó. Bhí sé in a fhudar fadar. Tá sé ro-fhaiteach l'aghaidh na ceirde sin. Níorbh fhuláir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
+
→
faitíos
Tá sé ag teacht in a fhaitíos air anois de bharr a bhfuil daoine a chumadh dhó
TUILLEADH (7) ▼
Ní leigfeadh an faitíos dó féin druid a rá marach gur airigh sé an teannadh ar a chúl aige
Ní leigfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó a thuitfeadh oíche dhá bhfádh sé Éire bronnta air
Bhain an t-ól an faitíos dhó (dhe)
Bí ar bheagán faitiais roimhe! 'Ar ndó' ní beann atá agad air?
Má tá an phian ag cothú air fós, tá faitios orm dó = is faitíos liom nach ndéanfaidh sé aon-mhaith; go mbásóidh sé
Tá faitíos orm dó gur goidhe atá sé, nuair nach bhfuil sé san áit ar leag mé é
Marar thug sé sin aon-ugach dó faoin inín, tá faitíos mo chroí orm dó, nach bhfuighe sé bean ar bith
+
Déarfainnse nach bhfuil earasbár ar bith ag D. ar J. Tá an oiread airgid ag J. leis. Diabhal thiomanta pínn dó nach bhfuil!
TUILLEADH (2) ▼
Ní bheadh a fhios agad cé is fhearr ná is measa den bhrotuinn sin. Gach uile dhuine aca ag baint fearasbár dhá chéile. Agus 'ar ndó' cár fhága tú an t-athair!
Sílim nach mar sin a bhí an luaidreán, ach 'ar ndó' mo léan b'uirri siúd nach raibh an mhairg fearasbár a chur air
→
farúch
Bhí an t-urlár cho fliuch sin aige agus go mb'éigin dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fánaidh ag an uisce anuas annsiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rádh go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chuir faoi mar a chuireas muinntir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nachar speir sé é.
Thug an leoraí feánach diabhalta móna leis. Chuir sé trí fhód de mhaolóig suas. M'anam narbh fhuláir dó sé phunt deich a thabhairt ar an leoraí úd: gur ag fear an leoraí a bhí an bhantáiste in a dhiaidh sin
+
→
fearacht
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
TUILLEADH (9) ▼
Ní call duit a bheith ro-dhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortach-sa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom in a bhog-eibhinn fhéin é ná é a bheith gan aon-domhainn ar nós na bportaigh atá againn anois
Dhá ndéanadh sé fearacht an rud a rinne sé cheana (fearacht mar rinne sé cheana; fearacht cheana; fearacht an uair cheana), is mór a thiúrfadh a mbeannacht dó. Rinne sé an grádh-diadha an uair sin ar chaoi ar bith
Ólfaidh sé fhéin uilig é, fearacht an uair cheana. Dheamhan thiomanta deóir a fheicfeas aonduine go deó dhó (dhe) sin
Níor chuibhe (chuí) dhó é a dhéanamh fearacht an scéil ar ball
A fhearacht siúd, bhí aige fanacht san mbaile, agus gan a dhul ann chor ar bith. Ní hanna d'fheil dó: fear pósta agus muirín air
Deir siad go bhfuil sé leis an leoraí a dhíol aríst. A fhearacht siúd ba bheag an ghnatha a bhí aige dhó luath ná mall
Chas bean an Ch. léithi é a fhearacht siúd nach mór a bhain bean an Ch. di. An iomarca fad a bheith ar a teanga 'ar ndó'. 'Deile! Sílim muise nach ro-bhuíoch di fhéin atá sí as ucht bean an Ch. a tharraint uirri fhéin. Roinn sí an onóir léithi. Sí atá i riocht
Rinne sé muis. A fhearacht sin, b'fhearr dó gan bacadh leis (a fhearacht siúd) = b'fhearr gan a dhéanamh
Chaith sé deich bpunt ag dul ann agus ag tiacht abhaile aríst. Ní raibh call ar bith dhó a dhul ann 'fhearacht sin (a fhearacht siúd) = ach an oiread le scéal, ní raibh call ar bith dó a dhul ann
→
fearann
Níl d'fhuighleach an cháca ach an méid sin. Beidh sé siúd ag gabhail le buile. Bíonn sé cho goineach le caraera ar theacht ó chuairt dó chuile oíche. Is gearr air an fearann sin ar chaoi ar bith. Shílfeá go bhfuinfeadh sib arán ó thárla nach raibh mé fhéin istigh
→
feasach
Thiocfadh dhó an ceart a bheith aige ach ní feasach mé air. Is iomdha rud a d'fhéadfaí a dhéanamh ingan fhios domsa
+
→
feimín
Níl ar an ngamhain siúd ach fimín beag driobaill. Thuit sé dhó (dhe) hébrí cén fáth é. Le truailleachas is dóigh
TUILLEADH (1) ▼
Nach beag an drioball atá air. Fimín beag. Tá sé bearrha ag an gcuid eile dhó
→
feáin
Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin. Sé an chloch is faide siar ar a pháidrín é muis! Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é. Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
+
→
fiar
Má tá tú le portach nua a oscailt annsiúd i mbliana, tabhair fiar siar dhó, i gcruth agus go mbeidh ceann le fánaidh ag an uisce
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh mé geall leat go dtiúrfaidh sé fiar dó fhéin soir anois, agus gurb ón taobh thoir a ghabhfas sé isteach ann. Ar bhoird mar sin a theagas sé is chuile theach. Is dóigh gur briotais é atá aige
+
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcomhnaí i leabaidh druim díbearha a chur air as an tír!
TUILLEADH (1) ▼
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis, agus ní imeódh sé uaim cho saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh in a shiopa, agus déarfadh sé in a dheidh sin gurb é atá ag coinneál leath na ndaoine beó! Nar ba gán measa a bhéas sé!
→
fiosacht
Ba bheag a bhí le déanamh agad ól a thabhairt dó sin agus a fhiosacht duit nach dtiúrfadh sé fhéin deoir do dhiaúlach
+
→
fios
Níor cheart dó láimh a leagan uirre agus fios aige go mba feamainn scine í
TUILLEADH (6) ▼
Dhá mbeadh fios mo labharha aghamsa i mBéarla — rud nach bhfuil — thiúrfainnse an teanga dhó, d'fheicfeadh sé féin air. Mara sonnda é!
Cén chaoi a mbeadh fios rúin ná broscair agamsa faoi t'asal. 'Ar ndú' ní mise a bhain dó. Teirigh ar a thuairisc más breá leat
Ní bhfuair fios a ainmne nó a shloinne d'fhiafruigh sé fios m'ainme dhom, ach níor thug mé aon-fhios dó air (faoi)}}
Ag iarraidh fios fúmsa a bhí sé. Breá nachar innis tú bolg bréaga dhó?
Ná tabhair fios faoi thada dhó sin. An iomarca fios atá aige cheana
Taca an dó a chlog a tháinig fios ormsa
→
fliuch 2
Dheamhan méirín fhliuch a leag an máistir faoi dhó ariamh air, agus chuaigh sí soir ag sciolladóireacht air in a dheidh sin. Sin í an mháthair agad: ag borradh le cantalóir de ghasúr. Is gránna é a ceird
+
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbeadh fear fobhairne ar fónamh san gcurach agam an lá sin, ní loicfinn. Bhí an-fharabógaí farraige ann, ach bheadh cóir againn isteach. Ba bheag an stró a bheadh ar dhá churachóir mhaithe a theacht abhaile. Maidir leis an gceann a bhí in éindigh liomsa ní raibh ann ach sbogán nar cheart dó a dhul chun farraige chor ar bith
Níl fear fobhairne ar bith ag an tuíodóir breá seo thíos, ach é ag freastal air fhéin. Shílfeá ar a laghad ar bith go ndéanfaidís na baibíní dhó, ach diabhal déanamh
'Ar ndó sé an fear fobhairne atá ag an seairsint é. Ní dhéanann an seáirsint tada gan é a cheadú. Isteach chuige atá sé rite chuile phuinnte
Beidh fear fobhairne ag an sagart sin is chuile bhaile nó is cinniúint air é. Nuair a bhéas snaidhm ar bith air rithfidh sé go dtí iad seo go dtuga siad chuile scéala dhó. Is beag an néal ar an ógánach sin!