dóigh
—ainmfhocal, baineann
—ní bhíonn aon iolra air
—fuaim: an fhuaim chéanna le dó
1.
a.
díol, údar, ábhar, ceap, ball séire.
+–
Rinne siad dóigh mhagaidh dhó (dhe) ─ údar magaidh, ceap magaidh, bothae, ball séire nó baileabhair
Tá S. ina dhóigh mhagaidh ag an tír. Níl áit ar bith dhá mbíonn sé anois nach mbíonn cluiche cruinnithe air ag séideadh faoi
TUILLEADH (7) ▼
An síleann tú gur dóigh mhagaidh mé go mbeifeá ar an gceird sin liom. Mo choinsias is dar m'anam, mura n-éirí tú as anois go beo sciobtha, ní hiad do chosa féin a thabharfas as ball na háite thú deirimse leat
Más dóigh mhagaidh atá sibh a iarraidh, ionsaígí duine eicínt eile. Tá sibh ag plé leis an gceann contráilte ar ala na huaire. M'anam ón diabhal gur sonnta an mhaise dhaoibh é — grabairí mar sibh!
Ní fhaca tú aon dóigh mhagaidh go hiomaí mar é. Tá an dream seo síos ag saighdeadh faoi d'aon uaim amháin, agus ag rá leis nach bhfuil air ach a dhul siar agus iníon T. S. a iarraidh, agus go bhfuil sí le fáil aige. Meas tú nár tháinig sé tigh Sh. aréir agus é gafa gléasta faoi chollar agus faoi tie. Anois an bhfuil biseach agat?
Is tútach an cheird atá orthu ag déanamh dóigh mhagaidh mar sin de sheanfhear bhocht atá san aois leanbaí mar atá sé. Dheamhan an dóigh beirthe é, nó éireoidh sé sa gceann air. Ní bheadh locht ar bith a dhul ag spochadh lena leithide eile féin, ach tá sé mór acu a dhul ag suí i mbun seanduine mar sin
Tá sí caillte le cás agus náire faoin deis atá ar an athair ag imeacht — ina dhóigh mhagaidh ag an tír. Deir tú leis a tháinig abhaile as G. an oíche faoi dheireadh agus cóiste cinn faoi, agus é ag rá le chuile dhuine dhá raibh ag castáil leis go raibh iníon Lord C. lena phósadh, ach nach bpósfadh sé í mura dtugadh a hathair an teach mór di. Sin é an óinseach agat
Shílfeá go bhfuil siad ag déanamh dóigh mhagaidh dhíot d'aon cheird. Má ghlacann tú mo chomhairlese, fanfaidh tú uathu, agus ní bheidh baint ná páirt agat leo. Scabhaitéaraí maithe iad sin. Ní tada eile iad
'Sé déanamh an mhagaidh, dóigh an mhagaidh ─ 'sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh (seanfhocal, fc. díol. Cuirtear dóigh in áit díol sa seanfhocal go minic)
+–
Rinne sé dóigh ar fad dhe (in áit dóigh mhagaidh a rá, is rímhinic nach n-abraítear mar seo ach dóigh amháin, agus bíonn roinnt beag céille le cois ann scaití)
An rún atá agaibh dóigh a dhéanamh dhíom ─ díol magaidh
TUILLEADH (6) ▼
Is maith gasta a dhéanfaí dóigh anseo anois dó, dá lonnaíodh sé achar ar bith ann. Ach is rímhaith atá a fhios aige sin. Chroch sé a chuid seolta leis, chomh luath agus a fuair sé an deis
Is diabhlaí dúlaí a bhíos sé a dhul ag déanamh dóighe de chuile dhuine. Mise i mbannaí gur deacair drannadh leis féin — gur deacair sin
Boss réidh go leor é. Mura bhfeiceadh sé thú ag déanamh dóighe den scéal ar fad ní abródh sé tada. Bhí mé féin agus M. Bh. ansin thiar anuraidh ag baint chlocha reatha i ngarraí D. Shuigh muid síos agus na piocóideachaí caite uainn againn. Diabhal easna dhó nár théaltaigh aniar, agus ní fhaca muid ariamh ariamh é, gur rug sé ceart críochnaithe orainn. Meas tú céard a rinne sé: a dhroim a thabhairt dúinn ar an toirt … Chaithfeadh sé T. Mh. a bhriseadh. Rinne sé sin dóigh dhó (dhe) amach is amach. Fear ar bith a leagadh an bara uaidh os a choinne agus a chuireadh péire uillinneachaí air fhéin ag dradaireacht le chuile bhean a théadh thart an bóthar
Más leat dóigh a dhéanamh den scéal ar fad, sin é atá agat a dhéanamh. Meas tú an éistfidh duine ar bith leat ar an gceird sin. Má shíleann tú go n-éistfidh, féach leo é. Ar a fhéachaint a bheidh a fhios é
Réiteach a dhuine! Réiteach. T'anam ón diabhal, ní fhéadfaidh tú dóigh a dhéanamh den scéal ceart críochnaithe. Nach feasach duit féin chomh maith agus is feasach domsa má ólann tú a leath sin, agus uisce a chur thríd an gcuid eile, go mbraithfidh sé é. Is air nach mbeidh an mhoill. Nach furasta a aithinte dhó é!
Dar príosta ní féidir dóigh a dhéanamh dhó (dhe) chomh héasca agus a cheapas tusa. Sách meabhrach atá sé nuair a thograíos sé féin é
+–
Is dóigh grinn thú dá mbeadh a fhios agat é. Nach bhfeiceann tú céard a rinne tú?
Is maith an dóigh grinn duit a dhul ag éisteacht leis oíche eicínt. Níor chuala tú a leithide ó rugadh thú
TUILLEADH (1) ▼
Ba mhaith an dóigh grinn do dhuine a bheith ag breathnú air ag cur na tuí. Dheamhan blas ariamh ach a bualadh síos ina straoilleogaí mar a bhí sí agus scoilb a fháscadh inti. Is breá slachtmhar an teach a bheas aige ach a mbeidh sé réidh
·
Ba mhaith an dóigh gáire é gan bhréig gan áibhéil. Mura mbeadh agat ach aon gháire amháin chaithfeá a dhéanamh faoi agus an ghoic a bhí air, amuigh ag damhsa
Ba mhaith an dóigh gáirí dhuit a theacht ag éisteacht leis oíche eicínt, má bhíonn sé i ngiúmar (humour). Tá scéalta aige a bhainfeadh gáire as na clocha. Ach má bhíonn múisiam ná dobrón ar bith air, ní bhfaighidh tú smid ná smeaid uaidh
b.
áit a mbeadh rud le fáil, áit ar dhóigh de rud áirid a bheith ann.
+–
Is maith an dóigh fataí é an garraí sin ─ garraí a mbeadh tabhairt fhataí ann; garraí a bhfásfadh fataí maithe ann
Níl aon dóigh fataí istigh ar do bhaile inchinnte ar Gharraí Mh. L. má fhaigheann sé aon ghiollaíocht. Daithín feamainne agus braitín aoiligh, agus níl ríochan ar bith le na fataí a bhainfeas tú ann, is cuma fliuch tirim an bhliain
TUILLEADH (1) ▼
B'ait an dóigh fataí é an cúl thoir sin roimhe seo, ach dar leat, níl tabhairt ar bith fanta ann, murab é an síorchur atá dhá spíonadh. Is olc é an iomarca den fheamainn dearg sin freisin. Dónn sí an talamh uileag
+–
Níl aon áit sa gceathrú is fhearr dóigh coirce ná an ithir sin thíos agatsa. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sí ina púir uileag, tá sí chomh séasúrach sin. Cuir coirce mór inti sin i mbliana, agus mise i mbannaí go mbeidh an toradh chéatach agat air
Níl aon dóigh cruithneachta istigh ar do bhaile. Cá'il sé? Shílfeá go raibh an talamh dhúrabháin sin thíos agamsa chomh maith agus a bhí le fáil lena haghaidh, agus chonaic tú féin an cleas a rinne sí ann an bhliain cheana. Ní raibh ceo dhá barr ariamh agam nach síobhaisín beag nárbh fhiú do sheacht mallacht é. Ba í an díogha ceart í lá is nach ndrannfadh J. Ph. É. léithe agus é thart cheal údar poitín
TUILLEADH (1) ▼
Dóigh coirce mo léan! Dóigh broimfhéir, más dóigh ar bith é
+–
An-dóigh ballach í Carraig Mh. ar an taoille seo. Nach bhfuil sé ag tuile isteach i mbéal na cuisle. Gabh síos agus caith cupla urchar uirthi, agus fan ann nó go ndíbrí an taoille tuile thú. Cuirfidh mé mo sheanhata leat go n-éireoidh ballach nó bromóg leat
Is maith an dóigh bradán é Poll na hEasa ar an aimsir seo. Tháinig mé anoir thar an linn aréir, agus bhí lonnadh ar an uisce. Is deacair breith sa mbaile ar E. aríst go ceann scaithimh. Cuirfidh sé ceirín den fhíoruisce air féin arsa tusa (ag dul san abhainn ag saighdeadh bradán)
TUILLEADH (3) ▼
Más ag tóraíocht creathnaigh a tháinig tú is olc an dóigh (creathnaigh) é seo. Níor mhór duit a dhul ar chladach dána le creathnach a fháil. Is diabhlaí dúlaí atá sibh sa gcreathnach suas ansin i gcónaí
Is dona an dóigh carraigín an áit seo a bhfuil tú muis. Is a dhul ag iarraidh breac ar thulán a dhul ag tóraíocht carraigín i mbarr chladaigh. Is furasta a aithinte gur aineolaí thú. An aithneofá carraigín dhá bhfeictheá é. Dheamhan a fhios agamsa an aithneofá
Is maith an dóigh coirlí an t-oileán ar an rabharta mór seo chugainn. Beirt ar bith a mbeadh curach acu, bheadh leasú na bliana sin acu. Ach níl sé de rath ar na daoine an méid sin féin a fháil. Ach dhá mbeadh curach faoi chéad ann, chreidim nach bhfuil aon duine ann a ghabhfadh inti, ná a bheadh in ann aon cheart a bhaint di
·
Sílim gurb olc an dóigh mná é an baile seo ag fear ar bith le theacht ann. Níl aon bhean inphósta dá bhfuil ann sásta duine ar bith a phósadh ach máistrí scoile, nó cléireachaí baince. Nach bhfeiceann tú féin iad. Níor mhaith dhuit scráibín a shamhailt leo. Ghabhfaidís i ngeallta dhá samhlaíteá. Nár thuga Dia dhóibh níos fhearr é muis! B'fhéidir nuair a d'fhuaróidís agus iad fágtha ar a dtóin scaitheamh eile mar atá siad, go mb'fhurasta a dhul chun cainte leo ansin
Ní holc an dóigh poitín chor ar bith é tigh S. Mh. B'annamh leis a bheith folamh pé ar bith céard is cor dó ar an saol seo. Mura n-éirí aon bhraon leat ann, déarfainn leat do shúil a bhaint dhe. Gabhfaidh sé rite leat aon deoir a fháil ar a mhalrait
+–
Is olc an dóigh a dtáinig tú san áit seo más ag iarraidh feamainne atá tú. Dheamhan a leathdhíol féin ag aon duine anseo. Ach b'fhéidir, dá dteannthá siar scaitheamh go bhfaightheá feamainn tirim ar an bP.
Ag iarraidh síol plandaí atá tú? Is olc an dóigh a dtáinig tú muis. Dheamhan gráinne ag gabháil linn i mbliana. Caithfidh muid féin a dhul ag soláthar — caithfidh sin
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon tobac agat. Dar mo choinsias muis, is dona an dóigh a dtáinig tú anois. Tá mé féin sportha ó am dinnéir, agus gan aon ionú ag aon duine sa teach a dhul dhá iarraidh, bhí muid chomh cruógach sin. Beidh sí seo ag dul ina choinne ar ball beag, má ghníonn sin thú
Chuaigh sé síos tigh J. le páipéar dole a líonadh. Diabhal bréag muis nárbh olc an dóigh. Chreidim dheamhan smid scoláireachta i bpluic aon duine dhá bhfuil ansin ach an oiread leis féin. Shílfeá sa mí-ádh, go mbeadh duine eicínt ní ba ghaire do láthair dhó lena líonadh ná an baile seo. Ach cheapfainn go (gur) le grá don chuartaíocht a chuaigh sé ann
Goideadh a bhríste agus a chóta mór uaidh ann. Chaithfeadh sé imeacht ina chraiceann, murach F. A. a thug seanbhríste cuileáilte leis féin dó. Níor mhaith an dóigh dhó sin R. le dhul ar ais ann ─ níorbh áit mhaith (chóiriúil, ádhúil) dó R. le dhul ar ais aríst ann
B'olc an dóigh déarfá a bheith ina haice ─ níorbh áit mhaith é; áit é a bhfaightheá ocras sa gcás áirid atá i gceist
c.
+–
Is maith an dóigh iad! ─ níl aon mhaith a bheith ag súil go bhfaighfear tada dhá mbarr (droch-chártaí)
An bhfeiceann tú iad sin. Is maith an dóigh iad. Spéireataí dubha go tóin. Nuair is dubh dhóibhsean is dearg domsa, agus nuair is dearg dóibhsean is dubh domsa
TUILLEADH (8) ▼
Diabhal bréag nach maith an dóigh é an goróir de lao sin. Breathnaigh ar an gcruit atá air. Tabharfaidh an Márta rud le déanamh dó ─ lao a bheadh ina dhrochúdar, nach mbeadh aon dea-ghealladh faoi, ná aon tsúil lena éirí
Is maith an dóigh í sin. Dallta ar meisce chuile oíche, agus ag gabháil fhoinn ag teacht abhaile. Dhá mba mise a máthair, d'fhágfainn amuigh ar an tsráid í, agus cead aici lóistín a fháil san áit a bhfaigheann sí an t-ól. Ach chreidim nach bhfuil mórán le reic ag an máthair féin
Cá bhfuair tú an seanbhicycle. Dar fia sin seandéanamh ón díle ceart. Is maith an dóigh é déarfá. Dar mo choinsias anois, ní maith ó dúirt tú é. Ní shuífinn thuas air chor ar bith
Cé leis an seanasal sin. Is maith an dóigh é. Pé ar bith cé leis é, tá leis. Tá éadáil aige
An bhfeiceann tú an péire bróg a cheannaigh mé achar is lú ná dhá mhí ó shin. Is maith an dóigh iad sin. Tá siad rodta idir bhoinn agus uachtair. Breathnaigh uirthi sin, ar son Dé ort! An feire féin níl inti
An bhfaca tú an preabáinín fataí atá ansin thuas agam. Nach gceapfá gur maith an dóigh é. Níl das ag gabháil leis nach bhfuil rodta ag an lobhadh bán. Ar ndóigh is maith an oidhe orm é, agus a gcur ann chor ar bith. Sin é an cleas a ghníos na barra sin i gcónaí
Na chúig mhuileata is measa i bpaca! Dhá mbeidís ann níos measa, is mé a gheobhadh iad. Is maith an dóigh iad
An bhfuil a fhios agat an chruach atá ar leiceann thiar an bhóthair agamsa. Níl fód slán istigh ina corp. Tá sí ina bogeimhin fré chéile. Is maith an dóigh í, agus chomh hairdeallach agus atá lucht na lorries i mbliana faoi mhóin thirim a fháil. Diabhal a raibh sí baol ar chomh dona siúd nuair a rinneadh í. D'ól sí an t-uisce ar fad ó shin
+–
Is maith an dóigh é ─ fear leorchruth, fear ar mhaith an oidhe bean é
Is maith an dóigh é anois pé ar bith bean a n-éireoidh sé léithe. Beidh sí ina suí go te ar aon nós
TUILLEADH (3) ▼
Is maith an dóigh thú bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach tá faitíos orm nach ar mhná na háite seo a bheas an t-ádh. Beidh tusa ag iarraidh dubhspré agus sin rud nach bhfuil le fáil agat anseo
D'fhéadfá a rá gur maith an dóigh é: gabháltas mór talúna agus gan cloch bhuailte an iarainn istigh ar a fhuaid. Tá airgead tirim ag an mbuachaill sin freisin, cheapfainn
Más maith an dóigh é breá nach gcuireann sí a hiníon ann agus gan a bheith dhá buachailleacht ansiúd níos faide. Ach ní chuirfidh. Ainneoin a bhfuil de mholadh aici ar an áit, is dona léithe é ina dhiaidh sin, agus tá sí ag tnúthán go bhfaighidh sí fear níos fhearr di. Ní bheadh an saol suas lena cuid cluanaíochta sin ina dhiaidh sin
d.
+–
Is deas an dóigh de dhuine é (nó í) ─ fear nó bean dóighiúil shlachtmhar
Is deas an dóigh de bhean í, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirthi. Go dtuga dia fear mór maith di agus is maith an oidhe uirthi é
TUILLEADH (1) ▼
Is breá deas an dóigh d'fhear é ach a bhfeictheá gafa gléasta mar sin é. Ach ba dual dó an-slacht. Ní raibh sárú an athar le fáil, bhí sé chomh slachtmhar sin
2.
caoi, bealach, deis, riocht, staid, bail, beart.
a.
+–
Cén chiall an ea? Robáladh ann mé. Ba mhaith an scéal dom nach raibh ag gabháil liom ach seicín deich scilleacha agus sprus eicínt airgid rua. Dhá mbeadh, ghabhfadh an bhail chéanna air agus a chuaigh ar an méid sin. Tugaimse G. don diabhal. Déarfá nár mhaith an dóigh dhom a dhul ann aríst.
Is minic a chuala tú "Fuair sé an oiread dhe, agus a fuair an bacach d'Inis Ní". B'olc an dóigh don bhacach é a chastáil go hInis Ní. Tugadh sáile bruite dhó ann adeir siad
TUILLEADH (37) ▼
Más ag iarraidh móna atá sé is dona an dóigh dhó a theacht anseo anois. Níl caorán ann nach bhfuil díolta. Breá nach dtáinig sé níos túisce sa mbliain nuair a bhí greadadh di suas ansin ar chuile chnocán, agus gan fear a fiafraithe ann
Má tá sé sin imithe soir, ba mhaith an dóigh a dhul soir ina dhiaidh. Beidh ól in aisce dhá thóint ar dhaoine inniu. Tá an fiúntas ann, nuair a thosaíos sé
Ba mhaith an dóigh (beart, plean) a dhul amach anois agus a bheith roimhe ag an iothlainn agus caitheamh leis. Ní thomhaisfeadh sé go brách go mbeadh ábhailleacht ar bith mar sin ionainne. Leagfadh sé ar an gcuingir eile é — ar Sh. agus ar T.
Níl a fhios agam arbh olc an dóigh chor ar bith a dhul ar meath inniu. Déanfaidh sé an-lá farraige. Tá roinnt mhaith curachaí amuigh. Mura bhfuil aon chruóg eile ort, buailfidh muid amach … Shílfeá go bhfuil brath agat loiceadh. Do chomhairle féin a mhic ó
B'ait an dóigh bualadh suas ag an teach amárach má bhíonn an seanbhuachaill imithe. D'fhéadfadh duine a bheith ag baint corrscealpóg as Máirín de réir a láimhe. Ba bheag an locht a gheobhadh sí air ach oiread cheapfainn. Tá sí sách bainte amach, ach nach ligeann an faitíos di cor ná car a dhéanamh ag a hathair
Sílim go mba mhaith an dóigh do dhuine trí nó ceathair de bhoscaí móna a tharlú anuas chuig an teach a fhad is atá an aimsir seasta mar seo. Ní fheicfidh tú seachtain ó inniu go mbeidh airde sneachta ar an talamh, agus ní bheidh sé inrásta ag tada a dhul 'na phortaigh ansin. Tuairt shneachta a thiocfas as an bhfuaraíocht seo
Níor dhona an dóigh chor ar bith anois dúinn na bruachannaí a leagan as láimh. Is gearr go bhfeice tú meall feamainn dearg sa gcladach agus ní hin é a (ár) dtráth a bheith ag leagan bruachanna. Feictear dhom nach bhfuil am ar bith is cóiriúla lena leagan ná ar an aimsir seo
Ba mhaith an dóigh dhuit a Bh. má tá an siopa romhat, a bheith ag dul ann anois, agus gan an oíche a ligean ort féin aríst. Níl siar ná aniar sa lá anois. Ní féidir go bhfuil na scoláirí beaga sa mbaile. M'anam muise má tá nach mór duit a bheith ag cur bealadh faoi t'ioscadaí
Níor dhona an dóigh do dhuine cupla péire de na clogs sin a cheannacht fhad is atá siad fairsing. B'fhéidir gob (gurb) é an chaoi a mbeadh sé ar ball go mbeadh muid gan Murchadh gan Mánas. Dhá dhonacht iad, is fhearr iad ná imeacht cosnochta
Ba mhaith an dóigh do Ph. Ph. í a phósadh anois. Tá teach agus geadáinín talúna aici, agus dheamhan achar ar bith go mbeidh sí ag fáil an phinsean. Mullach an diabhail dó, nach bhfuil sí sách maith aige, má tá aois féin uirthi. Dar príosta is maith aibí an seanpháiste é P. féin feasta choíchin.
Is dona an dóigh dhó a dhul ag turnae (aturnae) faoin scéal mura bhfuil fianaisí (fianaise) aige thairis sin air. Tá sé breá go leor a bheith ag caint anseo ar leic an teallaigh, ach níl sé chomh réidh sin ceart a bhaint den bhreitheamh ná de na dlíodóirí a bhíos ansiúd. Chabálfaidís thú ar iontú an tsoip
Meas tú a Sheáin, nár mhaith an dóigh do chaon duine againn bogadh amach ag tóraíocht mná an Inid seo. Dar príosta sílim féin nach mbeadh de chailleadh air. Gabhfaidh muid i dteach eicínt a mbeidh beirt deirfiúr ann, agus fágfaidh mé an ceann is óige agatsa ach cuid den spré a thabhairt dom
Is suarach an dóigh do dhuine ar bith a bheith dhá mharú féin ag dul suas agus anuas ansin dhá cheann de ló ar scáth coróinín airgid. Ach tá sé sách maith ag an dream atá sásta leis: i leaba gan buille amháin a dhéanamh go bhfaighthí hocht nó naoi de scilleachaí sa ló. Níorbh é luach do shláinte é an méid sin féin, ach b'fhearr é ná an chaoi a bhfuil sé faoi láthair
Ba mhaith an dóigh anois don triúr againn a dhul agus greim a ithe. B'fhéidir nach mbeadh sé chomh héasca dhúinn a fháil aríst. Ní beag dhúinn a bhfuil romhainn agus gan gearradh ocrais a bheith orainn ar ball
Déarfá nárbh olc an dóigh é a Sh. Dheamhan smid bhréige agat ansin. Seolaidh libh mar sin. Cá ngabhfaidh muid? Áit ar bith is túisce againn. Mar a chéile an ball séire agus a ghiolla anseo. Níl maith ar an deoch i gceachtar acu thar is a chéile
Is deas an dóigh do dhuine chuile shórt dhá bhfeilfidh dhó a bheith aige fhéin, agus gan a bheith ag iarratas ar chuile dhuine eile. An té a bheas, beidh sé ar deireadh
Ní deas an dóigh do dhuine a leithide sin de chleas a dhéanamh, an deas? Ach is cuma le cuid de na daoine
Is gránna an dóigh do dhuine ar bith bail mar sin a chur air fhéin le ól. Ní fhaighim meabhair ar bith cén chaoi a bhféadann daoine an oiread sin a ól. Shílfeá go dtiocfadh sé ina n-aghaidh
Is deas an dóigh do ghearrchaile ar bith a bheith lách cuibhiúil agus fios a bealaigh agus fios a labhartha a bheith aici. Ach is mór dhíobh nach bhfuil sin acu ar an saol seo. Tá an saol ag teacht an-aisteach ar aon chor
Nár dheas cuibhiúil an dóigh dhuit a theacht abhaile mar a rinne chuile fhear istigh ar do bhaile agus gan a bheith ag loiceadóireacht soir ansin ag caitheamh do chuid airgid ar shuaracháin. Ach mo chreach mhaidne, is tusa féin nach bhféadfadh an chuibhiúlacht a dhéanamh. Níor thug tú abhaile leat é
Níor chuibhiúil an dóigh d'aon bhean tosaí ag broimseálacht mar sin os comhair lán tí. Ach is cuma leis an rúisc siúd céard a dhéanfas sí. Dá mba mise a fear bheinn ag gabháilt uirthi an fhad is a gheobhainn teas ina craiceann
Dar leat, níor dheas an dóigh dhom é, ach ní raibh neart agam air. Chaithfinn treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh, agus rinne mé an rud a shíl mé a bheith ceart
Bhí mé ansin ag fanacht agus ag síorfhanacht, agus gan í ag teacht. Níor dheas an dóigh dhom é, ach ní raibh aon ghair agam corraí ina dhiaidh sin. Dá bhfaigheadh sí imithe roimpi mé, bhí mo chosa nite
Is gránna an dóigh do dhuine a leithide de chleas thútach a dhéanamh, ach nuair nach raibh iontu féin ach an tútaíl, nach gcaithfinn cam in aghaidh an chaim a thabhairt dóibh. Dá mbeadh breith ar m'aiféala agam aríst ní dhéanfainn é, ach ní raibh
Ní maith an dóigh d'aon duine araoid a chur ar shagart. Bíonn sé in aiféala faoi dheireadh thiar thall. Dream iad sagairt nach bhfuil agat a bheith mór ná beag leo ach a gcuid a chaitheamh acu, agus gan thairis sin de chaidéis a chur orthu. Breathnaigh ar bhean D.
Ní maith an dóigh dhuit a dhul amach sa mbáistigh sin. Beidh tú in do líbín, beidh sin
Ní maith an dóigh di é, má rinne sí leathchuma ar na dílleachtaí. Ní cheideonaí liom ar a dtiocfaidh agus ar a dtáinig leithphínn rua a chur as dóibh. Bheadh faitíos orm go n-agródh Dia orm é
Ní maith an dóigh do dhuine ar bith aon phlé a bheith aige leis an bpoitín. Théis a ndearna an misinéara d'eascainí agus de mhionnaí móra air. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag breathnú air ag caitheamh na croise. Bhí mé ag eitealla leis an scanradh a bhí orm
Ní maith an dóigh dhuit, a lao, a bheith amuigh mar sin do do dheallrú féin leis an bhfuacht i gcaitheamh na hoíche, agus thú do do shníomh le rachtannaí casachta ar feadh na hoíche aréir. Is beag an aird a thug tú orm nuair a ghlaoigh mé ort tráthnóna
Ní maith an dóigh d'aon duine a bheith amhrasach mar sin. Peaca mór é peaca an amhrais. Murab é an chaoi a bhfuil sé, mar adeir an fear fadó, go síleann gadaí na gcruach gur gadaí é an slua
Dúirt mé liom féin nár mhaith an dóigh dhom imeacht ar bholg folamh, agus dhá mhéad doicheall dá raibh romham, go bhfanfainn go bhfeicinn an dtairgfí aon ghreim le n-ithe dhom. Tairgeadh agus mo sháith.
Is dona an dóigh d'fhear ar bith a bheith ag soláthar ban ar an aimsir seo. Deir tú le mac S. Th. Sh. a chonaic mé ag teacht isteach ag an aifreann inniu, agus cuisne sheaca ar a bhráid. Tá mé ag ceapadh go raibh sé amuigh i gcaitheamh na hoíche aréir. Dá mbeinn d'uireasa mná le mo mharthain, dheamhan mo chois clí (chlé) ná dheas a chuirfinn amach dhá n-iarraidh macasamhail na hoíche aréir
Is dona an dóigh dhuit muis a dhul 'na phortaigh inniu. Tá an lá sa gclaí. Beidh tú báite go craiceann ach a mbeidh tú sa mbaile
Is dona an dóigh a dhul ag spré ithreach ar an mbáistigh seo. Coirce ar bith a chuirfear leithide an lae inniu, is coirce gan cur é. Tá an ithir ina leic
Ní maith an dóigh d'fhear ar bith a shláinte a chailleadh le fánaíocht mar sin. Is mór adéarfá le duine a bheadh antlásach agus nach mbeadh aon bheann aige ar an drochlá, ach dheamhan neart a bhíos aige air go minic. Ach an té a thabharfas fliuchán agus amlua dó féin le siléig, is beag an scéal é, hé brí céard a éireos dó
B'olc an dóigh a dhul amach anocht dhá bhféadadh duine fanacht istigh
Is olc an dóigh araoid ar bith a chur air sin. Tá sé an-daidhciúil
+–
'Sílim nach dóigh rómhaith dhuit fuireacht anseo,' arsa mise. 'Deamhan a fhios agam an dóigh rómhaith é ach oiread,' arsa seisean. ''Sé an rud is lú a gheobhadh duine ann fuacht, agus b'fhéidir go bhfaigheadh sé gleadhradh buailte, mura mbeadh sé ar a aireachas féin'
Ní dóigh rómhaith a bheith i dtuilleamaí talúna ar an aimsir seo, scáth a bhfuil beithígh ag dul. Tá siad an-mhór anuas ar ala na huaire. Ach b'fhéidir dóibh feabhsú amach anseo i dtús féir. Mura bhfeabhsaí, beidh na daoine in ainriocht
TUILLEADH (1) ▼
Ní dóigh an-mhaith a bheith i Londain faoi láthair. Tá an V2 ag teacht anuas ina ceathannaí. Níl aon dochar in áit ar bith eile i Sasana ach ansin amháin, ach cé beag a dhonacht. Is i Londain is mó atá muintir na háite seo
b.
braiteoireacht, idir dhá chomhairle.
+–
Áit dheas ar dhóigh é ─ ar mhodh, ar bhealach
Duine lách ar dhóigh é, ach is deacair bun ná barr a fháil air scaití. Ach níor de Chlainn Mhac C. é mura mbeadh sé mar sin. Bhí an aistíl ag imeacht leo fréna chéile
TUILLEADH (2) ▼
Teach breá ar dhóigh é, ach tá sé an-tais istigh ann. Níl a fhios agam nach bhfuil a chuid adhmaid críon freisin. 'Sé a chosúlacht é ar aon nós
Tá sé sách gnaíúil ar dhóigh. Dheamhan fear níos gnaíúla le castáil dó i dteach ósta, an té a mbeadh aon bheann aige air. Ach creagaire corónta é le dhul ag déanamh margaidh leis
c.
+–
D'fhéach sé dóigh agus an-dóigh leis an rud a dhéanamh agus chinn air théis a dhíchill ─ d'fhéach sé na húdraí agus na heádraí; rinne sé gach uile mhíle ní a d'fhéadfadh duine a dhéanamh; níor lig sé ní ar bith ar lár lena chúis a chur i gcrích (deirtear dóite agus an-dóite nó dóigh agus athdhóigh freisin)
Níor fhága sé dóigh ná an-dóigh gan féachaint ach sin é a raibh dhá bharr aige. Chinn air dubh is dubh é a fháil ─ rud a bhí ar iarraidh
TUILLEADH (6) ▼
Níl dóigh ná an-dóigh nach bhfuil traíáilte aici le fear a fháil, ach chinn uirthi aon duine a fhostú fós. Tá sí ag iarraidh a liodán a chur in P. Sh. anois, ach ní faoi chearc a ligeadh P. amach ach an oiread le duine
Bhí dóigh agus an-dóigh oibrithe acu leis an mótar, ach cor ná car ní raibh siad in ann a bhaint as nó go dtáinig mac D. Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach é a oscailt, breith ar wireín beag, lúbadh a bhaint as, agus deirimse leatsa nárbh é an t-achar ab fhaide go raibh sí ag geonaíl. Namhaid í an cheird gan a foghlaim ina dhiaidh sin
Féach dóigh agus andóigh leis agus má chinneann ort, níl agat ach a thabhairt ag mechanic. Ach feictear dhomsa — 'sé mo scil ann é, arsa tusa — go mba cheart go dtiocfadh sé isteach gan stró ar bith ann leis an mol sin a liocadh anuas. Céard eile atá lena bhacadh. Ní léir domsa go bhfuil ar aon chor
Beannacht Dé dhuit! Bhí sé chomh maith ligean dó. Tá a chuid scoile sin ar iarraidh anois. Féachadh dóigh agus an-dóigh leis, ach b'aon mhaith amháin é. Buaileadh dual na droinne air, fuair sé éadach nua; bicycle, sweets, chuile mhíle rud. Ghabhadh sé ann lá nó dhó, ach ghlacadh sé an ghráin ansin uirthi aríst, agus do cheann fine ní chuirfeadh amach é. Bhí S. ag rá go ndíbreodh sé amach ar an móin i mbliana é agus go mb'fhéidir go múinfeadh sin é
Thóraigh sé dóigh agus an-dóigh ag iarraidh mná agus chinn air aon bhean a fháil, théise sin
Tá dóigh agus an-dóigh tóraithe agam agus gan é faighte agam théis mo thrioblóide. Ní mé beo cá leagfaí é? Mura bhfuil aon tuairisc ag N. air, beidh sé gan fáil
+–
An bhfeiceann tú an cliobaire sin thoir ag P. Dh. Tá dóigh agus athdhóigh féachta aige ag iarraidh posta a fháil, ach dhá bhfeictheása fhéin an aird atá ag daoine air sin. Dheamhan aird muise ach an oiread is a bheadh acu ar mhadadh beag, ná an oiread sin féin scaití
Chinn dóigh agus athdhóigh orm. Céard a dhéanfas mé anois? A fhágáil ansin nó go dteaga fear eicínt níos stuama ná mé féin lena láimhseáil. Tá mise sáraithe aige
TUILLEADH (1) ▼
D'fhéach sé chuile ortha — dóigh agus athdhóigh — le cluain a chur ar an mbean, ach thug T. J. uaidh í ina dhiaidh sin agus uileag. Shaothraigh chaon duine acu go maith í — shaothraigh sin. Ach níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Níl aon straoill de bhean ag teacht isteach ag an bpobal is mó ná í inniu, ainneoin an giodam a bhí fúithi agus í ina cailín óg
·
Traíálfaidh sé dóite agus an-dóite anois lena chur ag obair. Is crua an cás é má chliseann air. Tá sé ag méirínteacht agus ag fiddleáil leis le ráithe, ach chinn air aon cheart a bhaint dó fós … Deis le aghaidh solais atá sé ag iarraidh a dhéanamh
d.
deis, ligean, seans.
+–
Níor thug mé an dóigh dhó (ní bhfuair sé an dóigh) ─ duine a bheadh ag iarraidh rud nó ag tnúthán le rud a fháil agus nach bhfaigheadh é, nó aon ugach faoi
D'iarr sé an bhean ceart go leor, ach níor éirigh leis. Ní bhfuair sé an dóigh. Ar ndóigh dheamhan cuma ar bith a chuir sé air féin ar aon chor: a theacht isteach ar meisce i dteach gnaíúil ar bith an tráth sin d'oíche!
TUILLEADH (13) ▼
M'anam nach bhfuair, ná nár thug mé an dóigh dhó. Nuair a chuirfeas sé abhaile a bhfuair sé d'oird agus de gheanntrachaí anseo, b'fhéidir go bhfaigheadh sé an gró an uair sin, ach ní mó ná sin é. Tá sé sin in ann a chuid a iarraidh go maith. Dhá mbeadh sé leath chomh gasta dhá chur ar ais agus atá sé dhá iarraidh, dheamhan a mbeadh basctha dhó
Ní bhfuair mé an bicycle, agus ní bhfuair mé an dóigh. Tá sé siúd chomh daoithiúil lena bhfaca tú ariamh. Dhá gceapadh sé go mba rud é a dhéanfadh leas dom choinneodh sé uaim é d'aon uaim amháin. Ní hé ba mheasa ach mise a chuaigh dhá iarraidh air agus a fhiosacht dom nach bhfaighinn é
Sin é ar dhúirt sé mar níor thug mé an dóigh dhó. Cén chaoi a bhféadfainn? A dhul ag scaradh leis an gcarr a theastaíos uaim péin chuile mhíle lá sa tseachtain lena thabhairt dósan. Dhá ghaireacht do dhuine a chóta, is gaire ná sin dhó a léine, ina dhiaidh sin féin
D'fhéachfadh sé lena theacht isteach dhá bhfaigheadh sé an dóigh ach ní bhfuair. Ní raibh mé dhá iarraidh. Sháródh sé muid ceart críochnaithe. Cén bhrí, ach ní chuirfeadh an tubaiste ag imeacht é ó dhéanfas sé teanntás in áit
Is umhal éasca a thiocfadh sé linn ach níor thug mé an dóigh dhó. Tuige an dtabharfainn. Bailíodh leis anois, agus téadh sé sna curachaí a raibh sé iontu le bliain. Mura raibh muide sách maith aige leis an fhad seo, níl muid sách maith inniu aige ach oiread
Níor thairg sé tada uirthi, mar nach bhfuair sé an dóigh. D'iarr mise chúig phunt is dá fhichead ─ níor fhéad sé tada a thairiscint ar an gcapall. D'iarr mise an iomarca le go bhféadfadh duine ar bith tada a thairiscint dom
Ní bhfuair muid an dóigh le suí síos ariamh
Níor shuigh mé síos mar ní bhfuair mé an dóigh. Dhá gcastaí duine ar bith thart ann a dtiocfainn ag seanchas leis, ach níor casadh. Áit an-chúlráideach é
Chaithfinnse dhíom é sách gasta, ach ní bhfuair mé an dóigh. Bhí mé ag airdeall agus ag síor-airdeall oraibhse agus dá bhfeicinn sibhse ag cur cor ar bith dhaoibh, is maith éasca a ligfinnse mo cheann féin go talamh
D'inseoinn dó é, ach ní bhfuair mé an dóigh. Bhí brat acu timpeall air, agus ní chloisfeá méir i gcluais lena raibh de chlabaireacht agus de shioscadh acu. Shílfeá freisin go raibh sé de bheith orthu fanacht ansin nó go n-imíodh seisean. Bhí mé le buile agus le báine, ach d'fhéad mé fuarú sa gcraiceann céanna ar théigh mé ann, ar scáth a raibh d'aird acu siúd orm
Má fhaighimse an dóigh, bainfidh mé deatach as, ach is mór m'fhaitíos nach bhfaighead. Tá sé an-airdeallach le gairid, agus lig sé faoi go mór sa nglaomaireacht thar is mar a bhí sé. Measaim go mbraitheann sé nach bhfuil aon iarracht fanta ag na daoine air, agus nach mór dó a bheith ar a shon féin feasta
Dá bhfaighinn an dóigh bheadh sí sactha isteach agam, ach ní bhfuair. Fhóbair mé do dhó beag a leanacht, ach ba mhór liom a dhul ag cur cuileata amú le cáirtín chomh héidreorach. Is deacair tada a dhéanamh le cuileata aonraic
Rinne sé é, agus 'sé a fuair an dóigh. Dar príosta, dhá ligeadh sé uaidh é, ní bheinn geal dó aríst go brách. Is fada a theastaigh an iarraidh sin anois ón dream eile
3.
barúil, dearfacht, cinnteacht, fírinne.
a.
+–
'Sé mo dhóigh gurb é atá ann ('Sé mo mhórdhóigh gurb é atá ann) ─ tá mé dearfa, nó cinnte gurb é atá ann
'Sé mo dhóigh nach dtiocfaidh sé ó tharla nach bhfuil sé anseo cheana
TUILLEADH (4) ▼
'Sé mo mhórdhóigh gurb éard a dhéanfas sé anois greadadh leis ar fad. Ní ghéillfeadh sé choíchin di faoin rud sin
'Sé a dhóigh agus a mhórdhóigh nach ndéanfaidh an mac aon rath, théis nach bhfuil aon duine sa tír is críonna ná é
'Sé mo dhóigh muise gurb é. Murab é, cé eile a dhéanfadh é. Níl a fhios agamsa
'Sé a dhóigh gurb in é an chaoi a mbeidh sé. Deile. Nach gearr an bás ón seanriadaire údaí eile
+–
Rinne sé dóigh dhá bharúil ─ ní raibh aige ach tuairim faoin scéal. Ní raibh sé cinnte, ach rinne sé fírinne den tuairim, agus rinne sé beart mar dhóigh de go raibh an scéal murab áil leis féin é a bheith
Dúirt na buachaillí báire leis ag saighdeadh faoi, go raibh an bhean mór leis. Diabhal easna dhó nach ndearna dóigh dhá bharúil, agus nach mbuaileann soir dhá hiarraidh. Ar ndóigh mo léan ní bhfuair sé ach bonnaíochaí
TUILLEADH (5) ▼
Is olc an rud dóigh a dhéanamh de do bharúil. Nach maith atá a fhios agat gurb é a ghoid í. An bhfaca tú é? … Cén chaint sin ort mar sin. Nach feasach duit, dhá gcloiseadh sé an chaint sin in do dhiaidh, go mb'fhéidir gur dlí a d'fháiscfeadh sé ort. Ar adharca a bheirtear ar na ba, agus ar theanga ar na daoine
Bhí mé in éindí le fear aréir! Nach maith éasca leat dóigh a dhéanamh de do bharúil. Shíl tú má chonaic tú ag dul amach ar cuairt mé, nach bhféadfainn a bheith in áit ar bith ach in éindí le fear! Ba bheag an baol orm muis
Ní maith an rud do dhuine dóigh a dhéanamh dhá bharúil, nó go mbeidh sé fíorshiúráilte faoi rud. Chonaic mé S. Ph. Mh. ag teacht aniar na Ch. ansin thíos oíche ag an dó a chlog. Goideadh caora an oíche chéanna ó Sh. Mh. N. Rinne mé féin dóigh de mo bharúil nuair a chuala mé faoin gcaora agus gan de chomharthaíocht agam air ach an méid sin. Bhí mearbhall mór orm. Thiar tigh S. Sh. a bhí S. P. Mh. agus ciontaíodh L. Th. faoin gcaora ina dhiaidh sin
Is gránna an chaoi dhuit a bheith ag déanamh dóigh de do bharúil mar sin. Cá bhfios duitse an raibh aon láimh aige sa bhfear ariamh. Ní fhaca tusa é. Agus an dream a bhí in ainm is é a fheiceáil, ní raibh a gcuid cainte i gclár ná i bhfoirm nuair a ceisníodh iad. Níl a fhios againne cé a mharaigh é. Diúltaí muide dhó!
Cuirfidh tú isteach an féar amárach. Nach maith atá a fhios agat go mbeidh an lá in araíocht féar a chur isteach. Dheamhan fios muis, ach ag déanamh dóigh de do bharúil. B'fhéidir gur ag cur sceana gréasaí a bheadh sé. Is críonna an té adéarfadh, nó go dteaga an lá i dtosach. "Ná creid feannóg ná fiach" adeir siad
b.
·
Mar dhóigh de (Fuaim ─ mar-ó-ia, comhbhéim beagnach ar gach siolla. Bíonn béim le cois ar ia scaití) ─ fearacht is dá mbeadh; ag ligean air fhéin go raibh; in ainm is go raibh
+–
Tá sé ag obair mar dhóigh dhe. Tá muis. Sin í an obair eile!
Is máistir scoile é an mac aici mar dhóigh dhe. Sea go deimhin! Bíodh sé buíoch más buachaill aimsire é in áit eicínt thart síos
TUILLEADH (14) ▼
Is duine an-stuama é mar dhóigh dhe. Ní thabharfainn an tsráid le deasú dhó
'Sé a rinne an bord siúd ann mar dhóigh dhe. Is furasta dó a rá gurb é, nuair a 'speáin máistir an Tec chuile shórt dó
Dhéanfadh sé cat agus dhá rioball mar dhóigh dhe, ach ní fheiceann muid gníomh ar bith déanta aige ina dhiaidh sin. Is beag dhá chuid gaisce é
Fuisce a bhí sa mbuidéal mar dhóigh dhe. Ba ea: ainm fuisce. Ach bhí sé baiste go maith
Ní abródh sé féin tada mar dhóigh dhe. Ise a bhí dhá rá uileag, má b'fhíor dósan. Ach dheamhan cailleadh a bhí ar a theanga féin — ná cailleadh ar bith
Mar dhóigh de nach ndéanfadh sí é. Beannacht Dé dhuit! Dhéanfadh, agus 'sí a bhí deas air!
Lig dom ar son Dé ort! Mar dhóigh dhe nach ar aimsir a bhí sí chor ar bith! Sea, tá sí buille beag ró-ardnósach le bheith ar aimsir
Mar dhóigh de nach raibh láimh ar bith agatsa ann. Is deas uait thú féin a shaoradh agus chuile dhuine eile a dhaoradh. Ba tú an ceann feadhain orthu uileag
Céard adeir tú? … Mar dhóigh de nach raibh spéis ar bith agatsa a dhul in éindí léithe, ach gurb ise a chuir an chluain ort. Inis é sin anois d'fhear adhartha. Bhí déidín tite agat ar feadh na hoíche go mbeifeá in éindí léithe
Théaltaigh sé soir taobh istigh de chlaí nó gur bhailigh sé an t-ard. Amach leis ansin ar an mbóthar aríst, agus anoir, agus port feadaíola crochta aige, agus é chomh sonnta agat, mar dhóigh dhe agus nach raibh sé sa mbulc chor ar bith roimhe sin. Ach bhraith an sagart go maith é, agus d'ionsaigh sé é ar bhall na háite
Thosaigh sé do mo cheisniúsa os comhair an phóilí, mar dhóigh dhe agus nach raibh sé féin ann chor ar bith. Sin é an cluanaí agat. Ach ní liomsa ab fhaillí é. 'An gcuimhníonn tú,' arsa mise, 'an t-am a raibh an bheirt againn ag binn an sciobóil?' Ba in é an gléas air
Tá sé sin ag fáil fuíoll na bhfuíoll mar dhóigh dhe go bhfuil tinneas eicínt air. Dheamhan ceo muis, ach an oiread is atá ormsa, ná a leathoiread sin féin
Tae é mar dhóigh dhe, ach is mór m'fhaitíos, nach gcoinneoidh sé duine ar bith ó chodladh san oíche
D'iarr sé braon fíona mar dhóigh dhe nach bhfuil sé ag ól, agus go n-ólfadh sé an chloch íochtair de Ghaillimh. Ach bhí leisce air a ól os comhair an tseanlánúin ina dhiaidh sin. Ach ba aon chás amháin dó é. Is maith atá a fhios acu sin céard is cor dó
4.
+–
Chuaigh an scéal chomh mór sa dóigh agus go mb'éigean dó imeacht ─ chuaigh sé chomh géar sin air; chuaigh sé ar an scian is géire air; chuaigh sé in aimhréidh air; bhí sé i dteannta faoin scéal (tá an sampla seo sa gcnuasach faoi dóigh agus samplaí mar é. B'fhéidir go dtuigfí as sin gur /dō/ is fuaim dó agus an chiall seo leis, ach ní hea ach /dōə jə/, fearacht is dá mba dó-i-dhi é ach nach bhfuil an i lár báire róbharainneach)
Chuaigh an rud chomh mór sa dóigh air, agus gur éirigh sé as ar fad. Nach raibh sé chomh maith dhó ar aon chor, scáth a mbeadh dhá bharr aige sa deireadh
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ag dul sa dóigh air anois. Cinnfidh air an cheist a fhuascailt
Ó chuaigh an pósadh chomh mór sin sa dóigh air, bhí sé chomh maith dhó an rud a rinne sé a dhéanamh: éirí as ar fad. Bhí lomlán an chirt aige
dóigh in iontrálacha eile (50+)
→
athfhéar
Shílfeá go bhfuil athfhéar anseo istigh agat. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceannfhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil sé breoite ó ól an lae inné
+
→
faiteach
Ná bac le cur ar a shon fhéin a bheith in Seán. Tá sé rófhaiteach. Dhá ndeirtheá leis gur mharaigh sé duine, ní ligfeadh an faitíos dó a rá nár mharaigh
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an stage dó. Bhí sé ina fhudar fadar. Tá sé rófhaiteach le aghaidh na ceirde sin. Níorbh fholáir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
+
→
faitíos
Tá sé ag teacht ina fhaitíos air anois de bharr a bhfuil daoine a chumadh dhó
TUILLEADH (7) ▼
Ní ligfeadh an faitíos dó féin druid a rá murach gur airigh sé an teannadh ar a chúl aige
Ní ligfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó thitfeadh oíche dhá bhfaigheadh sé Éire bronnta air
Bhain an t-ól an faitíos dhó (dhe)
Bí ar bheagán faitís roimhe! Ar ndóigh ní beann atá agat air?
Má tá an phian ag cothú air fós, tá faitíos orm dó — is faitíos liom nach ndéanfaidh sé aon mhaith; go mbásóidh sé
Tá faitíos orm dó gur goidte atá sé, nuair nach bhfuil sé san áit ar leag mé é
Murar thug sé sin aon ugach dó faoin inín, tá faitíos mo chroí orm dó nach bhfaighidh sé bean ar bith
→
fara
Ab é an seanbhicycle sin. Beannacht Dé dhuit agus caith ar an bhfara é. Ar ndóigh, ní thabharfadh sé sin trí choisméigeachaí na trócaire thú
+
Déarfainnse nach bhfuil earasbarr ar bith ag D. ar J. Tá an oiread airgid ag J. leis. Diabhal thiomanta pínn dó nach bhfuil!
TUILLEADH (2) ▼
Ní bheadh a fhios agat cé is fhearr ná is measa den bhratainn sin. Gach uile dhuine acu ag baint farasbarr dhá chéile. Agus ar ndóigh cár fhága tú an t-athair!
Sílim nach mar sin a bhí an luaidreán, ach ar ndóigh mo léan, b'uirthi siúd nach raibh an mhairg farasbarr a chur air
→
farúch
Bhí an t-urlár chomh fliuch sin aige agus go mb'éigean dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fána ag an uisce anuas ansiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rá go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chur faoi mar a chuireas muintir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nár speir sé é.
+
Ní fhéadfá gan dó bhoilg a bheith ort agus an feadhnach fuisce a d'ól tú inné.
TUILLEADH (1) ▼
Thug an leoraí feadhnach diabhalta móna leis. Chuir sé trí fhód de mhaolóig suas. M'anam nárbh fholáir dó sé phunt deich a thabhairt ar an leoraí úd: gur ag fear an leoraí a bhí an bhuntáiste ina dhiaidh sin
+
→
fearacht
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
TUILLEADH (9) ▼
Ní call duit a bheith ródhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortachsa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom ina bhogeimhin fhéin é ná é a bheith gan aon domhain ar nós na bportaigh atá againn anois
Dhá ndéanadh sé fearacht an rud a rinne sé cheana (fearacht mar a rinne sé cheana; fearacht cheana; fearacht an uair cheana), is mór a thabharfadh a mbeannacht dó. Rinne sé an grá dia an uair sin ar chaoi ar bith
Ólfaidh sé fhéin uilig é, fearacht an uair cheana. Dheamhan thiomanta deoir a fheicfeas aon duine go deo dhó (dhe) sin
Níor chuí dhó é a dhéanamh fearacht an scéil ar ball
A fhearacht siúd, bhí aige fanacht sa mbaile agus gan a dhul ann chor ar bith. Ní ann a d'fheil dó: fear pósta agus muirín air
Deir siad go bhfuil sé leis an leoraí a dhíol aríst. A fhearacht siúd, ba bheag an ghnaithe a bhí aige dhó luath ná mall
Chas bean an Ch. léithe é, a fhearacht siúd, nach mór a bhain bean an Ch. di. An iomarca fad a bheith ar a teanga ar ndóigh. Deile! Sílim muise nach róbhuíoch di fhéin atá sí as ucht bean an Ch. a tharraingt uirthi fhéin. Roinn sí an onóir léithe. 'Sí atá i riocht
Rinne sé muis. A fhearacht sin, b'fhearr dó gan bacadh leis (a fhearacht siúd) — b'fhearr gan a dhéanamh
Chaith sé deich bpunt ag dul ann agus ag teacht abhaile aríst. Ní raibh call ar bith dhó a dhul ann, a fhearacht sin (a fhearacht siúd) — ach an oiread le scéal, ní raibh call ar bith dó a dhul ann
→
fearann
Níl d'fhuílleach an cháca ach an méid sin. Beidh sé siúd ag gabháil le buile. Bíonn sé chomh goineach le carraera ar theacht ó chuairt dó chuile oíche. Is gearr air an fearann sin ar chaoi ar bith. Shílfeá go bhfuinfeadh sibh arán ó tharla nach raibh mé fhéin istigh
→
feasach
Thiocfadh dhó an ceart a bheith aige ach ní feasach mé air. Is iomaí rud a d'fhéadfaí a dhéanamh i ngan fhios domsa
+
→
feimín
Níl ar an ngamhain siúd ach feimín beag driobaill. Thit sé dhó (dhe) hé brí cén fáth é. Le truailleachas is dóigh
TUILLEADH (1) ▼
Nach beag an drioball atá air. Feimín beag. Tá sé bearrtha ag an gcuid eile dhó
→
feáin
Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin. 'Sé an chloch is faide siar ar a phaidrín é muis! Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é. Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
+
→
fiar
Má tá tú le portach nua a oscailt ansiúd i mbliana, tabhair fiar siar dhó i gcruth is go mbeidh ceann le fána ag an uisce
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh mé geall leat go dtabharfaidh sé fiar dó fhéin soir anois, agus gurb ón taobh thoir a ghabhfas sé isteach ann. Ar bhoird mar sin a theagas sé i chuile theach. Is dóigh gur briotais é atá aige
+
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcónaí i leaba droim díbeartha a chur air as an tír!
TUILLEADH (1) ▼
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
→
fiosacht
Ba bheag a bhí le déanamh agat ól a thabhairt dó sin agus a fhiosacht duit nach dtabharfadh sé fhéin deoir do Dhia shúlach
+
→
fios
Níor cheart dó láimh a leagan uirthi agus fios aige go mba feamainn scine í
TUILLEADH (8) ▼
Ar ndóigh ba cheart go mbeadh fios na rólachaí agatsa feasta. Tá tú sách fada ag dul go dtí oifig an dole ar chaoi ar bith.
Cén ghnaithe atá agamsa a dhul chun cainte leis? Ar ndóigh, ní fios mo labhartha atá agamsa le dhul chun cainte le sagart — ní bheadh a fhios agam céard adéarfainn leis; níl mo sháith foghlama srl. orm
Dhá mbeadh fios mo labhartha agamsa i mBéarla — rud nach bhfuil — thabharfainnse an teanga dhó, d'fheicfeadh sé féin air. Mura sonnta é!
Cén chaoi a mbeadh fios rúin ná broscair agamsa faoi t'asal. Ar ndóigh ní mise a bhain dó. Téirigh ar a thuairisc más breá leat
Ní bhfuair fios a ainme nó a shloinne; d'fhiafraigh sé fios m'ainme dhom, ach níor thug mé aon fhios dó air (faoi)
Ag iarraidh fios fúmsa a bhí sé. Breá nár inis tú bolg bréaga dhó?
Ná tabhair fios faoi thada dhó sin. An iomarca fios atá aige cheana
Taca an dó a chlog a tháinig fios ormsa
→
fliuch 2
Dheamhan méirín fhliuch a leag an máistir faoi dhó ariamh air agus chuaigh sí soir ag sciolladóireacht air ina dhiaidh sin. Sin í an mháthair agat: ag borradh le cantalóir de ghasúr. Is gránna é a ceird
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. 'Buailfidh mé fhéin faoi,' adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith.' Ach m'anam má rinne nárbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneoinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghártha ann agus an sruth i m'aghaidh