Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dóigheamhail
Aidiacht.
1.
slachtar, dathamhail, scéimheamhail, áluinn (Dúithche Sheoigeach, Iarthar Chonamara).
+
Cailín dóigheamhail í. Ach is feasach di sin
Is deas dóigheamhail an buinneán mná í, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirre. Ba dual di sin 'ar ndú'. Bhí a máthair féin amhlaidh
TUILLEADH (3) ▼
Ní fheicfeá cailín cho dóigheamhail léithe dhá gcuirteá slat ar pharáiste. Agus ba suarach an sramacháinín a d'eirigh léithe ins an deireadh, in a dheidh sin. Ní raibh lán do ghlaice ann, agus é cho snuighte, cho caithte, agus go sílfeá nach sáróchadh sé an tseachtain
Ba dóigheamhail an fear a bhí annsin in aois a fiche bliain, ach tá sé as a shlacht uilig anois. D'eireochadh dhó agus a ndéanann sé d'ól agus de ragairne. Ní thóigeann sé ceann ar bith as le gairid
Bean sáthach dóigheamhail ag fear ar bith í, mura bhfuil tú ag iarraidh spéir na gréine ar fad.
2.
muinghíneach as; measamhail air; neamh-spleadhach; bródamhail as; tugtharach do; práidhinneach as; tuilleamach as.
+
Ní bheadh aon-mhaith dhuit a dhul ag sárú tada air. Tá sé an-dóigheamhail as a cheapadh féin. Síleann sé nach bhféadfadh aonduine a bheith ceart ach é féin. Agus dhá bhfeictheá an cháir mhagaidh a bhíos air le droch-mheas ar 'chuile dhuine. Is géar a theastóchadh lascadh uaidh
Ní thaithneochadh an ceann céadna chor ar bith liom. Tá an iomarca cóirí catha aige agus é ro-dhóigheamhail as féin ar fad. Labhair mé leis an lá faoi dheireadh faoi shaor cloiche eicínt a thabhairt ag breathnú ar an mballa siúd atá sé a dhéanamh. Ba suarach an blas a bhí aige orm faoi go gcuimneochainn ar a leithide de rud. "Cé'n chúram saoir atá orm" arsa seisean. "Nach bhfuil mé féin indon balla a dhéanamh cho maith le saor ar bith"
TUILLEADH (6) ▼
Ná bac le duine ar bith a bhéas ro-dhóigheamhail mar sin as an rud a cheapas sé féin. 'Ar ndú' ní fhéadfadh duine ar bith fios a bheith aige ar 'chuile shórt. Cá bhfuigheadh sé é? Agus má theigheann sé aige sin, ní ins an árd-scoil a bhí seisean ach an oiread le ceachtar againn — ní h-eadh sin
Ná bí cho dóigheamhail sin asad féin a mhic ó. Níl fear dhá fheabhas nach bhfaightear fear a bharrtha. Is buachaill cruadh miotalach tú — bail agus beannú ort — ach ní taobh leat atá Éire in a dheidh sin. Rachainn-se faoi dhuit go bhfuighfí fear istigh ins an bpoll seo fós, nach bhfágfadh tada in do chomhnaí ionnad … M'anam go bhfuil siad ann
Deir siad go ngnothóchadh sé an rása sin gan stró ar bith marach cho dóigheamhail agus a bhí sé as féin. Shíl sé nach raibh rath ná ríoghacht leis an dream a bhí in a aghaidh, agus scaoil sé leo, nó go raibh an iomarca de thosach aca air, agus chinn air a scoth annsin. Is diabhlaí an bhail a chuir sé sin air féin — nach diabhlaí.
Tá S. seo thíos an-dóigheamhail de'n domhan as an gcliobóig d'inghin sin aige. Ní iarrfaidh sí a dhul amach go deo ag cuartaidheacht! Ní thaobhóchadh sí damhsaí ar bhás an domhain! Maidir le fir, bhí sé cho maith duit fuath-fíonnach a shamhailt léithe le fir! Sin é ráidhte an athar. Ach aire dhuit a Sh! Níl sé seachtain fós ó a chonnaic mise istigh ins an raithneach annsin thiar í le fear! Bíonn ciúin cionntach, adeir siad
Tá sé an-dóigheamhail go deo as an bpáipéar nuaidheachta. 'Sé an páipéar béal na fírinne. Ní bhíonn tada ins na páipéir ach rud a bhíos ceart. Agus nach mbíonn i leath na bpáipéir sin ach dearg-bhréaga. Ach ní ghéillfeadh sé a dhath dhuit
Tá sé cho dóigheamhail as a chuid fios féin agus dá mbeadh neach ag teacht chuige 'chuile oíche. Ní bheadh aon-mhaith dhuit cur in a aghaidh. Fág aige é má (dh)eireann seisean é. Sin é an bealach atá leis

Féach freisin