Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dóighiúil
aidiacht
1.
 slachtmhar, dathúil, scéimhiúil, álainn (Dúiche Sheoigheach, iarthar Chonamara).
+
Cailín dóighiúil í. Ach is feasach di sin
Is deas dóighiúil an buinneán mná í, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirthi. Ba dual di sin ar ndóigh. Bhí a máthair féin amhlaidh
TUILLEADH (3) ▼
Ní fheicfeá cailín chomh dóighiúil léithe dhá gcuirteá slat ar pharóiste. Agus ba suarach an sramacháinín a d'éirigh léithe sa deireadh, ina dhiaidh sin. Ní raibh lán do ghlaice ann, agus é chomh snoite, chomh caite, agus go sílfeá nach sáródh sé an tseachtain
Ba dóighiúil an fear a bhí ansin in aois a fiche bliain, ach tá sé as a shlacht uilig anois. D'éireodh dhó agus a ndéanann sé d'ól agus de ragairne. Ní thógann sé ceann ar bith as le gairid
Bean sách dóighiúil ag fear ar bith í, mura bhfuil tú ag iarraidh spéir na gréine ar fad
2.
 muiníneach as; measúil air; neamhspleách; bródúil as; tucarach do; práinneach as; tuilleamach as.
+
Ní bheadh aon mhaith dhuit a dhul ag sárú tada air. Tá sé an-dóighiúil as a cheapadh féin. Síleann sé nach bhféadfadh aon duine a bheith ceart ach é féin. Agus dhá bhfeictheá an cháir mhagaidh a bhíos air le drochmheas ar chuile dhuine. Is géar a theastódh lascadh uaidh
Ní thaitneodh an ceann céanna chor ar bith liom. Tá an iomarca cóirí catha aige agus é ródhóighiúil as féin ar fad. Labhair mé leis an lá faoi dheireadh faoi shaor cloiche eicínt a thabhairt ag breathnú ar an mballa siúd atá sé a dhéanamh. Ba suarach an blas a bhí aige orm faoi go gcuimhneoinn ar a leithide de rud. 'Cén chúram saoir atá orm,' arsa seisean. 'Nach bhfuil mé féin in ann balla a dhéanamh chomh maith le saor ar bith'
TUILLEADH (6) ▼
Ná bac le duine ar bith a bheas ródhóighiúil mar sin as an rud a cheapas sé féin. Ar ndóigh ní fhéadfadh duine ar bith fios a bheith aige ar chuile shórt. Cá bhfaigheadh sé é? Agus má théann sé aige sin, ní san ardscoil a bhí seisean ach an oiread le ceachtar againn — ní hea sin
Ná bí chomh dóighiúil sin asat féin a mhic ó. Níl fear dhá fheabhas nach bhfaightear fear a bharrtha. Is buachaill crua miotalach tú — bail agus beannú ort — ach ní taobh leat atá Éire ina dhiaidh sin. Rachainnse faoi dhuit go bhfaighfí fear istigh sa bpoll seo fós nach bhfágfadh tada in do chónaí ionat … M'anam go bhfuil siad ann
Deir siad go ngnóthódh sé an rása sin gan stró ar bith murach chomh dóighiúil agus a bhí sé as féin. Shíl sé nach raibh rath ná ríocht leis an dream a bhí ina aghaidh, agus scaoil sé leo nó go raibh an iomarca de thosach acu air, agus chinn air a scoith ansin. Is diabhlaí an bhail a chuir sé sin air féin — nach diabhlaí
Tá S. seo thíos an-dóighiúil den domhan as an gcliobóig d'inín sin aige. Ní iarrfaidh sí a dhul amach go deo ag cuartaíocht! Ní thaobhódh sí damhsaí ar bhás an domhain! Maidir le fir, bhí sé chomh maith duit fuafíonach a shamhailt léithe le fir! Sin é ráite an athar. Ach aire dhuit a Sh! Níl sé seachtain fós ó chonaic mise istigh sa raithneach ansin thiar í le fear! Bíonn ciúin ciontach adeir siad
Tá sé an-dóighiúil go deo as an bpáipéar nuaíochta. 'Sé an páipéar béal na fírinne. Ní bhíonn tada sna páipéir ach rud a bhíos ceart. Agus nach mbíonn i leath na bpáipéir sin ach deargbhréaga. Ach ní ghéillfeadh sé a dhath dhuit
Tá sé chomh dóighiúil as a chuid fios féin agus dá mbeadh neach ag teacht chuige chuile oíche. Ní bheadh aon mhaith dhuit cur ina aghaidh. Fág aige é má dheireann seisean é. Sin é an bealach atá leis

Féach freisin